DARA Ó CINNÉIDE: Inniu lá na fuascailte do Mhaigh Eo…

Ná bímis dall ar fad ar thréithe Mhaigh Eo agus tugaimis a cheart chomh maith don righneas agus don mbraon atá iontu

DARA Ó CINNÉIDE: Inniu lá na fuascailte do Mhaigh Eo…

Cuireadh iontas agus alltacht orm ag deireadh na míosa seo caite nuair a chuir imreoirí agus bainistíocht shinsir Mhaigh Eo brú ar Bhord CLG an chontae babhta iomlán cluichí craoibhe na gclub a chur siar go dtí tar éis chluiche ceannais na hÉireann.

Deirim alltacht toisc go dtuigim an rian a d’fhágadh a leithéid de ghníomh ar an ngnáthimreoir atá ag treabhadh leis ó cheann ceann na bliana lena chumann ach cúis iontais ab ea é chomh maith go mbeadh bainisteoir ar nós Stephen Rochford ina chéad bhliain ar an bhfód, beirt roghnóirí coimhthíocha ar nós Donie Buckley agus Tony McEntee agus roghnóir eile, Seán Carey, chomh tiarnúil sin go raghaidís i ngleic leis na húdaráis ag iarraidh an bhó a chur thar abhainn an deire seachtaine seo.

Bhí fianaise ar righneas agus tiarnúlacht na n-imreoirí le feiscint cheana sa tslí ina dtugadar bóthar don mbainistíocht a bhí roimis sin ann, Noel Connelly agus Pat Holmes, ach díol suntais go ndéanfaí an t-éileamh le chéile mar ghrúpa gan oiread is focal amháin easaontais.

Deir na húdair (agus na geallghlacadóirí) gur gníomh in aisce do Mhaigh Eo é bheith ag cur cluichí inmheánacha craoibhe ar athló agus is beag seans atá á thabhairt acu dóibh barrthuisle a bhaint as Áth Cliath amárach – agus cúis mhaith leis sin dar ndóigh.

Ó tháinig borradh athuair faoi chúrsaí caide i Maigh Eo faoi stiúir James Horan breis is cúig bliana ó shin, n’fheadar an raibh foireann Mhaigh Eo ag tabhairt faoi chluiche chomh mór ar leathchois is atáid an deireadh seachtaine seo.

Ní thabharfá leathphingin orthu ná ar a bhfuil taispeánta acu dúinn ó thús an tsamhraidh.

Nuair a bhain an Ghaillimh an bonn uatha i gConnacht sa Mheitheamh, bhí scata den dtuairim go ndéanfadh aistear na mbabhtaí cáilithe maitheas dóibh. Bhíodar stálaithe, tnáite a dúirt daoine áirithe ag feachtais bhuacacha i gCúige Chonnachta nach raibh ag déanamh aon tástáil cheart orthu. Raghadh paiste beag fánaíochta agus foghlamtha chun leasa dóibh, a dúirt a thuilleadh, agus ní fada go mbeidís ar a seanléim arís.

D’imigh siúd is tháinig seo. Tá Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus seachas corrthréimhse máistreachta i gcluichí i gcoinne Thír Eoghain agus i gcoinne Thiobraid Árann, is beag dá mianach atá nochtaithe acu.

Nuair a smaoinítear gur chaith Áth Cliath luí amach orthu féin agus mórán cruacheisteanna a fhreagairt i gcoinne Chiarraí trí seachtaine ó shin, níl aon amhras maidir cén fhoireann is mó atá cruaite chun catha amárach.

Ach, ach, ach… fan ort!

Bhí blianta eile ann agus an lá mór chucu agus ní dócha go raibh aon fhoireann sa tír gafa trí na h-úmacha dála Mhaigh Eo. Cén mhaith dóibh é?

Tá oiread cluichí móra caillte ag Maigh Eo agus oiread slite aimsithe acu chun na cluichí céanna a chailliúint, gur cuma le cuid mhaith dá lucht leanúna dílis faoin dtráth seo más teip pointe nó stánáil cúig phointe dhéag atá i ndán dóibh amárach. Tá saoirse áirithe ag baint leis sin agus sin é an taobh go bhfuil Maigh Eo dainséarach. Sin í chomh maith an chúis go bhfuilimse ag tabhairt an-sheans dóibh an bhearna cúig bliana is trí fichid a shárú ar deireadh thiar thall.

Gan dabht, ní bhuafaidh saoirse aon ní i gcoinne na Dubs duit. Ach is fiú aon ní an misneach a thabharfaidh sé do chuid d’imreoirí Mhaigh Eo amárach. Tá ceathrar acu, mar shampla, ag imirt a gcéad chluiche ceannais sinsir riamh – Brendan Harrison, Patrick Durcan, Tom Parsons agus Diarmuid O’Connor – ach is fuascailt a bhraithfidh siad siúd amárach anois seachas an brú a bheadh ar a leithéidí de ghnáth.

Trí bliana ó shin, nuair a chas Áth Cliath agus Maigh Eo ar a chéile go deireanach sa chluiche ceannais, bhí triúr ógánach ag tosnú sa chluiche ceannais sinsir den gcéad uair d’fhoireann Átha Cliath – Jack McCaffrey, Ciarán Kilkenny agus Paul Mannion. Tá a fhios ag an saol faoi chumas an triúir sin faoin dtráth seo, ach an uair úd, ba dhóigh leat go raibh an ócáid rómhaith dóibh. Baineadh an triúr acu den bpáirc nuair ba mhó a bhí teas ag éirí sa choimhlint. Bhíothas ag súil leis an iomarca uatha, b’fhéidir, agus deintear dearmad uaireanta gur deacair ceann críonna a chur ar cholainn óg. Toisc nach bhfuil aon bhrú orthu, ní bheinn ag súil go mbeidh ceathrar Mhaigh Eo múchta ag cluiche an lae amáraigh.

Bheinn ag súil chomh maith go ndéanfaidh Maigh Eo an-chuid rudaí i bhfad níos slachtmhaire ná mar a dhein Ciarraí in aghaidh Átha Cliath sa chluiche leathcheannais. Toisc go raibh dráma siar amach sa chluiche sin agus toisc go nocht Áth Cliath mianach thar na beartaibh sna nóimeataí deiridh, tá faillí agus neamhaird iomlán, geall leis, á dhéanamh ar lochtaí Chiarraí. Ní lú ina measc siúd, nár éirigh le Ciarraí ach aon phointe suarach amháin d’aimsiú sa cheathrú uair a chloig deireanach.

Anuas air sin, bhí cuid de na tosaithe ba mhó a bheadh inniúil ar lochtaí Áth Cliath a nochtadh, Kieran Donaghy, Darran O’Sullivan agus Donnchadh Walsh, imithe den bpáirc faoin dtráth sin. Ná h-abair liom go mbeidh Maigh Eo chomh mí-ámharach ná chomh saonta.

Deirim an méid seo ar fad, ní chun aon snas a bhaint de shár fhoireann seo Átha Cliath. Ní hea ná baol air, ach chun a léiriú nach bhfuil an grinniniúchadh déanta orthu is a cheapann daoine.

Níl aon amhras orm ná gurb iad buíon seo Jim Gavin an fhoireann is cumasaí, is aclaí agus is diongbháilte cois Life ó aimsir Kevin Heffernan. Tá gach aon seans ann go mbeidh freagra acu ar mhórán ceisteanna amárach ach ná bímis dall ar fad ar thréithe Mhaigh Eo agus tugaimis a cheart chomh maith don righneas agus don mbraon atá iontu.

Ciárna Kilkenny ar ruathar
Ciárán Kilkenny 

Focal scoir faoina lucht leanúna agus faoin ndílseacht a ghabhann leo. Fuaireas éachtaint mhaith ar sin an mhí seo caite agus duine de bhunaibh Acla, Máirtín Ó Cuanaigh, atá buailte faoi le fada i gCorca Dhuibhne, im theannta agus sinn ag tabhairt faoin mbóthar aníos ó Chiarraí don gcluiche leathcheannais i gcoinne Thiobraid Árann. Dála Mháirtín, tagann muintir Mhaigh Eo bliain i ndiaidh bliana ar oilithreachtaí an dóchais. Bristear a gcroíthe arís is arís eile ach ní thagann aon mhaolú ar a misneach.

B’fhéidir gurbh fhíor do Cervantes, el strada es meior al il camino. Tá an bóthar chomh maith nó níos fearr ná an tearmann ar thaobh an bhóthair.

Dlúthchuid den aistear agus fíorbhrí na h-oilithreachta, an croí éadrom agus an dóchas.

Ach lá éigin, caithfidh fuascailt bheith i ndán agus caithfear ceann scríbe a shroichint ar an Via Dolorosa.

N’fhéadfadh aoinne é a chreidiúint i 2004 nuair a chuir na Boston Red Sox an ruaig ar Mhallacht an Bambino. An gcreidfeadh aoinne tú dá ndéarfá ag tús na bliana seo go mbuafadh Leicester Príomhroinn shacair Shasana? Nó go mbuafadh Connacht Craobh an Pro12 sa rugbaí?

Dá fhaid é an lá ’sé dán na hoíche teacht. Is dá fhaid a mhairfidh an duine ’sé a dhán ar deireadh imeacht.

Sea, tagann lá na cinniúna don uile fhoireann, lá ina gcaithfidh siad a bhfuil iontu a thabhairt chun an curadh a chloí.

Cé nach bhfuil mórán fianaise ann ó thús na craoibhe go bhfuil sé iontu, b’fhéidir gur amárach an lá sin do Mhaigh Eo.

 

 

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Inniu lá na fuascailte do Mhaigh Eo…'