Deich bpointe a léiríonn fíorthorthaí olltoghchán na Breataine

Léirigh olltoghchán Westminster gurb é an rialtas a chailleann toghcháin de ghnáth seachas an freasúra a bheith á mbuachan

Deich bpointe a léiríonn fíorthorthaí olltoghchán na Breataine

Léirigh toradh an olltoghcháin sa Ríocht Aontaithe arís gurb é an rialtas a chailleann olltoghchán de ghnáth agus nach páirtí ná páirtithe an fhreasúra a bhuann iad.

Níor tháinig ach méadú beag ar sciar Pháirtí an Lucht Oibre den vóta (33.9%) i gcomparáid leis an olltoghchán deireanach in 2019 (nuair a ghnóthaigh an páirtí 32.1%).

Is mar gheall ar an laghdú tubaisteach ar thacaíocht na gCaomhach (ó 43.6% go 23.6%) thar aon rud eile a bheidh Keir Starmer ábalta rialtas nua a bhunú le móramh láidir.

  1. Ollbhua, ach teoranta

Beidh an príomh-aire nua slán ó bhuairt sa pharlaimint agus móramh os cionn 170 bainte amach ag a pháirtí. Tá bua á cheiliúradh acu atá ar aon chéim ar an gcéad amharc le bua an pháirtí faoi cheannas Tony Blair i 1997.

Ní hionann an dá bhua, áfach. Tá líon na bhfeisirí a bhí i bpáirtí Tony Blair fadó agus a bheidh ag tacú le Keir Starmer sa pharlaimint nua ar cóimhéid beagnach.

Sin ráite, áfach, ghnóthaigh an Lucht Oibre sciar den vóta (43.6%) i 1997 a bhí i bhfad níos mó ná an céatadán (33.9%) a bhaineadar amach an babhta seo.

Má chuirtear san áireamh an céatadán íseal vótála (60%) agus an mhíshocracht i measc na vótálaithe a scrios na Caomhaigh ach nár bhain an Lucht Oibre mórán tairbhe as, is léir láithreach an difríocht. Níl an rialtas nua bunaithe ar bhua chomh láidir leis an dúshraith vótaí a bhí faoin rialtas a bunaíodh i 1997 a mhair ar feadh 13 bliain.

  1. Fainic as Éirinn

Is leor mar rabhadh don rialtas nua i Londain eiseamláir ó stair pholaitiúil na tíre seo. B’ionann agus réabhlóid shíochánta olltoghchán 2011 a chuir an ruaig ar Fhianna Fáil agus a thug deis d’Fhine Gael agus do Pháirtí an Lucht Oibre an rialtas ba láidre dár bunaíodh riamh sa tír a chur ar bun. Níor mhair sé ach ar feadh cúig bliana.

Éirim an scéil: nuair a bhíonn míshásamh, fearg, bochtaineacht agus imní forleathan i dtír – mar a bhí abhus in 2011 agus mar atá sa Bhreatain faoi láthair – ní dheimhníonn bua in olltoghchán, dá fheabhas é, go mbeidh bua ag páirtí an rialtais san olltoghchán ina dhiaidh.

  1. Comhar na gcomharsan?

Chuaigh an Taoiseach thar fóir beagáinín agus óráid faoi theacht in oifig an phríomh-aire nua á tabhairt aige ar chéimeanna Thithe an Rialtais. De ghnáth, ní le hóráidíocht fhada ach le ráiteas gairid roimh chomhrá teileafóin a dhéanann Taoisigh comhghairdeas le príomh-airí nua-thofa.

Sin ráite, is léir láithreach dhá chúis dóchais go rachaidh an caidreamh idir an dá rialtas i bhfeabhas a bhuí le teacht i réim Starmer i Sráid Downing.

Ar an gcéad dul síos toisc gur gheall sé roimh an toghchán go n-aisghairfeadh Páirtí an Lucht Oibre an t-acht oidhreachta a cheadaigh maithiúnas do shaighdiúirí de chuid na Breataine a bhí freagrach as marú mídhleathach sa Tuaisceart.

Sa dara háit, beidh sé níos éasca teacht ar chomhthuiscint idir na rialtais i Londain agus i mBaile Átha Cliath má bhíonn caidreamh níos fearr ag an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach (féach thíos).

  1. Deireadh ré na hEorafóibe?

Tá sé ráite go minic ag Keir Starmer agus ag urlabhraithe eile an Lucht Oibre gur mian leo caidreamh níos dlúithe a chothú leis an AE.

Tá rannpháirtíocht san aontas custaim agus sa mhargadh aonair agus socrú a cheadódh saorghluaiseacht daoine curtha as an áireamh acu. Tá go leor socruithe eile áfach a d’fhéadfaí a dhéanamh a rachadh chun tairbhe don Bhreatain agus don AE agus don tír seo go háirithe – comhaontú tréidliachta mar shampla a cheadódh gluaiseacht ainmhithe gan chigireacht.

Is léir an baol, áfach, go gcuirfidh an sciar suntasach den vóta iomlán (14 faoin gcéad) a fuair páirtí Nigel Farage srian ar thoil an rialtais nua comhthuiscint níos réasúnta leis an AE a chothú.

 

  1. Breatimeacht, ná habair é

Léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad go gceapann móramh láidir sa Ríocht Aontaithe anois go ndearnadh botún nuair a tharraing an tír amach as an AE. Murach é ní bheadh an léargas eacnamaíochta agus airgeadais chomh dona agus bheadh téarnamh níos fusa.

Ainneoin an dochair agus an t-athrú meoin, áfach, is ar éigean a pléadh Breatimeacht le linn an fheachtais. Seachnaíonn na príomhpháirtithe caint ar Bhreatimeacht mar a sheachain polaiteoirí abhus ginmhilleadh ar feadh i bhfad – toisc nach léir dóibh aon réiteach a mbeadh móramh láidir ar a shon nó toilteanach glacadh leis dá gcuirfí i bhfeidhm é.

  1. Mímhacántacht

Níor inis an Lucht Oibre ná na Caomhaigh an fhírinne faoi chúrsaí airgeadais roimh an olltoghchán, mar a chuir an Institiúid Údarásach um Staidéar Fioscach ina leith.

Ní bheidh aon dul as ag an rialtas nua ach cánachas a ardú, dar leis an Institiúid, sin nó caiteachas a laghdú – rogha ghránna a chothóidh míshásamh as cuimse nuair a léireofar drogall an rialtais airgead breise a chur ar fáil do sheirbhísí poiblí atá faoi bhrú.

  1. Contúirt ag bagairt

Beidh go leor daoine thall ag súil le feabhas ar a dteacht isteach, ar gheilleagar na tíre agus ar sheirbhísí poiblí anois agus rialtas nua ag dul in oifig.

Ainneoin gach rabhadh a thug urlabhraithe Pháirtí an Lucht Oibre go raibh cúrsaí airgeadais chomh dona nach bhféadfaí go leor fadhbanna a réiteach ar feadh tamaill, beidh fearg ar mhórán de réir mar a léirítear easpa feabhais.

  1. Albain

Tá an léargas polaitiúil athraithe ó bhonn ag an olltoghchán in Albain, ar bhealach amháin.

Ní raibh ach feisire amháin ag an Lucht Oibre sa tír tar éis olltoghchán 2019. Beidh 37 suíochán ag an bpáirtí sa pharlaimint nua, agus 36 díobh bainte den pháirtí náisiúnta acu (níor ghnóthaigh an SNP ach naoi suíochán an babhta seo).

Tugann pobalbhreitheanna le fios i gcónaí go dteastaíonn neamhspleáchas óna leath, beagnach, de vótálaithe na hAlban, ach is céim  mhór ar gcúl é toradh an olltoghcháin don pháirtí atá ag iarraidh neamhspleáchas a chur chun cinn.

  1. Éagothroime

Léirigh toradh an olltoghcháin arís an tslí ina gcuireann córas toghcháin na Breataine bac ar ionadaíocht pharlaiminte chothrom – áiféis atá níos follasaí ná riamh agus dúshlán na seanpháirtithe tugtha ag páirtithe nua.

Fuair Páirtí an Lucht Oibre 34% den vóta iomlán ach beidh 65% de na suíocháin acu sa pharlaimint nua. Ta an éagothroime soiléir sa treo eile i gcás na bpáirtithe eile:

I gcás na gCaomhach, a fuair 24% den vóta iomlán ach 18% de na suíocháin.

Agus na Daonlathaithe Liobrálacha a ghnóthaigh 12% de na vótaí agus 11% de na suíocháin.

Agus páirtí an fheisire nuathofa Nigel Farage Reform, a fuair 14% de na vótaí ach nach mbeidh ach 1% de na suíocháin (ceithre cinn) acu.

Na Glasaigh a ghnóthaigh 7% den vóta agus gan acu 1% de na suíocháin (ceithre cinn) ag an bpáirtí.

Is féidir a bheith cinnte go mbainfidh Farage, go háirithe, agus a lucht leanúna lántairbhe as an bhfeall a rinne an córas toghcháin orthu, agus iad ag iarraidh údarás an rialtais nua a lagú.

Léiríonn an éagóir thall arís eile buanna an chórais toghcháin abhus. Deimhníonn ionadaíocht chionmhar nó PR comhréir réasúnta cruinn idir roghanna na vótálaithe agus ballraíocht na Dála.

  1. Cúis áthais

Cuimhnigh ar na bréaga go léir, ar an mí-iompar go léir, ar an mífhreagracht go léir, ar na cóisirí i Sráid Downing le linn na paindéime, ar an mBreatimeacht místuama agus an éidreoir áiféiseach a lean é, ar scannal na fola truaillithe, ar chac in aibhneacha agus go leor ábhar náire eile ó chuaigh na Caomhaigh i mbun rialtais 14 bliain ó shin.

Is léir cúis mhór áthais thar aon chúis eile. Tugann an córas daonlathach deis do vótálaithe drochrialtas a ruaigeadh as oifig, ar dhóigh mhíthrócaireach shíochánta a cheiltear ar dhaoine i mórán tíortha.

Fág freagra ar 'Deich bpointe a léiríonn fíorthorthaí olltoghchán na Breataine'