Bethlehem, Caliphate, electioneering agus mixed martial arts i measc na bhfocal nua atá curtha leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge

Cuireadh 6,000 ceannfhocal nua leis an bhfoclóir inniu agus súil ag lucht na foclóireachta go gcuirfear an obair atá fós le déanamh i gcrích faoi shamhradh na bliana seo chugainn

pres-higgins-eng-iri2c3893

Is mór an cúnamh a bheidh sa stór focal nua atá curtha inniu leis an suíomh focloir.ie don trodaí Conor McGregor nuair a dhéanfaidh sé a chéad agallamh Gaeilge eile le Nuacht TG4.

mixed martial arts (ealaíona comhraic measctha) i measc na 6,000 ceannfhocal atá beo ar an suíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar an suíomh anois.

Tá 12,000 ‘aonad céille’ curtha leis an suíomh inniu rud a fhágann go bhfuil 90% d’ábhar deiridh an fhoclóra beo anois. Beidh an 10% deiridh den ábhar le cur ar focloir.ie i rith shamhradh na bliana 2016 agus cuirfear leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil sa bhliain 2017.

I measc na bhfocal eile atá curtha ar an suíomh inniu, díreach in am d’aimsir na Nollag, tá Bethlehem (Beithil) agus Nazareth (Nazarat).

Roghnaítear na focail atá le huaslódáil bunaithe ar a minicíocht sa Bhéarla, aiseolas ón bpobal agus taighde ar na focail is mó cuardach ar an suíomh. Bunaítear an rogha chomh maith ar na himeachtaí a bhíonn go mór i mbéal an phobail.

Beidh olltoghchán ar siúl sa dá dhlínse an bhliain seo chugainn agus is cinnte go mbeidh go leor cainte sna meáin agus i measc an phobail faoi electioneering (toghchánaíocht), re-election (atoghchán) agus re-elect (atogh).

Ghoill na hionsaithe sceimhlitheoireachta san Afraic, san Eoraip, i Meiriceá agus sa Mheán-Oirthear ar dhaoine ar fud an domhain agus ba iad ba chúis leis na focail radicalise (radacaigh), radicalisation (radacú) agus caliphate (cailifeacht) – an cineál stáit a theastaíonn ó ISIS a bhunú – a bheith go mór i mbéal an phobail i mbliana.

Tá na téarmaí tíreolaíochta Gaza (Gaza) agus West Bank (An Bhruach Thiar)  curtha leis an bhFoclóir Nua freisin.

Anuas ar an líon mór focal a cuireadh leis an suíomh inniu, cuireadh tuilleadh slachta ar ábhar uile an tsuímh bunaithe ar aiseolas ón bpobal le linn na bliana.

Seoladh aip an Fhoclóra ag an Oireachtas i mbliana. Beidh nuashonrú saor in aisce le fáil ar an aip sin don té a mbeadh sé ceannaithe aige san athbhliain ar a mbeidh na hiontrálacha nua a cuireadh leis an suíomh inniu.

Tá aip beartaithe do teanglann.ie, an suíomh ar a bhfuil leaganacha digitithe d’fhoclóirí Uí Dhónaill, de Bhaldraithe agus Uí Mhaoileoin, don bhliain seo chugainn freisin.

Fág freagra ar 'Bethlehem, Caliphate, electioneering agus mixed martial arts i measc na bhfocal nua atá curtha leis an bhFoclóir Béarla-Gaeilge'