Bhí mé ag siúl aníos ón mbád fartha nuair a chonaic mé an fógra. ‘HIGHWAVE’ ainm an tionscadail a bhí á fhógairt ar thaobh an fhoirgnimh. Ba chosúil go raibh obair thaighde de chineál éigin ar siúl in Inis Meáin a raibh baint aige le tonnta.
Cuirim suim i gcónaí in aon rud a bhaineas leis an bhfarraige. Léigh mé an fógra ach b’éigean dom a admháil nár thuig mé chuile fhocal de. Agus mé im’ sheasamh ansin ag breathnú air, an chéad rud eile, tháinig tarracóir beag timpeall an choirnéil agus léim beirt fhear amach as.
Shíl mé go ruaigfí as an áit mé toisc go raibh mé ag cur isteach ar obair eolaíochta éigin ach cuireadh fáilte roimh mo chuid fiosrachta.
Chuir an fear atá i mbun na hoibre é féin in aithne dom – Arnaud Disant as an Fhrainc ach atá ina chónaí in Éirinn le 27 bliain. Ba é Pat Ó Fatharta as Inis Meáin a leathbhádóir agus é ag tabhairt cúnamh d’Arnaud agus é i mbun a chuid obair eolaíochta.
Rinne mé coinne le Arnaud le labhairt leis arís ar an teileafón – ba léir go rabhadar sáite san obair an lá sin agus ní raibh mise ag iarraidh cur isteach orthu.
D’iarr mé air an tionscnamh a mhíniú dom, amhail is nach raibh aon chur amach ar an eolaíocht agam.
‘Tionscadal matamaitice é seo,’ a dúirt sé, rud a chuir iontas orm. ‘Tá sé bunaithe ar thonnta, ar chruthú agus ídiú na dtonnta.’ D’inis sé dom go mbaineann sé leis an mhatamaitic fheidhmeach – is é sin, mar a théann an mhatamaitic i bhfeidhm ar an domhan mórthimpeall orainn.
Sa mbliain 2019 a cuireadh tús leis an obair áirithe seo, ach mar a tharla le go leor, chuir an phaindéim moill uirthi.
Le cúig bliana anuas, tá Arnaud agus a fhoireann ag bailiú sonraí maidir le tonnta ar chósta an oileáin. Is innealtóir eisean agus mar a deir sé: ‘Is iad na hinnealtóirí na daoine a réitíonn na fadhbanna do na matamaiticeoirí toisc nach bhfuil na hionstraimí cuí acu siúd.’
Bailíonn siadsan na sonraí agus oibríonn siad mar fhoireann le lucht na hollscoile a dhéanann scagadh agus taighde orthu. Mar atá soiléir ón bpóstaer ar thaobh an tseid, tá roinnt dreamanna ag comhoibriú ar an obair thábhachtach seo. Is é an tOllamh Frédéric Dias, sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ceannaire an tionscadail agus institiúidí eile ar nós an école normale supérieure i bPáras agus MaREI i gCorcaigh páirteach ann freisin. Fuair siad tacaíocht airgid ón gComhairle Eorpach um Thaighde [ERC}.
‘Sa lá inniu bíonn algartaim [algorithms] gach áit agus go leor cainte fúthu,’ a dúirt Arnaud liom. ‘Dá mbeadh na ‘algorithms’ againn i gcomhair tonnta, bheadh muid in ann a réamhthuairisciú cén uair a tharlóidís, cén mhéid agus mar sin a bheadh sna tonnta.’
D’fhiafraigh mé de an raibh an obair dírithe ar fhuinneamh inathnuaite, nó ar chreimeadh talún nó rud éigin den sórt sin. ‘Tá agus níl,’ a dúirt sé go neamhbhalbh. D’inis sé dom gur féidir le dreamanna éagsúla úsáid a bhaint as na sonraí a bhailíonn siadsan. Tá sé mar choinníoll ag an dream san Eoraip (an ERC) a thug an deontas dóibh, go dtabharfar an t-eolas amach saor in aisce.
Agus cén fáth Inis Meáin?
Bhí ‘sonraí fíor-ama’ ag teastáil ó Frédéric agus bhí aithne aige ar shaothar Arnaud. Thosaigh siad ag fiosrú na n-oileán timpeall ar an gcósta. D’eagraigh siad cruinnithe poiblí agus mhínigh an obair don phobal. Cé nach raibh ach slua beag i láthair ag an gcruinniú in Inis Meáin, cuireadh fáilte mhór rompu. Labhair Arnaud ag deireadh na hoíche. Dúirt sé go mbeidís ag lorg talamh príobháideach le haghaidh an ionaid taighde toisc nach rabhadar ag iarraidh go mbeadh daoine ag cur isteach air. Ar an bpointe labhair fear ón urlár.
‘Tá cúpla garraí agamsa ar féidir iad a úsáid,’ arsa seisean. B’in Pat Ó Fatharta. Chaith Arnaud bliain ag dul isteach is amach go dtí an t-oileán, ag feistiú a chuid ionstraimí. Amanta ní bhíodh ina theannta ach aon Gharda amháin le linn na paindéime. (Bhí stádas ‘riachtanach’ aige don tréimhse sin.)
I measc na rudaí éagsúla atá feistithe acu, tá seismeagraf, chun creathadh na dtonn a thomhas. Ach lá amháin fuaireadar creathadh ó thonn i bhfad ó Inis Meáin. I dtús mhí an Mhárta i mbliana bhraith siad creathadh a tháinig an bealach ar fad mórthimpeall an domhain ó Oileán Tonga san Aigéan Ciúin. Agus cén chaoi a raibh a fhios acu gur as sin a tháinig sé? Rinne siad teagmháil leis an Ollamh Frédéric Dias a dheimhnigh an scéal. Bhí eolaithe agus geolaithe ar fud an domhain ar fad ag rá an rud céanna.
Níor thóg sé ach roinnt uaireanta a’ chloig tar éis an phléasctha ar Tonga, gur thaistil na tonnta turrainge mórthimpeall an domhain. Téann an tonn a tharlaíonn i ndiaidh pléascadh dá leithéid chomh fada agus a fhéadfaidh sí – go dtí an frithionad nó ‘antipode’ agus ansin cúlaíonn sí, tagann sí arís, agus coinníonn sí uirthi mar sin go dtí go mbíonn a fuinneamh ar fad ídithe.
Rud eile a d’fheistigh siad ná cochall nó ‘pod’ ar bharr na haille. Bíonn siad in ann pictiúir de na tonnta a ghlacadh ón ionad seo nuair a bhíonn an ceamara ar siúl acu (tá sé ar a gcumas an ceamara a oibriú ó áit i bhfad i gcéin.) Agus an raibh riosca ag baint leis sin?
Mhínigh sé dom gur úsáid siad a gcuid scileanna sléibhteoireachta chun an cochall a shocrú in áit. Chuireadar fainic ar an suíomh idirlín ag rá le daoine gan a bheith ag glacadh ‘féiníní’ ann. Ach mar a mhínigh sé dhom, chomh luath agus a eisítear foláireamh mar sin, is amhlaidh go meallann sé daoine chuig an trealamh.
‘Bhíomar ag scannánú tonnta lá amháin agus an chéad rud eile, chonaiceamar dhá imleacán amach os comhair na pods’, arsa Arnaud.
Thóg sé dhá bhliain orthu an cead a fháil dul i mbun oibre san áit toisc gur ‘SAC’, ceantar speisialta caomhnaithe, atá ann. B’éigean dóibh cead a fháil ón dream a rialaíonn cúrsaí mara – MARA – i Loch Garman. Fuair sé eolas uathu freisin faoin gcaoi ar chóir déileáil le éanlaith farraige. ‘Feictear dom go bhfuil aithne ag cuid de na faoileáin orm faoin am seo,’ a dúirt sé agus é ag gáire.
Bhí mé fiosrach faoin nasc a bhí acu le scoileanna na háite. Ní rabhadar i bhfad ann gur tháinig lucht na scoileanna chomh fada leo – bhí an-áthas orthu a gcuid eolais agus scileanna a thaispeáint do na daltaí. Ó shin bhí iarratais ar Eolaí Óg na Bliana trí huaire ag daltaí Choláiste Naomh Eoin. ‘Níl a fhios cén líon daoine óga atá ag iarraidh a bheith ina n-innealtóirí anois,’ arsa seisean.
Oileán í Inis Meáin a bhfuil ceangal stairiúil aici le scoláirí, ollúna, scríbhneoirí agus daoine mór le rá leis na blianta. Ba mhaith leis an Ollamh Dias agus UCD go gcoinneofaí an t-ionad taighde ar an oileán go buan agus tá siad ag obair chuige sin anois. Ceapann Arnaud go bhféadfaí ionad a bhunú ann a mbeadh taighde ar sheandálaíocht, ar shocheolaíocht agus réimsí léinn eile ar siúl ann. ‘De bharr go bhfuil trí oileán gar dá chéile agus pobal ar leith i ngach aon cheann acu, is rud speisialta é sin a mbeadh suim ag scoláirí ann.’
Fág freagra ar 'Tonnta ó Tonga le brath ar Inis Meáin…'