Dearcadh Liam Cosgrave faoi dheireadh a chur le riachtanas na Gaeilge le fáil i litir neamhfhoilsithe

Thug Liam Cosgrave a bheannacht don phlean deireadh leis an riachtanas Gaeilge don Státseirbhís i 1974

Dearcadh Liam Cosgrave faoi dheireadh a chur le riachtanas na Gaeilge le fáil i litir neamhfhoilsithe

An t-iarthaoiseach, Liam Cosgrave. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Leiríonn litir neamhfhoilsithe gur thug an t-iarthaoiseach, Liam Cosgrave, a bhásaigh Dé Máirt, lántacaíocht don bheartas a chuir deireadh leis an riachtanas Gaeilge don Státseirbhís i 1974. Thug Cosgrave a bheannacht don mholadh in ainneoin gur aithin sé go bhfágfadh an córas nua nach mbeadh ach beagán státseirbhíseach ann a d’fhéadfadh gnó a dhéanamh leis an bpobal as Gaeilge agus gur mheas sé go bhféadfadh sé cur isteach ar stádas na teanga sa Bhunreacht.

I litir a chuir sé chuig an Aire Airgeadais, Richie Ryan, i mBealtaine na bliana sin, mhol Cosgrave na moltaí a rinne státseirbhísigh na Roinne i ndréachtmheamram faoin riachtanas teanga, ach dúirt  go bhféadfadh go gcruthódh an plean “roinnt deacrachtaí” maidir le stádas bunreachtúil na teanga.

“It must be recognised that abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first language of the State and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so,” a scríobh an t-iarthaoiseach.

Dúirt sé gur beag an méid oibre a chaitheadh státseirbhísigh a dhéanamh i nGaeilge agus go mbeadh sé “réasúnta” a bheith ag súil go mbeifí in ann dul i ngleic leis an éileamh ar sheirbhís i nGaeilge gan riachtanais teanga a bheith i bhfeidhm d’earcú sa Státseirbhís.

Mhol sé ina litir go laghdófaí na riachtanais teanga sa Státseirbhís níos mó fiú ná mar a moladh sa mheamram a chuir an Roinn i dtoll a chéile. Mhaígh sé nár luigh sé le réasún go mbeadh riachtanais teanga ann d’ardú céime sa Státseirbhís mura mbeadh riachtanais ann ag an leibhéal iontrála.

“Your proposal that Irish should continue to be a requirement for promotion in the Civil Service might be seen to be illogical in the light of the intention to do away with obligatory Irish on recruitment,’ a scríobh sé.

Mhol sé go gcuirfí béim ar “promotion on merit” agus go n-áireofaí an Ghaeilge ar cheann de na cumais a d’fhéadfadh a bheith ag duine  a thabharfadh buntáiste dó sa phróiseas ardaithe céime.

Dúirt sé gur cheart go dtabharfaí isteach cúrsaí foghlama Gaeleagras in áit scrúduithe ardaithe céime fad is nach mbreathnófaí ar na cúrsaí sin mar mhalairt ar an riachtanas teanga.

“It seems to me that our best hope of success in this policy of fostering Irish in the Civil Service lies in your proposal that the ending of compulsion will be accompanied by a vigorous campaign under the auspices of Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí to encourage the use of Irish on a voluntary basis,” a scríobh Cosgrave.

D’iarr sé ar Ryan moltaí a Roinne a chur faoi bhráid ranna eile lena mbainfidís, Roinn an Rialtais Áitiúil, an Roinn Sláinte, agus an Roinn Iompair, sula gcuirfí faoi bhráid Thithe an Oireachtais iad.

Cuireadh ciorclán amach mí na Samhna 1975 inar fógraíodh nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach feasta do phoist sa Státseirbhís seachas na poist sin a mbeadh an teanga riachtanach chun an obair a chur i gcrích.