Bogann ‘The Bear’ ar luas níos moille ach ní bhaineann sin dá chumas

Táimid fós gafa leis na carachtair chigilteacha chasta sa saothar stuifiúil teanntásach seo

Bogann ‘The Bear’ ar luas níos moille ach ní bhaineann sin dá chumas

Níl aon dabht ná go bhfuil The Bear (Disney+) teann as féin. Is beag saothar eile a leomhfadh an chéad ghála de shéasúr nua a bhunú ar mhontáis d’iardhearcaí beaga, go deimhin níl na míreanna in ord croineolaíoch fiú.  Ina ainneoin sin chuamar le sruth mar go bhfuilimid chomh gafa leis na carachtair atá sa saothar teanntásach seo. Bhí gála eile againn a bhí suite i mbarda máithreachais; Natalie (Abby Elliott) i dtinneas clainne agus a máthair Donna (Jamie Lee Curtis) lena taobh. Gaol achrannach eatarthu agus gach re sea acu lena chéile. Tá na gálaí ar fad, seachas trí cinn, 40 nóiméad ar fhad nó faoina bhun, rud a chabhraíonn leis an bhfócas ar aon ábhar nó carachtar amháin. Uaireanta eile mheasas gur laincis a bhí sa teorainn ama seo.

I ndeireadh an dara séasúr bhí Carmy (Jeremy Allen White), an cócaire cumasach buile, iata sa chuisneoir fad is a bhí an obair faoi lán seoil don chéad oíche custaiméirí. É ag spréachadh agus ag rámhaillí mar is dual dó, agus mar is dual do charachtair eile go deimhin.

Sa chéad ghála tugann na hiardhearcthaí ar thuras cócaireachta Carmy sin. Na háiteanna inar oibrigh sé, na cócairí cumasacha a chuir oiliúint air mar aon len é a spreagadh is a chrá. Meabhraíonn na míreanna beaga seo dúinn arís eile an dúthracht a bhaineann le bialanna a bhíonn ag plé le scoth an bhia. Is meascán de scileanna, eolas ar bhia is cócaireacht agus ealaín atá ann. Ealaíontóir cráite é Carmy, fear atá ciaptha ag a dhúil a bheith ina cheardaí cruthanta agus ag féinmharú a dhearthár is alcólachas a mháthar. Dar liom go bhfuil an fócas seo ar chrá intinne Carmy iomarcach ar uairibh agus go mbaineann sé ón scéal.

Mar atá tarlaithe i séasúir eile díríonn smuit mhaithe de chláir áirithe ar charachtair ar leith. Sa séasúr seo faighimid léargas iontach agus corraitheach ar scéal Tina (Liza Colón-Zayas).

Bristear an bhean mheánaosta seo as a post agus toisc gan mórán cáilíochtaí aici faigheann sí an-deacair é post a fháil. Í féin, a fear agus a mac ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal; imní orthu go gcaillfidh siad an t-árasán atá ar cíos acu. Léargas iontach ar thrioblóidí an lucht oibre agus iad ag strácáil leo ar éigean i Meiriceá an lae inniu.

Bhí muintir Fak againn i gcónaí (tá breis agus deichniúr acu ann a deirtear linn) mar fhuirseoirí agus is breá liom iad ach is dóigh liom go dtéitear i bhfad scéil leo an uair seo agus ní dóigh liom go raibh aon dealramh le caimeo John Cena. Is iad Carmy, Sydney (Ayo Edebiri) agus Richie (Ebon Moss-Bachrach) croí na sraithe i gcónaí. Cíoradh iontach ar na carachtair, iad i bpíobáin a chéile agus mór le chéile ar a seal. Taispeántais den chéad scoth uathu ar fad. Saothar stuifiúil ar leith.

Fág freagra ar 'Bogann ‘The Bear’ ar luas níos moille ach ní bhaineann sin dá chumas'