Beidh sé scannán i nGaeilge ar chlár Fhleadh Scannán na Gaillimhe na bliana seo chomh maith le bailiúchán gearrscannán i nGaeilge.
Beidh an scannán KNEECAP san áireamh ar chlár na fleidhe i mbliana. Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Féile Scannán Sundance i mí na Nollag 2023, áit ar ghnóthaigh sé Gradam an Lucht Féachana sa rannóg ‘NEXT’ ag an bhféile mór le rá.
Ba é sin an chéad uair ar léiríodh fadscannán Gaeilge ag Sundance agus an chéad fhadscannán Éireannach a bhuaigh gradam ansin ó 2007 nuair a bhuaigh Once le John Carney duais.
Scannán beathaisnéise é KNEECAP faoi bhunú an ghrúpa rapcheoil Gaeilge KNEECAP, agus baill an ghrúpa Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí ag aisteoireacht ann.
Cuirfidh scannán KNEECAP tús le fleadh na bliana seo in Amharclann Halla na Cathrach Dé Máirt an 9 Iúil agus beidh sé á thaispeáint arís Dé Sathairn an 13 Iúil i bpictiúrlann An Pálás.
Léireofar chomh maith ag an bhFleadh den chéad uair an fadscannán Gaeilge Fidil Ghorm atá scríofa ag Patricia Forde agus á stiúradh ag Anne McCabe.
Scannán de chuid Cine4 é seo atá léirithe ag Abú Media agus beidh sé á thaispeáint ar an gCéadaoin an 10 Iúil in Amharclann Halla na Cathrach agus beidh comhrá poiblí ann ina dhiaidh le lucht déanta an scannáin.
Scéal croíúil é Fidil Ghorm a leanann Molly, cailín deich mbliana d’aois, a chreideann go mb’fhéidir go ndúiseodh a hathair as cóma, má fhoghlaimíonn sise conas an fhidil a sheinm mar a sheinneadh seisean í. Is iad Ruadhán Ó Flatharta, Marcus Lamb, Sarah Jane Scott, Siobhan O’Kelly, Barry McGovern, agus Edith Lawlor na príomhaisteoirí.
Beidh an chéad léiriú domhanda den scannán neamhspleách Froggie ar bun in Amharclann Halla na Cathrach ar an 10 Iúil.
Scannán grinn dátheangach é a leanann Fiachra agus Tadhg, beirt deartháireacha a a bhain cáil amach nuair a bhí siad seacht mbliana d’aois agus le feiceáil ar an teilifís ag amhránaíocht lena bpuipéad lámhdhéanta ‘Froggie’.
Deartháireacha a rinne an scannán, Luke agus Jake Wilson. Sa chliar tá Seán T. Ó Meallaigh, Carrie Crowley, Gearóid Kavanagh agus Lucia Evans í.
Cuirfear an chéad léiriú domhanda den scannán The Ghost | An Taibhse i bpictiúrlann An Pálás ar an Déardaoin an 11 Iúil. John Farrelly a scríobh agus a stiúir an scannán a insíonn scéal ó thréimhse dhorcha sin i stair na hÉireann i ndiaidh an ghorta mhóir. Farrelly, Tom Kerrisk agus Jim Sheridan a léirigh an scannán agus i measc na n-aisteoirí tá Tom Stafford, Livvy Hill agus Anthony Murphy.
Díríonn an scéal ar Éamon agus a iníon Máire a bhfuil teach mór faoina gcúram i rith an gheimhridh chrua. Bíonn suaimhneas acu i dtús a n-aistir ach ní fada go mbuaileann scáth iad nuair a thagann siad trasna ar eachtraí nach féidir a mhíniú.
Beidh comhrá poiblí le lucht déanta an scannáin i ndiaidh an léirithe.
Taispeánfar dhá scannán faisnéise Gaeilge le linn fhéile na bliana seo. Sa scannán Burkitt, a bheidh le feiceáil sa bPálás ag a ar an Domhnach, ar an 14 Iúil, cíortar saol agus saothar Denis Burkitt, máinlia as Éirinn a bhí ar an gcéad duine a d’aithin an galar liomfóma. Cuirtear an scéal i láthair trí shúile duine a tháinig slán ón ngalar sin.
Sa scannán faisnéise Iarsmaí | Remnants, a bheidh le feiceáil sa bPálás ar an 13 Iúil, pléitear leis an stair chasta a bhaineann le bailiúcháin eitneagrafaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain. Dírítear aird faoi leith ar ábhar a goideadh ó Bhundúchasaigh na hAstráile, Tionscadal Oidhreacht na Coilíneachta i gColáiste na Tríonóide agus déantúsáin a creachadh as an Nigéir.
Damian McCann an stiúrthóir agus ba é a scríobh an script i gcomhar le Sarah Gordon. Léiríodh an scannán do TG4 agus don BBC agus thug an Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann cúnamh airgid lena aghaidh.
Beidh rogha gearrscannán i nGaeilge le feiceáil ar an 10 Iúil in Amharclann Halla na Cathrach ag tosú ag a 2pm mar chuid de ‘Irish Talent: Irish Shorts 1 – Way Out West’.
Taispeánfar sé ghearrscannán i nGaeilge mar chuid den chlár. I gConamara a rinneadh an scannánaíocht do Scríofa sna Réalta. Vincent Gallagher a stiúir, Sean Keely a scríobh agus Sinéad Ní Loideáin a léirigh.
Leanann Scríofa sna Réalta scéal an phríomhcharachtair Seán, buachaill 9 mbliana d’aois atá néara-éagsúil, agus é ag iarraidh an phríomhpháirt aisteoireachta a fháil i ndráma pobail. Choimisiúnaigh TG4 an scannán mar chuid den tionscnamh Eurovision do shraitheanna drámaíochta do dhaoine óga.
Beidh an gearrscannán Normáilte a scríobh Caoimhghín Ó hEoghasa agus a stiúraigh Lukasz Simon le feiceáil freisin. Cruthaíodh an gearrscannán mar chuid de thaispeántas Chartlann Aiteach na hÉireann agus breathnaíonn sé ar shaol an duine óig atá aiteach agus ar fhás na gluaiseachta LGBTQ+ in Éirinn le leathchéad bliain anuas.
Tá gach eolas faoi chlár na bliana seo le fáil ar shuíomh idirlín Fleadh Scannán na Gaillimhe.
Fág freagra ar 'Sé scannán nua Gaeilge le taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'