Tá géarchéim ann don chóras a thugann tús áite do lucht an rachmais

De réir mar a thug eite chlé an daonlathais shóisialta droim láimhe leis na ceisteanna a bhí ag cur as don phobal thosaigh an eite dheis i bhfad amach ag déanamh dul chun cinn

Tá géarchéim ann don chóras a thugann tús áite do lucht an rachmais

Ag scríobh dó san Irish Times an tseachtain seo caite, dúirt Mike O’Sullivan, tráchtaire ar pholaitíocht na hEorpa, go bhfuil Éire mar stát fós réitithe don domhandú, ach, de réir mar a théann an domhandú sin i laige, go dtreiseoidh “na treochtaí diúltacha atá le feiceáil i réimsí saoil éagsúla ar fud an domhain”.

Bhí an Súilleabhánach ag trácht ar impleachtaí theip Macron sa bhFrainc agus a bhfuil i ndán don Aontas Eorpach mar gheall air sin, ach spreagann sé ceisteanna tábhachtacha dúinn faoi dhílseacht na tíre seo don Atlantachas nuair is léir go bhfuil an tAtlantachas céanna ag ag dul i léig.

Bhí súil, is cosúil, ag na Stáit Aontaithe go bhféadfaidís an lámh in uachtar a choinneáil ar pholaitíocht is ar eacnamaíocht an domhain agus a smacht a neartú i bhfianaise an chogaidh san Úcráin agus trí brú a chur ar an tSín i dtaobh na Téaváine.

Tá ag teip air sin. Tá an lámh in uachtar ag an Rúis i gcogadh na hÚcráine, tá teip na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise soiléir (agus an Rúis ag maíomh anois go bhfuil an geilleagar seo acu ag dul ó neart go neart) agus tá an rogha airgeadais eile seachas an dollar, córas na mBRICS, ag mealladh tuilleadh stát le bheith páirteach ann, stáit ó dheisceart an domhain, mar a deir lucht an Iarthair, nó móramh an domhain, mar a thugann siad féin orthu féin.

Go deimhin tuairiscítear ar Economic Times na hIndia, sa World Bank Report is in áiteanna eile go bhfuil uasghrádú tugtha ag an mBanc Domhanda don Rúis, ag rá gur stát ardioncaim atá ann anois.

Níos tábhachtaí ná sin, tá fiacha na Stát Aontaithe ag dul i méad, agus stáit is infheisteoirí ag éirí faiteach faoi airgead a chur i dtaisce i Meiriceá toisc go bhfuil priacal mór ann go bhféadfaí an t-airgead a ghabháil dá sáródh aon stát aon pholasaí de chuid Mheiriceá.

Taobh thiar de na coimhlintí a luaitear sna ceannlínte, tá fadhbanna níos bunúsaí i gceist. Go beacht, tá géarchéim ann don chóras a thugann tús áite do lucht an rachmais. Tá achmhainní á n-ídiú go tréan ar neamhriachtanais agus an tomhaltas sin á spreagadh ag an bhéim a leagtar ar bhrabús a dhéanamh, ídiú a chuireann an pláinéad féin i mbaol, rud is eol dúinn go léir fiú más mian le roinnt daoine an fhírinne a shéanadh go poiblí.

Ag eascairt as sin tá an teannas faoi ghreim a fháil ar fhoinsí fuinnimh ag dul i méad. Seo toradh an róthomhaltachas atá ag bagairt ar an aeráid agus ag cur leis an truailliú is an ganntanas.

Tá sé sin le feiceáil san éagothroime a bhaineann le roinnt maoine is acmhainní: cuid mhaith den domhan gan riachtanais na beatha acu agus cuid bheag eile de ar mhuin na muice.

An éagothroime sin an chúis atá taobh thiar den choimhlint idir an t-iarthar, lucht an Atlantachais, agus móramh an domhain.

Tá an choimhlint seo ag dul i ngéire. Tá na Stáit Aontaithe ag tabhairt faoin Rúis, faoin Iaráin, faoin India agus go leor tíortha eile – tá siad ag tabhairt faoi mhóramh an domhain. Tá an lámh in uachtar á cailliúint acu, agus tá an chailliúint seo ag cur leis an mbaol go spreagfaí cogadh núicléach mura n-aithnítear an baol in am.

Tá daoine míshásta sa domhan mór agus san iarthar freisin. Is éasca gan dul i ngleic leis na fáthanna atá leis seo trí phobalachas a chur i leith aon duine a ardaíonn ceisteanna. Ach níor imigh na hábhair bhuartha seo as intinn an phobail toisc gur tugadh pobalachas orthu. A mhalairt, de réir mar a thug eite chlé an daonlathais shóisialta droim láimhe leis na ceisteanna a bhí ag cur as don phobal, thosaigh an eite dheis i bhfad amach ag déanamh dul chun cinn. Tá fás na heite deise sin le feiceáil go mór sa bhFrainc, ach fiú in Éirinn féin.

Tráth den saol, dúirt Seán Murray, ardrúnaí an Pháirtí Chumannaigh in Éirinn ó 1934-1961, gur féidir neamhaird a dhéanamh den cheist náisiúnta ach nach ndéanfadh an cheist náisiúnta neamhaird díot.

Inniu, is féidir a rá gur féidir neamhaird a dhéanamh den easpa tithíochta, deacrachtaí an chórais sláinte, an éagothroime shóisialta, ach ní dhéanfaidh na fadhbanna sin neamhaird ar bith díotsa.

Ach tá muid dall, den chuid is mó, ar an athrú atá ag teacht ar an saol agus muid mar stát ag éirí níos dílse don Atlantachas de réir mar a bhriseann an domhan mór na slabhraí a thug an lámh in uachtar don iarthar.

Nach bhfuil sé in am ár súile a oscailt agus todhchaí na hÉireann a chur faoi réir don domhan mór?

Fág freagra ar 'Tá géarchéim ann don chóras a thugann tús áite do lucht an rachmais'