Cén Ghaeilge atá ar ‘Teenage Dirtbag’? Plé ar bun le Wheatus faoi albam Sheachtain na Gaeilge…

Labhair Eoghan Mac Diarmada ó 2FM leis an mbanna ceoil Wheatus faoi amhrán i nGaeilge a thaifeadadh do ‘Ceol 18’

Cén Ghaeilge atá ar ‘Teenage Dirtbag’? Plé ar bun le Wheatus faoi albam Sheachtain na Gaeilge…

D’fhéadfadh go mbeidh an banna ceoil rac mór le rá ‘Wheatus’, a tháinig chun cinn ag deireadh na 1990idí, le cloisteáil ag canadh i nGaeilge ar an albam nua CEOL 18 atá á chur le chéile i láthair na huaire.

Tá an craoltóir aitheanta ó 2FM, Eoghan Mac Diarmada, ar thóir ceoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta le hamhráin a thaifeadadh d’albam nua a thiocfaidh amach i gcomhair Sheachtain na Gaeilge 2018.

Dhá bhliain déag ó shin eisíodh ‘Snag ’05’, albam ceol nua-aimseartha a raibh ceoltóirí aitheanta le cloisteáil air agus amhráin dá gcuid féin aistrithe go Gaeilge acu do Sheachtain na Gaeilge. ‘CEOL’ a thugtar ar na halbaim anois, agus is é Mac Diarmada a bhíonn á gcur chun cinn.

Dé Sathairn, d’fhiafraigh an craoltóir dá 80,000 leantóir ar Twitter cé na ceoltóirí ba mhaith leo a chloisteáil ar an albam nua a thiocfaidh amach an bhliain seo chugainn.

Tugadh os cionn 200 freagra ar an gceist agus i measc na bhfreagraí sin moladh Wheatus. Chuir an té a mhol clib ar chuntas oifigiúil Twitter an bhanna agus d’fhreagair Wheatus an moladh.

Bhí iontas ar fhear 2FM, agus d’iarr sé cead teachtaireacht phríobháideach a chur chuig Wheatus leis an togra Gaeilge a phlé, iarratas a cheadaigh an dream a bhain cáil amach leis an amhrán ‘Teenage Dirtbag’.

Tá spéis léirithe ag an gceoltóir rap Maverick Sabre, as Contae Loch Garman, sa togra freisin.

Sa bhliain 2015, fógraíodh go raibh Ed Sheeran i measc na gceoltóirí a bheadh le cloisteáil ar CEOL 16. B’in é an chéad uair a raibh ceoltóir nach Éireannach é agus a raibh cáil mhór idirnáisiúnta air páirteach sa togra. Tá os cionn 100,000 radharc ag an bhfíseán a cruthaíodh don amhrán Ag Smaoineamh Os Ard (Thinking Out Loud), agus na mílte daoine eile tar éis éisteacht leis ar shuíomh Raidió Rí-Rá.

Eoghan Mac Diarmada

Mhol daoine eile ar Twitter an t-amhránaí Niall Horan, as an Muileann gCearr, a bhain cáil mhór amach leis an mbanna ceoil One Direction, chomh maith le P!nk, Hozier, Coldplay agus James Vincent McMorrow.

Is iondúil gurb iad foireann Chonradh na Gaeilge a chuireann Gaeilge ar na hamhráin mhóra Bhéarla d’albaim ‘CEOL’. Ar ndóigh, tá an t-uafás liricí aistrithe ag leithéidí Choláiste Lurgan in Indreabhán freisin.

Bíonn an-tóir ar na leaganacha Gaeilge agus is minic a chasann leithéidí The Coronas agus The Riptide Movement na leaganacha sin ag ceolchoirmeacha ar fud na hÉireann.

Ní raibh Eoghan Mac Diarmada ar fáil le heolas a thabhairt faoin gcomhrá príobháideach a bhí aige le Wheatus.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge atá ar ‘Teenage Dirtbag’? Plé ar bun le Wheatus faoi albam Sheachtain na Gaeilge…'