Cruinniú urghnách á lorg le Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi chás na teanga sa Bhuiséad

Údar náire agus scannail é cás na Gaeilge sa Bhuiséad, a deir Cathaoirleach an Choiste Catherine Connolly atá chun an cruinniú urghnách a mholadh dá comhghleachaithe

Cruinniú urghnách á lorg le Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi chás na teanga sa Bhuiséad

Tá cruinniú urghnách á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an gCoiste Oireachtais um Ghaeilge, Gaeltacht agus Oileáin i ndiaidh Bhuiséad 2017. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie areir go raibh litir curtha ag an eagraíocht chuig cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, agus súil aige cruinniú a fháil a luaithe agus is féidir.

Dúirt Connolly le Tuairisc.ie aréir freisin go bhfuil díomá uiriti féin agus ar an gCoiste faoina laghad airgid a cuireadh ar leataobh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mbuiséad na bliana seo.

“Bhí an Coiste 100% taobh thiar de na moltaí a bhí déanta ag an gConradh. Is coiste polasaí é agus rinne muid ár ndícheall nuair a ghlac muid leis na rúin agus na moltaí. Tá mise, go pearsanta, oscailte cuireadh a thabhairt dóibh teacht os ár gcomhair agus ba mhaith liom é a phlé, ach caithfear an cheist a chur ar an gcuid eile den Choiste.

“Dúirt mé sa Dáil go raibh díomá orm agus gur údar náire agus scannail é mar scéal. B’fhéidir go bhfuil míthuiscint ann, rinne an tAire Kyne iarracht an scéal a mhíniú ar Raidió na Gaeltachta ach is cosúil ón gcáipéis go bhfuil laghdú 9% ann agus gur bhain an t-airgead breise a raibh an tAire ag caint faoi leis an mbliain seo caite seachas an bhliain seo chugainn. Más sin an scéal, seasaim lena ndúirt mé sa Dáil,” a dúirt sí.

Dúirt sí go mbeidh cruinniú eile ag an gCoiste Déardaoin seo chugainn agus go mbeidh achainí an Chonartha ar cheann de na príomhrudaí a phléifear ann.

Dúirt Conradh na Gaeilge féin go bhfuil “idir dhíomá agus fhearg” ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndiaidh fhógairt an Bhuiséid ach go bhfuil “deis fós” ag an Rialtas “an rud ceart a dhéanamh” agus “cothrom na Féinne” a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Tá deis fós ag an Rialtas seo cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Sna meastacháin athbhreithnithe a rachaidh os comhair na Dála sna seachtainí amach romhainn, is féidir leo an €1.4 milliún sa bhreis atá á thabhairt acu d’Údarás na Gaeltachta in 2016 a chur ar fáil arís do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta in 2017.

“Chomh maith leis sin, is féidir leis an Rialtas ó dheas a fhógairt go gcuirfidh siad €2.5 milliún ar fáil d’Fhoras na Gaeilge leis an gcéad chuid den phlean infheistíochta, arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, a chur i bhfeidhm,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha.

Dúirt an t-iarAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur “náireach an scéal” na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go dtéann na ciorruithe sin “glan in aghaidh an tsocrú” a bhí déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus “in aghaidh chlár an rialtais”.

Thug sé le fios do Tuairisc.ie go mbeidh ceisteanna á gcur aige ag cruinnithe an dá choiste a bhaineann leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, an Coiste Gaeilge agus Gaeltachta agus an Coiste Forbartha Tuaithe faoin “laghdú ar chaiteachas iomlán na Roinne” agus an laghdú “sonrach” ar chaiteachas Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán.

Dúirt sé “nach bhfuil an cluiche go hiomlán thart” agus go bhfuil súil aige aird a tharraingt ar an laghdú idir seo agus an Nollaig nuair a bheidh na meastacháin leasaithe á bhfógairt.