Deir Seirbhís Thithe an Oireachtais go bhfuil sé i gceist tabhairt faoi ghníomhartha áirithe sa bhfómhar chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean, fostú tuilleadh Gaeilgeoirí ina measc.
Tá sé ina sprioc ag Tithe an Oireachtais oibriú “i dtreo Oireachtas dátheangach” agus deir Seirbhís Thithe an Oireachtais go bhfuil siad tiomanta cur lena cumas oibriú trí Ghaeilge.
Ach tá díomá léirithe ag polaiteoirí faoin easpa dul chun cinn atá déanta.
Bhí an Teachta Dála Catherine Connolly ina cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha a chuir tuarascáil le chéile maidir leis na bealaí a bhféadfaí úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc polaiteoirí agus foireann Theach Laighean. Cuireadh an tuarascáil ar aghaidh go dtí an Ceann Comhairle i bhfómhar na bliana seo caite ach dúirt Connolly le gairid nach raibh tada cloiste aici faoin tuarascáil ó shin.
Ar na moltaí atá sa tuarascáil, tá moladh go gcuirfí ceist bhreise i nGaeilge gach lá ar na hairí a bhí os comhair na Dála. Dúirt Catherine Connolly freisin go moltar gur chóir “múinteoirí pearsanta” a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus ansin go mbeadh tréimhse sa Ghaeltacht ar fáil “saor in aisce”.
Dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais le Tuairisc go bhfuil na moltaí a réitigh an ghrúpa stiúrtha sa tuarascáil i dteannta moltaí ó thionscnaimh eile a cuireadh ar bun le blianta beaga anuas. Ar na moltaí sin tá taighde comparáideach ar pharlaimintí dátheangacha, a cuireadh ar fáil i bPlean Gníomhaíochta Dátheangachais na Seirbhísé.
Tá an plean gníomhaíochta le cur faoi bhráid Bhord Bainistíochta na Seirbhíse nuair a fhillfidh an Dáil tar éis shos an tsamhraidh chun é a cheadú agus a chur i ngníomh. Tá foireann bhreise le hearcú freisin chun an plean a chur i bhfeidhm, a deirtear.
“Sa chomhthéacs sin, tá cinneadh glactha foireann de thriúr ball foirne breise a earcú a mbeidh freagracht orthu maidir le cur le húsáid na Gaeilge i measc phobal an Oireachtais agus faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh an Phlean Gníomhaíochta Dátheangachais,” a dúirt an t-urlabhraí.
Tá Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais ag éileamh le cúpla bliain anuas go n-earcófaí tuilleadh daoine le Gaeilge i dTithe an Oireachtais chun a chinntiú go mbeadh na seirbhísí céanna ar fáil don choiste i nGaeilge is atá ar fáil do choistí eile a fheidhmíonn trí Bhéarla.
Dheimhnigh an t-urlabhraí gur bhain cuid de na moltaí a rinne grúpa stiúrtha na Dála le nósanna imeachta Dháil Éireann.
“Cuireadh na moltaí sin faoi bhráid an Choiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála chun go ndéanfadh an Coiste sin breithniú orthu, agus tá siad ar chlár gnó an Choiste sin i gcónaí le breithniú tar éis shos an tsamhraidh.”
De réir taighde a rinne Tuairisc ar thaifead oifigiúil na Dála anuraidh, bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge.
Dúradh go raibh roinnt moltaí a bhain le nósanna imeachta an tSeanaid curtha faoi bhráid an choiste chuí freisin.
I dTuarascáil Bhliantúil Choimisiún Thithe an Oireachtais, a foilsíodh an mhí seo caite, dúradh go raibh an tSeirbhís “ag druidim de réir a chéile i dtreo na sprice go mbeadh foireann dhátheangach ar fáil ar fud a cuid rannán uile”.
Dúradh gur earcaíodh trí dhuine dhéag a bhí dátheangach mar bhaill foirne in 2023 ach dúradh gur “gur ard i gcónaí atá na riachtanais le haghaidh foireann le hinniúlacht sa Ghaeilge”.
Ar na 583 comhalta d’fhoireann na státseirbhíse a ghlac páirt suirbhé a scaipeadh anuraidh, dúirt 88 díobh (15%) go raibh sé ar a gcumas a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
D’fhreastail 346 ball foirne de chuid na Seirbhíse agus de chuid na gcomhaltaí i dTithe an Oireachtais ar ranganna Gaeilge anuraidh.
Fág freagra ar 'Breis foirne le hearcú i dTeach Laighean chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc polaiteoirí agus ball foirne'