Coiste Oireachtais ag lorg eolais faoi ‘Phlean B’ Roinn na Gaeltachta do sheirbhís farantóireachta Árann

D’fhógair Island Ferries Teo inniu go mbeadh deireadh á chur ar an 1 Nollaig leis an tseirbhís farantóireachta a chuireann siad ar fáil ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin

Coiste Oireachtais ag lorg eolais faoi ‘Phlean B’ Roinn na Gaeltachta do sheirbhís farantóireachta Árann

D’aontaigh an Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán tráthnóna inné litir a sheoladh chuig an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta le fiafraí cén plean atá ag a Roinn agus ag an Rialtas maidir leis an tseirbhís farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin.

D’fhógair Island Ferries Teo inné go mbeadh deireadh á chur ar an 1 Nollaig leis an tseirbhís farantóireachta a chuireann siad ar fáil.

Ba é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin a mhol don Choiste an litir a sheoladh ar aghaidh le fáil amach “cén plean B” a bhí ag Roinn na Gaeltachta chun a chinntiú nach mbeadh muintir Árainn fágtha d’uireasa seirbhís farantóireachta le linn an gheimhridh.

Dúirt an Seanadóir gur thuig sé go raibh an Chomhairle Contae i mbun cainteanna leis an gcomhlacht Island Ferries Teo, ach dúirt go raibh “ról fíorthábhachtach” ag an Aire sa scéal freisin.

Nuair a bhí an baol ann anuraidh go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís, bhí réamhshocrú déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le dhá chomhlacht farantóireachta eile a bhí sásta seirbhís a chur ar fáil. Dúradh chomh maith go raibh an cabhlach réidh le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann dá mba ghá.

Ní bheidh an tseirbhís farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin á cur ar fáil ón lá amárach ar aghaidh. Beidh an tseirbhís dheiridh ann amárach, an 30 Samhain, ag 6pm. Ní bheidh an tseirbhís ann arís go dtí an 17 Márta 2017. Seo í an chéad uair le 33 bliain nach mbeidh seirbhís farantóireachta á cur ar fáil ag an gcomhlacht ó Ros an Mhíl i gConamara chuig Inis Mór ó thús go deireadh na bliana.

Cúrsaí airgid an chúis a thug an comhlacht lena gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís i rith an gheimhridh agus an táille atá á gearradh orthu de réir líon na bpaisinéirí a bhíonn ag baint úsáide as an tseirbhís. Gearrtar táille 80 cent in aghaidh an phaisinéara ar an gcomhlacht.

Táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara a ghearrtaí go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh an fodhlí.

Tá ráiteas lorgtha ag Tuairisc.ie ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe, agus Gaeltachta faoin scéal seo.