‘Caithfear tránna an Spidéil a dhúnadh mura ndéantar beart láithreach’ — Cumann Forbartha an bhaile

Dúirt bainisteoir Chumann Forbartha an Spidéil gur údar mór imní é an scéala gur aimsíodh ‘superbug’ san uisce ag dhá thrá sa bhaile beag Gaeltachta

‘Caithfear tránna an Spidéil a dhúnadh mura ndéantar beart láithreach’ — Cumann Forbartha an bhaile

Caithfear tránna an Spidéil a dhúnadh mura ndéantar “beart láithreach” le dul i ngleic leis an “superbug” a fuarthas ar dhá thrá sa bhaile Gaeltachta le linn staidéir a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ansin anuraidh.

Dúirt Aodán Mac Donncha, bainisteoir an Chumainn Forbartha, gur údar mór imní é an scéala a tháinig chun solais inné gur aimsíodh an ‘tarbhfhríd’ nó an ‘superbug’ NDM ag Trá na mBan agus Trá na Seanchéibhe ar an Spidéal. Is beag tionchar a bhíonn ag na hantaibeathaigh is láidre dá bhfuil ann ar an bhfrídín NDM.

“Dúirt dochtúir teaghlaigh anseo sa Spidéal fadó go raibh tocsain ar an gcladach agus nár mhaith leis dul ag siúl ar an trá fiú. Mura ndéantar beart láithreach faoin bhfadhb seo, caithfear tránna an Spidéil a dhúnadh agus má dhéantar é sin, tá sé chomh maith againn tionscal na turasóireachta sa cheantar a dhúnadh freisin.

“Cén chaoi a bhféadfadh muid turasóirí a mhealladh le fanacht sa Spidéal, baile beag cladaigh, mura mbíonn an cladach sin sábháilte? Ní caint atá uainn ag an bpointe seo ach beart,” a dúirt Mac Donncha.

Dúirt Mac Donncha gur ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Uisce Éireann atá an fhreagracht an fhadhb a réiteach agus go gcaithfidh an Chomhairle agus an áisíneacht uisce oibriú as lámh a chéile “sa ghearrthéarma” leis an bhfadhb a leigheas agus ansin go mbeadh orthu dul i dteagmháil leis an bpobal le réiteach “fadtéarmach” a fháil ar an scéal.

Dúirt Mac Donncha nach leor an “t-uasghrádú” atá beartaithe ar an gcóras séarachais atá sa Spidéal faoi láthair agus gur gá an córas a mhéadú anois mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar dhaonra an bhaile ó cuireadh an córas séarachais ar fáil sna 1930idí.

Ba mhaith leis an gCumann Forbartha go ndéanfadh an Chomhairle Contae monatóireacht rialta anois ar chaighdeán an uisce ag an dá thrá atá luaite leis an bhfrídín seo ionas go mbeifear in ann a dhéanamh amach an i méid nó i laghad atá an NDM ag dul san áit.

Dúirt Mac Donncha le Tuairisc.ie go bhfuil “an t-am a d’fhéadfaí a chaitheamh in oifig ag dréachtú pleananna séarachais caite” agus go gcaithfeadh oibrithe na Comhairle Contae “teacht amach as na hoifigí, plean gearrthéarmach a chur i bhfeidhm láithreach, agus ansin teacht chuig an Spidéal agus labhairt le muintir na háite le teacht ar réiteach fadtéarmach”.

Seo an chéad uair ar thángthas ar an bhfrídín NDM ag láthair phoiblí shnámha san Eoraip. Foireann as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, a d’aimsigh an frídín agus iad i mbun staidéir ar uiscí an cheantair.

Cé nach luaitear sa staidéar na tránna atá i gceist, tuairiscíodh ar Times Shasana gur ag tránna an Spidéil – Trá na mBan agus Trá na Seanchéibhe a aimsíodh an tarbhfhríd.

Deir an fhoireann eolaithe a rinne an staidéar go bhfuil an baol ann go mbeadh a leithéid de fhrídín in áit ar bith a scaoiltear séarachas neamhchóireáilte amach san fharraige.

Deirtear sa staidéar gur séarachas daonna is cúis leis an truailliú ag na tránna sa bhaile Gaeltachta i gConamara. Aimsíodh an t-ábhar truaillithe sin i samplaí uisce a fuarthas ag na tránna ar an Spidéal an samhradh seo caite.

Fág freagra ar '‘Caithfear tránna an Spidéil a dhúnadh mura ndéantar beart láithreach’ — Cumann Forbartha an bhaile'