Déanaimis ceiliúradh ar Mháire Mhac an tSaoi ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Bhainfeadh filíocht Mháire Mhac an tSaoi stangadh as cuid mhaith de léitheoirí an lae inniu féin

Maire Mac an 2

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan buailte linn, is tráthúil an mhaise dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar dhuine de na banfhilí is tábhachtaí sa tír seo, Máire Mhac an tSaoi

Craolfar an clár faisnéise Deargdhúil: Anatomy of Passion ar TG4 Dé Máirt an 15 Márta agus beidh taispeántas speisialta den chlár sin ar siúl ag Club Scannán Sailearna in Indreabhán an Déardaoin beag seo.

Is ar éigean is gá Máire Mhac an tSaoi a chur in aithne do mhuintir na tíre seo. Rugadh í sa mbliain 1922, an bhliain chéanna inar bunaíodh an stát. Ghlac a hathair, Seán MacEntee, páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil. Bhí a máthair, Mairéad MacEntee (de Brún), gníomhach san Éirí Amach chomh maith, agus bhí ina léachtóir le Gaeilge i UCD níos deireanaí. Agus an t-athair gafa le cúraimí an rialtais, chaitheadh na páistí cúpla mí sa mbliain i nDún Chaoin i dteach a n-uncail, an Monsignor Pádraig de Brún. Ba ansin a tháinig Mac an tSaoi isteach ar dhúchas fhilíocht na Gaeilge.

Ach fiú má chuaigh Corca Dhuibhne go mór i bhfeidhm ar a cuid samhlaíochta, bean chathrach mheánaicmeach a bhí i Máire Mhac an tSaoi tar éis an tsaoil. Rinne sí a cuid staidéir i UCD agus bhí ar an gcéad bhean a glaodh chun an bharra in Éirinn. Fuair sí post níos deireanaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, áit ar casadh Conor Cruise O’Brien uirthi. Pearsa mhór chonspóideach eile i stair na tíre a bhí sa mBrianach dar ndóigh. Nuair a d’imigh an bheirt go dtí an Congó in éineacht le chéile i 1962, bhí sé ina scannal chomh mór sin go raibh an scéal clúdaithe sa Daily Express i Sasana.

Ach níorbh in an chéad uair do Mháire clampar a tharraingt. Mar a deir sí féin, bhí succès de scandale ag baint lena céad chnuasach Margadh na Saoire a foilsíodh i 1956. Sa dán ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’, caitheann sí masc cosanta Mháire Ní Ógáin, arb í bean luí Dhonnchadh Rua Mac Conamara í de réir an traidisiúin bhéil, chun na céimeanna a bhain leis an gcaidreamh toirmiscthe a bhí aici féin a ríomh. Is dána mar a threascraíonn sí coinbhinsiúin na haimsire agus gan aon drogall uirthi drúis chollaíochta na mná a chur in iúl,

Beagbheann ar amhras daoine

beagbheann ar chros na sagart,

ar gach ní ach bheith

sínte idir tú is an falla.

Agus an chinsireacht i réim, is deacair a shamhlú go gcuirfí a leithéid de dhán i gcló sna 1950í dá mba i mBéarla a bhí an banfhile ag scríobh.

Paula Kehoe
Paula Kehoe a stiúir an clár

Sna cnuasaigh filíochta eile óna peann a foilsíodh sna seachtóidí agus na hochtóidí, tugann sí aghaidh arís ar théamaí dalba, conspóideacha nach raibh aon trácht orthu sa bhfilíocht roimhe sin. Cuireann sí íomhánna os ár gcomhair den ghinmhilleadh, de neamhthorthúlacht na mban agus den chollaíocht aonair (nó an ‘féintruailliú’ mar a thugtar air i bhfoclóir Uí Dhónaill).

Is cinnte gur téamaí iad seo a bhainfeadh stangadh as léitheoirí na linne sin, agus fiú amháin sciar maith de léitheoirí an lae inniu féin.

MaireAch ina ainneoin sin (nó mar gheall ar an méid sin, b’fhéidir), is beag saothar critice atá ann ar fhilíocht Mhac an tSaoi. Foilsíodh an chéad chnuasach aistí ar a cuid filíochta in 2014. Ní mór an méid é sin le hais na tráchtaireachta uilig atá déanta ar shaothar Mháirtín Uí Direáin nó Sheáin Uí Ríordáin a bhí ag treabhadh ghort na filíochta san am céanna.

Ach cé go bhfuil an bhanúlacht i ndlúth agus in inneach shaothar Mhac an tSaoi, ní léir dáiríre go bhfuil idé-eolaíocht láidir fheimineach taobh thiar dá filíocht. Sna dánta féin, ní hannamh a chaitheann sí anuas ar mhná. Is leasc léi patrarcacht na bhfear a cháineadh amach is amach, agus is iad na mná luathintinneacha féin, faoi mar a thugann an t-ainm Máire Ní Ógáin le fios, is ciontaí leis an gcrá croí i ndánta áirithe.

I ndánta eile, amhail ‘Amach san Aois’, caitear súil ar na laigí bitheolaíocha a bhaineann le mná agus is beag nach gcuirtear in iúl gurb é an nádúr féin a bheartaigh stádas íseal na mban. Agus sa dán ‘Cad is bean?’ ní chuirtear aon fhiacail ann;

Gránna an rud í an bhean,
hOileadh casta,
Díreach seach claon ní fheadair,
Bréag a n-abair.

Fiú in agallaimh, bíonn drogall ar Mhac an tSaoi labhairt faoin réabhlóid a bhí á fógairt aici sa dán ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’. Agus í i mbun cainte ar an teilifís le Cathal Mac Coille agus le Harry Kreisler, déanann sí beag is fiú den dán ceannródaíoch sin agus luann sí gur le barr baoise a scríobh sí é.

Ach is dócha go mbraitheann a cuid freagraí go mór ar an té lena mbíonn sí ag caint. Agus í faoi agallamh ag Louis de Paor sa gclár Deargdhúil, tá a mhalairt ar fad de phort ag Mac an tSaoi. Agus loinnir sna súile aici, admhaíonn sí gur thaitin sé go mór léi alltacht a chur ar dhaoine le ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ogáin’. Tugann sí le fios nach raibh aon aiféala uirthi go raibh an caidreamh neamhdhlisteanach aici, agus faoi mar a deir reacaire an dáin, luann sí go ndéanfadh sí arís é, ‘Dá bhfaighinn dul siar air’.

SBStill6

Tuigtear dúinn, mar sin, nach ionann i gcónaí an phearsa phoiblí, atá faoi anáil ghnásanna na sochaí, agus an guth fileata atá ‘beag beann’ ar na coinbhinsiúin chéanna.

Is maith mar a léiríonn an clár Deargdhúil an deighilt sin idir an duine poiblí agus an reacaire sna dánta. I dteannta ábhar cartlainne agus agallaimh éagsúla leis an bhfile, déantar léiriú físiúil ar na dánta agus ligtear don lucht féachana a gcuid féin a dhéanamh de na dánta.

Tugann na físeáin baile agus an t-ábhar cartlainne léargas álainn ar an gcomhthéacs a mhúnlaigh dearcadh filíochta Mhac an tSaoi freisin. Agus is mór is fiú dúinn Máire Mhac an tSaoi a lonnú sa tréimhse ina raibh sí ag scríobh. Ba go tréan a chuir sí i gcoinne ghnásanna na haimsire le guth na mban a chur chun cinn, ach ní hé sin le rá go raibh sí saor ó laincisí agus tuiscintí frithbhanda na haimsire sin.

Beidh Deargdhúil: Anatomy of Passion ar siúl i gClub Scannán Sailearna in Indreabhán, Déardaoin an 10 Márta ag a 8.15pm.

Beidh an clár á chraoladh ar TG4 Dé Máirt an 15 Márta ag 9.30pm. Paula Kehoe a stiúir an clár, agus ba é Louis de Paor a scríobh an script in éindí léi. Páirteach freisin tá Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Olwen Fouéré agus Maureen Fleming.