CÁIPÉISÍ 1986: Ba mhó ag an Rialtas dualgais tuirlingthe ná turasóirí do Mhaigh Eo

Bhí conspóid nach beag ag baint le hAerfort Chnoc Mhuire nuair a osclaíodh go hoifigiúil é ar an 30 Bealtaine, 1986 agus bhí go leor den tuairim gur eilifint bhán a bhí ann

CÁIPÉISÍ 1986: Ba mhó ag an Rialtas dualgais tuirlingthe ná turasóirí do Mhaigh Eo

Ba thábhachtaí i bhfad don rialtas an dualgas a bhí ar eitiltí trasatlantacha tuirlingt ag Aerfort na Sionainne a choinneáil 30 bliain ó shin ná na mílte turasóirí a thabhairt go Maigh Eo. Sin an tátal atá le baint as comhad de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh le déanaí faoin Riail 30 Bliain.

Bhí conspóid nach beag ag baint le hAerfort Chnoc Mhuire nuair a osclaíodh go hoifigiúil é ar an 30 Bealtaine, 1986 agus bhí go leor den tuairim gur eilifint bhán a bhí ann nach meallfadh mórán paisinéirí. Glacadh leis ón tús gur ag brath a bheag ná a mhór ar lucht oilithreachta a bheadh an t-aerfort. Chinn rialtas an ama droim láimhe a thabhairt le hiarratas ó chomhlacht oilithreachta as Meiriceá sular osclaíodh an t-aerfort ar an bhonn go mbeadh sé ag teacht salach ar stádas Aerfort na Sionainne agus ar an dualgas a bhí ar eitiltí trasatlantacha stopadh ann.

Ba é an comhlacht cairteitilte Blue Army/Skystar International a rinne an t-iarratas chuig an Roinn Cumarsáide sa bhliain 1986. Bhí sé i gceist ag Blue Army tuairim is 5,000 turasóir a thabhairt go Cnoc Mhuire gach bliain agus iad ar a mbealach ar ais as dhá láthair oilithreachta eile san Eoraip. Bheadh na cairteitiltí ag feidhmiú ceithre lá sa tseachtain idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair. Thosódh an tseirbhís i 1987 ach dúradh go neamhbhalbh ina n-iarratas nach mbacfaidís gnó a thabhairt go Cnoc Mhuire dá mba rud é go mbeadh ar a gcuid eitleán tuirlingt in Aerfort na Sionainne.

Cé nach raibh aon reachtaíocht ann a chuir dualgas ar na heitiltí dul go dtí an tSionainn bhí comhaontuithe déthaobhacha déanta ag an stát le tíortha éagsúla ina leith le dhá scór bliain roimhe sin. Chuirfí deireadh leis an riachtanas docht seo, dar leis an Roinn Cumarsáide, dá mba rud é go ndéanfaí eisceacht de Blue Army. Dá mbeadh athrú polasaí beartaithe bheadh ar an rialtas dul i gcomhairle le rialtas Mheiriceá agus bheadh an baol ann go ndéanfadh siadsan iarracht deireadh ar fad a chur le dualgas na Sionainne.

I meamram a chur an tAire Cumarsáide, Jim Mitchell, faoi bhráid an Rialtais dúradh gur cheart diúltú don iarratas ar na cúinsí seo a leanas:

  1. Dá nglacfaí lena n-iarratas d’fhéadfaí coimitmint an rialtais gurb é Aerfort na Sionainne an t-aon tairseach aeir chun na tíre a cheistiú. Thabharfadh sé sin leithscéal do rialtas Mheiriceá iarratas a dhéanamh deireadh a chur le dualgas tuirlingthe na Sionainne ina iomláine.
  2. Dhéanfaí beag is fiú den infheistíocht mhór a rinne Aer Rianta in Aerfort na Sionainne agus ar an chaiteachas margaíochta a rinne an stát i réigiún na Sionainne le blianta fada anuas.
  3. Tharraingeofaí clampar sa réigiún dá ngéillfí don iarratas mar go léireodh sé easpa tiomantais an rialtais do cheantar an lár-iarthair agus go mbeadh postanna i mbaol ann dá thairbhe.
  4. Bheadh an baol ann go mbeadh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorc ag éileamh a mhacasamhail de shocrú agus bheadh sé fíor-dheacair diúltú d’iarratas as Corcaigh.

I ndeireadh ama, chinn an tAire Mitchell nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid: “this proposal from Blue Army/ Skystar International is not of sufficient importance to justify a change in policy on the status of Shannon with the downside risks involved.”

Chinn an rialtas i mí na Nollag glacadh le comhairle an Aire Cumarsáide agus diúltú d’iarratas Blue Army.