‘Chuir muid Conamara ar an mapa’ –Cothrom an lae seo 20 bliain ó shin bhí bua stairiúil ag an gCeathrú Rua…

Is ar an lá seo, an 6 Deireadh Fómhair, i 1996 a bhuaigh an Cheathrú Rua Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe, bua a chuir peil Chonamara i lár an aonaigh

‘Chuir muid Conamara ar an mapa’ –Cothrom an lae seo 20 bliain ó shin bhí bua stairiúil ag an gCeathrú Rua…

“Ní bhíonn muintir Chonamara rófhlaithiúil lena chéile an chuid is mó den am ach bhí siad an lá sin!”

Sin a deir Garry Mac Donncha, duine de laochra fhoireann peile na Ceathrún Rua a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe, é ag gáire agus é ag cuimhneamh ar an ngaisce a rinne siad cothrom an lae seo fiche bliain ó shin.

Ba iad an Cheathrú Rua an chéad fhoireann riamh as deisceart Chonamara a bhuaigh an Chraobh Shinsir i nGaillimh agus ba iad an chéad dream a thug Corn Mhic an tSionnaigh leo siar thar Coirib go hiarthar na Gaillimhe ó bhuaigh Uachtar Ard an chraobh i 1938.

Is éacht ar leith a bhí ann a rinne go leor chun peileadóirí iarthar na Gaillimhe, agus peileadóirí Chonamara go háirithe, a chur i lár an aonaigh. Dhá bhliain i ndiaidh bhua na Ceathrún Rua, bhuaigh Gaillimh Cluiche Ceannais na hÉireann agus roinnt imreoirí ón taobh thiar den chathair ag imirt dóibh.

“B’fhéidir gur chuir sé muide agus Conamara ar an mapa,” a deir Seán Ó Domhnaill, duine de thriúr ó fhoireann bhuacach na Ceathrún Rua, in éineacht le Seán Óg de Paor agus Kevin Terry Mac Donncha, a bhí le Gaillimh nuair a bhuaigh siad Corn Mhic Uidhir i 1998. “Chabhraigh sé liom féin agus na leaids eile aitheantas a fháil cinnte,” a deir Ó Domhnaill.

Is i gcoinne Órán Mór a bhí an Cheathrú Rua i gcluiche ceannais an chontae 1996 agus an dá fhoireann san iomaíocht i gcluiche ceannais den chéad uair. Bhí buaite acu cheana ar bhoic mhóra na peile i nGaillimh, leithéidí Cora Finne, Cill Fhir Iarainn agus Creagán-Maigh Locha, agus shílfeá dá bharr go gcuirfí fáillte roimh an scéal go raibh foirne nua ag iarraidh gaisce stairiúil a dhéanamh. Ní shin mar a bhí, áfach, dar le Garry Mac Donncha.

“Dúradh gurb é tuaisceart na Gaillimhe croílár na peile agus chuala mé caint gur drochlá don pheil i nGaillimh a bhí annnuair gur muide, foireann Ghaeltachta agus Órán Mór a bhí sa chluiche ceannais.”

Cé go raibh an dearcadh postúil sin fós le mothú i dtuaisceart an chontae, bhí comharthaí ann roimhe sin go raibh éirí amach ar tí tarlú san iarthar. Bhuaigh an Cheathrú Rua Sraith an Chontae an bhliain roimhe sin agus, dar le Ó Domhnaill agus Mac Donncha, bhí meascán maith imreoirí, idir óg agus aosta, acu.

“Is dóigh go raibh ceannairí ag teacht isteach ar an bhfoireann an t-am sin. Bhí Pat Comer, imreoir contae, againn agus Anthony Finnerty, a bhí ag imirt do Mhaigh Eo. Bhí Seán Óg ar fhoireann na Gaillimhe agus bhí Seán Ó Domhaill gar go maith dhó. Bhí Kevin Terry Mac Donnacha ann chomh maith agus Aodán Ó Sé, imreoir idirchontae eile,” a deir Mac Donncha.

Ar lá an chluiche féin, agus iad ag ullmhú sa seomra feistis, ba léir an buntáiste a bhain leis an taithí sin.

“Is cuimhin liom, roimh an gcluiche, thug Pat Comer óráid iontach. Ní fear iontach tiufáilte nó crua a bhí ionamsa ach is cuimhin liom gur cheap mé go mbeadh mé ina dhiaidh sin go mbeinn in ann rith tríd an mballa! Is píosa dochreidte cainte a bhí ann ó thaobh sinn a spreagadh,” a deir Mac Donncha.

Is léir gur oibrigh an chaint sa seomra feistis mar ba iad an Cheathrú Rua ab fhearr i dtús an chluiche, fiú agus Anthony Finnerty curtha den pháirc gan ach cúig nóiméad imeartha.

Taispeánadh cárta dearg d’imreoir as Órán Mór go luath ina dhiaidh sin agus cé go raibh fir na Gaeltachta ag imirt i gcoinne na gaoithe sa chéad leath sin, bhí siad 0-7 i gcoinne 0-3 chun tosaigh ag leath ama, agus cúilíní aimsithe ag Mac Donncha féin (0-2), Seán Óg de Paor (0-3), Aodán Ó Sé (0-1) agus a dheartháir Iarflaith (0-1).

Seans gur mheas imreoirí na Ceathrún Rua go raibh an obair chrua uile déanta acu an tráth sin mar thit an tóin astu sa dara leath. D’aimsigh Órán Mór cúilín i ndiaidh cúilín agus, gan ach cúig nóiméad fágtha, bhí siad imithe dhá chúilín chun tosaigh ar fhir na Gaeltachta, 0-10 in aghaidh 0-8.

Agus an chuma ar an scéal go raibh siad buailte, d’éirigh leis an gCeathrú Rua an taoide a chasadh le cúl cinniúnach, cúl a raibh tábhacht ag baint leis ní hamháin sa chluiche sin, ach i stair na peile sa cheantar agus sa chontae.

Bronnadh cic saor ar Sheán Ó Domhnaill i lár na páirce, thug sé do Chiarán Ó hIarnáin í a thug pas do Sheán Óg de Paor a sheol an pheil chomh fada le Garry Mac Donncha a bhí 20 slat amach ón gcúl. Agus cosantóirí Órán Mór ag déanamh air, sheol Mac Donncha urchar isteach i mbarr na heangaí.

Tá áit ag Mac Donncha ó shin in annálacha na peile i gConamara, ach bhí an t-ádh leis go raibh sé fós ar an bpáirc, dar leis féin.

“Ní raibh liathróid ar bith feicthe agam sa dara leath. Tháinig ceann amháin i mo bhealach agus chaill mé í. Dúradh liom i ndiaidh an chluiche gur beag nár baineadh ón bpáirc mé!”

D’fhág an cúl an Cheathrú Rua pointe chun cinn, 1-8 in aghaidh 0-10, ach tar éis dóibh teacht aniar iontach a dhéanamh chlis ar spiorad Órán Mór nuair a ghéill siad an scór tábhachtach sin.

“Tá a fhios agam nár chuir sé muid ach pointe chun cinn, ach b’fhiú níos mó ná trí chúilín an cúl sin. D’aithneofá an t-athrú a tháinig ar imreoirí Órán Mór, bhí siad buailte.”

Carraroe 1996 GAA

I ndiaidh a chúil, fuair Mac Donncha dhá chúilín eile agus fuair Iarflaith Ó Sé ceann eile chun barr smaise a chur ar chlár na scór. Nuair a séideadh an fheadóg dheiridh, thug an slua ruathar faoin bpáirc agus ba dhóigh leat go raibh muintir na Ceathrú Rua ar fad ann.

Chruthaigh na socruithe speisialta a bhí i bhfeidhm do chraobh 1996 nasc ar leith idir an fhoireann agus a lucht tacaíochta mar gheall ar na haistir fhada a bhí le déanamh acu ar bhóthar an N17.

“Bhí Páirc an Phiarsaigh fós dúnta ag an am agus d’imir muid gach cluiche, seachas an ceann in aghaidh Mhionlaigh, thíos i dTuaim. Is turas fada é sin ón gCeathrú Rua agus tharraing sé na daoine le chéile,” a deir Seán Ó Domhnaill.

Ní hiad muintir na Ceathrún Rua amháin a bhí i láthair ar an lá mór, áfach.

“Bhí mé ag breathnú siar ar an gcluiche ar fhíseán cúpla bliain ó shin agus d’aithneofá gach duine sa slua. Ach thaistil daoine eile ann, ó cheantar na nOileán agus áiteanna eile i gConamara chun tacú linn,” a deir Mac Donncha.

Ba léiriú an tacaíocht a thug cumainn eile ó Chonamara don Cheathrú Rua ar a thábhachtaí agus a stairiúla a bhí an bua. Ba naimhde i saol na peile de ghnáth iad ach ag ceiliúradh a bhí muintir Chonamara ar fad an lá sin. Chuaigh an tacaíocht sin i bhfeidhm go mór ar fhir na Ceathrún Rua.

“Ba í an chéad tine cnámh a chonaic muid agus muid ag dul siar abhaile ná an ceann sa Spidéal, ag na Thorntons. Beidh mé buíoch as sin go deo. Thaispeáin sé an meas a bhí ann don rud a bhí bainte amach againn, Corn Mhic an tStionnaigh a thabhairt ar ais go Conamara,” a deir Ó Domhnaill.

Thosaigh Mac Donncha ag obair le RTÉ i mBaile Átha Cliath an tseachtain roimh an gcluiche ceannais, agus níor imir sé ach cúpla cluiche eile don Cheathrú Rua ina dhiaidh sin. Bhí sé ag tráchtaireacht ar chluiche ceannais na hÉireann le déanaí agus 20 bliain i ndiaidh an bhua stairiúil sin, cuireadh gaiscí an lae i gcuimhne dó arís.

“I ndiaidh an chéad chluiche idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo, casadh fear éigin as Uachtar Ard orm agus nuair a chuala sé m’ainm dúirt sé, ‘Ó, tusa an fear a scóráil an cúl!'”

Agus é ag glacadh leis an gcorn i bPáirc Naomh Iarfhlatha an lá sin, dúirt captaen na Ceathrún Rua, Mícheál Ó Domhnaill, go raibh súil aige nach mbeadh 58 bliain eile ann sula mbuafadh foireann as Conamara Corn Mhic an tSionnaigh arís.

I ndiaidh an rath uile a bhí ar fhoireann na Gaillimhe tar éis don Cheathrú Rua Craobh an Chontae a thabhairt leo i 1996, seans nach iad muintir Chonamara amháin atá ag súil nach mbeidh fanacht 38 bliain eile orthu.

Back page copy

Inside page