CULTÚR: Scríbhneoirí Gaeilge i MOLI agus i mBeanntraí, sé scannán Gaeilge ag Fleadh na Gaillimhe

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

CULTÚR: Scríbhneoirí Gaeilge i MOLI agus i mBeanntraí, sé scannán Gaeilge ag Fleadh na Gaillimhe

LITRÍOCHT

Louis de Paor

Údar faoi agallamh le IMRAM agus Músaem Litríochta na hÉireann

Leanfaidh IMRAM ar aghaidh leis an tsraith ‘Údar faoi Agallamh’ inniu, Dé hAoine, an 5 Iúil, sraith atá á reáchtáil acu i gcomhar le Músaem Litríochta na hÉireann (MOLI). Beidh agallamh réamhthaifeadta leis an bhfile agus scoláire Louis de Paor á thaispeáint mar chuid den tsraith ‘First Fridays’ a bhíonn á reáchtáil ag MOLI ar an gcéad Aoine den mhí. Beidh Louis de Paor faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin sa bhfíseán a bheidh le feiceáil ag 6:30pm tráthnóna. Tá cead isteach saor in aisce.

Ceann de na himeachtaí eile de chuid na ‘First Fridays’ a bheidh ar siúl i MOLI tráthnóna, idir a 6-9pm, ná an taispeántas ‘A City of Words’ ina mbeidh rogha ar taispeáint as bailiúchán an Dublin Writers Museum, a dhún sa mbliain 2022. I measc na rudaí a bheidh ar taispeáint, beidh teidí Mary Lavin agus guthán a bhíodh ag Samuel Beckett.

Ócáid dheireanach na hoíche anocht ná comhrá eis an ealaíontóir Sarah Browne faoina saothar. Níl aon táille ar an doras ach caithfear áit a chur in áirithe roimh ré. Gach eolas agus áirithintí anseo.

Róise Ní Bhaoill (údar ‘Imram agus scéalta eile’ agus buaiteoir Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag na An Post Irish Book Awards)

Cnuasach filíochta Róise Ní Bhaoill i mBéal Feirste

Seolfaidh an t-iriseoir Eoghan Ó Néill an cnuasach nua filíochta Idir an Dá Fhearsaid le Róise Ní Bhaoill i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn beag seo an 6 Iúil, ag a 1pm. Tá fáilte á cur ag na foilsitheoirí, Éabhlóid, roimh chách go dtí an ócáid agus beidh sólaistí ar fáil.

Beidh Eoghan Ó Néill ag comhrá le Róise Ní Bhaoill faoina cnuasach nua filíochta ag an ócáid. Seo é an chéad chnuasach filíochta ag Ní Bhaoill, a bhuaigh an duais do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana Fhoras na Gaeilge ag gradaim leabhar An Post anuraidh lena cnuasach gearrscéalta Imram agus Scéalta Eile.

Pléann Idir an Dá Fhearsaid le ceisteanna a bhaineann le sochaí an lae inniu chomh maith.

Téama eile sa gcnuasach seo is ea comóradh ar phobal agus ar shaol Ghaeil Bhéal Feirste i gcaitheamh na dtrioblóidí.

Tuilleadh eolais faoin leabhar le fáil anseo.

FÉILTE

 

Scríbhneoirí Gaeilge ag Féile Liteartha Iarthar Chorcaí

Tristan Rosenstock

Beidh Féile Liteartha Iarthar Chorcaí ar bun an tseachtain seo chugainn, ón 12-19 Iúil. Tá réimse leathan imeachtaí, ceardlanna agus léamha go leor ar chlár na bliana seo.

Ar an Satharn, an 13 Iúil, beidh ócáid speisialta leis an láithreoir agus nádúraí, Eoin Warner, Beanntraíoch ó dhúchas. Déanfar turas ar bhád farantóireachta go dtí Oileán Faoide agus beidh Warner ag caint ar a shaothar agus ar dhúlra is fiadhúlra oileáin na hÉireann.

Beidh ceardlann leis an scríbhneoir Tristan Rosenstock agus an dearthóir Mark Wickham bunaithe ar a leabhar Inis Mara ar bun ar na Domhnach, an 14 Iúil sa Work Shop i mBeanntraí. Bhí Inis Mara ar cheann de rogha leabhar Lá Domhanda na Leabhar i mbliana agus beidh an cheardlann bunaithe ar an leabhar agus na téamaí a phléitear ann. Tá an cheardlann dírithe ar pháistí idir 9-12 bliain d’aois agus beidh deis acu póstaeir a dhearadh le linn na ceardlainne.

Ar an Déardaoin, 18 Iúil, beidh cur i láthair dátheangach bunaithe ar an leabhar The Slug and the Snail | An Drúichtín agus an Seilide do pháistí idir 4 agus 7 mbliana d’aois. Beidh an ócáid ar bun i St. Brendan’s Hall i mBeanntraí agus beidh an scríbhneoir Oein DeBhairduin agus an múinteoir is ceoltóir Natalie Ní Chasaide i láthair chun seisiún dátheangach scéalaíochta le puipéid agus amhránaíocht a reáchtáil.

Tá tuilleadh eolais faoi chlár na féile anseo.

Sé scannán i nGaeilge ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Cuirfear tús le Fleadh Scannáin na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn agus beidh sé ar bun ón 9-14 Iúil. Is é seo an 36ú bliain ag an bhféile agus clár mór scannán, cainteanna agus fóraim ar bun i mbliana.

Beidh sé scannán i nGaeilge ar chlár na bliana seo chomh maith le sraith gearrscannán mar chuid den ócáid ‘Irish Shorts 1: Way Out West’, ina measc Kneecap, an scannán beathaisnéise faoin ngrúpa rap, agus Fidil Ghorm an scannán nua scéim Cine4.

Tá eolas faoi na scannáin Ghaeilge ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anseo agus tá ticéid agus tuilleadh eolais faoin bhFleadh anseo.

Féile Bród na Gaeltachta ar bun an deireadh seachtaine seo

Beidh Bród na Gaeltachta (#BRÓD2024), féile ealaíon phobail LGBTQIA+, ar bun an deireadh seachtaine seo ar an bhFál Carrach i gContae Dhún na nGall. Cuireadh tús leis an bhféile sa mbliain 2022, an chéad fhéile dá leithéid in aon Ghaeltacht tuaithe in Éirinn agus d’éirigh an-mhaith léi.

Fuair an fhéile seo gradam pobail ó Chomhlacht Forbartha Dhún na nGall don Tionscnamh Pobail is Nuálaí in 2022 agus dámhachtain ón Bright Ideas Project Fund do Lá na Filíochta ó Éigse Éireann.

Seo í an tríú bliain acu. Is í an aidhm atá leagtha amach ag lucht a heagraithe ná ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge, ar na healaíona tuaithe agus ar an bpobal aerach.

Tá tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil anseo.

TAISPEÁNTAS

Taispeántas troscán nua-dheartha i gConamara

Tá taispeántas troscán comhaimseartha, nua-dheartha ar bun ar champas Leitir Fraic d’Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh go dtí an 23 Lúnasa, 2024. Is iad na mic léinn san Ionad Barr Feabhais Náisiúnta i nDearadh Troscáin agus Teicneolaíochta a rinne na píosaí atá le feiceáil sa taispeántas, ‘Icons24’.

Tá 56 píosa troscán nua-dheartha san áireamh sa taispeántas agus iad deartha ag mic léinn ar na cúrsaí céime i ndearadh agus déantúsaíocht troscáin. Ina measc tá boird, cathaoireacha, cófraí, lampaí, bréagáin agus eile.

Bronnadh Gradam Ellis 2024 ar an mac léinn Keith Roberts as Baile Conaola i gConamara as an gcófra nuálach a rinne sé ina bhfuil páirteanna a lúb sé le fuinneamh gaile agus beidh sin le feiceáil sa taispeántas. Is é Keith Roberts a bheidh ina ionadaí ag Éirinn sna babhtaí ceannais WorldSkills i Lyon na Fraince i mí Mheán an Fhómhair.

Beidh an taispeántas ar oscailt ó Luan go hAoine go dtí an 23 Lúnasa. Tuilleadh eolais le fáil anseo. 

Fág freagra ar 'CULTÚR: Scríbhneoirí Gaeilge i MOLI agus i mBeanntraí, sé scannán Gaeilge ag Fleadh na Gaillimhe'