Beochomhrá Gaeilge faoi Litreacha 1916 ar Twitter tráthnóna

Beidh litreacha i nGaeilge a scríobhadh le linn tréimhse Éirí Amach na Cásca á bplé ar Twitter tráthnóna inniu idir 5.30 agus 6.30

LETTERS1916 (1)Beidh beochomhrá i nGaeilge á óstáil ag an gcuntas @Letters1916 tráthnóna inniu idir 5.30 agus 6.30in faoin haischlib #AskLetters1916 ar Twitter.

Is togra ar leith é ‘Letters of 1916’, an chéad togra poiblí dá leithéid in Éirinn.

Tá cnuasach á chur le chéile de litreacha a scríobhadh ó mhí na Samhna 1915 go mí na Samhna 1916.

Bíonn beochomhráite ag lucht stiúrtha an togra leis an bpobal uair sa mhí ar Twitter. Roghnaítear téama ó na litreacha agus déantar plé ar an téama sin.

Faoi stiúir Emma Ní Chearúil, Forbróir Ardán Ilmheán Chonradh na Gaeilge, a bheidh comhrá an lae inniu a dhíreoidh ar litreacha i nGaeilge. Tá 2,600 litir ar fad cnuasaithe ag an togra go dtí seo ach níl ach 14 acu sin i nGaeilge.

“Tá muid ag súil go músclóidh an beochomhrá ar Twitter anocht spéis an phobail i litreacha a scríobhadh i nGaeilge aimsir an Éirí Amach. Níl ach fíorbheagán litreacha againn i nGaeilge agus tá súil againn go dtiocfaidh níos mó isteach i ndiaidh seo.

“B’fhéidir go bhfuil litreacha ag daoine sa mbaile nach dtuigeann siad toisc go bhfuil siad i nGaeilge agus nach dtuigeann siad an luach staire atá acu. Beidh muid ag plé ábhar na litreacha atá againn agus ag cuartú litreacha nua ón bpobal tráthnóna inniu,” a mhínigh Ní Chearúil do Tuairisc.ie

Is féidir na litreacha Gaeilge atá ag cnuasaithe go dtí seo a léamh ar shuíomh ‘Letters of 1916’. Tá litreacha ó láimh an Phiarsaigh, Chathail Bhrugha agus Éamoinn Cheannt i measc an chnuasaigh chomh maith le roinnt mhaith comhfhreagras idir Piaras Béaslaí agus lucht a aitheantais.

Beidh sraith léachtaí agus ceardlanna á reáchtáil mar chuid den togra amach anseo i nGaillimh agus i gCorcaigh san fhómhar. Bhí ceardlanna agus léachtaí i gColáiste na Tríonóide agus i Maigh Nuad cheana féin.

Tá sé i gceist an cnuasach a chur ar fáil go poiblí agus léargas a thabhairt ar an saol mar a bhí in Éirinn aimsir na réabhlóide. Tá os cionn 700 duine i mbun an tras-scríofa ar bhonn deonach cheana féin agus cuirfidh lucht stiúrtha an togra fáilte roimh dhaoine nua ar spéis leo páirt a ghlacadh ann – go háirithe iad sin a bhfuil léamh agus scríobh na Gaeilge acu.

Féadfaidh duine ar bith a bhfuil litir a scríobhadh idir Samhain 1915 agus Samhain 1916 ina sheilbh aige an litir sin a uaslódáil chuig suíomh an togra agus cur leis an gcnuasach.