Bean Áras na nGael roghnaithe mar ‘Bhanríon na nDaoine Rua’

Tá sé i gceist ag Emma Ní Chearúil an ruacht agus an Gaelachas a shní le chéile ina ról nua mar Bhanríon na Ruadhán

Bean Áras na nGael roghnaithe mar ‘Bhanríon na nDaoine Rua’

Tá sé i gceist ag Banríon na Ruadhán, Emma Ní Chearúil, a corónaíodh ag Comhdháil na Ruadhán i mBun an Tábhairne i gContae Chorcaí ag an deireadh seachtaine an “nasc idir an ruacht agus an Gaelachas a láidriú” le linn a réimis bliana.

Bronntar teideal ‘an Rí’ agus ‘an Bhanríon’ ar bheirt a bhfuil gruaig rua orthu gach bliain agus is í Ní Chearúil, as Contae Chill Dara, agus Andy O’Neill, as Contae Chill Chainnigh, a bheidh mar ionadaithe a dtreibhe as seo go ceann bliana.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Chearúil, a bhíonn ag obair in Áras na nGael, ceannáras Chonradh na Gaeilge sa Ghaillimh, go gceapann sí gur chabhraigh sé léi gur cainteoir Gaeilge atá inti nuair a bhí na moltóirí ag roghnú na mbuaiteoirí.

“Tá cúpla ainm Gaelach laistigh de chóta na Banríona [ainmneacha na n-iarbhanríonacha] mar sin is dóigh go raibh cúpla Banríon Ghaelach ann romham. Is dóigh gur sheas sé dom agus mé san iomaíocht, agus tá súil agam an Gaelachas a chur chun cinn.

“Is cinnte go bhfuil nasc ann idir a bheith rua agus a bheith Gaelach, cé nach bhfuil gach uile ruadhán Gaelach agus níl gach uile Ghael rua! Ach tá mé ag iarraidh an nasc a chur trasna agus an Gaelachas a chur chun cinn i rith na bliana,” a dúirt sí.

Bhí tuairim is 2,500 duine i láthair ag Comhdháil na Ruadhán a bhíonn ar siúl gach bliain le seacht mbliana anuas sa bhaile beag seoltóireachta i ndeisceart Chorcaí.

Cé gur daoine rua den chuid is mó a fhreastalaíonn ar an gComhdháil, dúirt Ní Chearúil go mbíonn “fáilte roimh gach uile dhuine freastal uirthi agus an ruacht a cheiliúradh”.

“Chas mé le go leor daoine spéisiúla ó gach uile chearn den domhan. Cheap mé go raibh turas fada déanta agamsa as Gaillimh ach bhí daoine ann ó Vancouver agus Melbourne.

“Féile iomlán, trí lá, atá ann agus bítear ag campáil ann agus ag déanamh gach rud eile a mbeifí ag súil leis ag féile. Thaitin an ceol agus imeachtaí do ghasúir go mór liom, cé gur mór an trua nach raibh an aimsir chomh deas sin,” a dúirt sí.

Ní raibh aon súil ag Ní Chearúil leis an mbua nuair a thug sí aghaidh ar Bhun an Tábhairne ar dtús ach dúirt sí go bhfuil sí ag súil anois le ‘freagrachtaí’ an phoist.

“Dúradh liom cúpla uair cuir isteach ar chomórtas éigin agus mé ag an bhféile agus bhí rannóga éagsúla ann. Bhí sé i gceist agam cur isteach ar cheann de na rannóga eile ar dtús ach níor fheil aon cheann acu dom – níl an oiread sin bricíní orm agus níl féasóg álainn orm fós!

“Ní raibh mé ag súil leis an mbua, bhí iontas orm i ndáiríre, ach tá mé an-sásta glacadh leis agus ag súil leis an mbliain atá romham. Beidh roinnt imeachtaí le freastal orthu mar bhanríon, Paráid Lá Fhéile Pádraig mar shampla, agus beidh mé i m’ionadaí don Chomhdháil féin agus do Chumann Ailse na hÉireann ar feadh bliana,” a dúirt sí.

Tá súil ag Ní Chearúil freastal ar Lá Idirnáisiúnta na Ruadhán a bheidh ar siúl san Ísiltír ag tús na míosa seo chugainn, áit a mbeidh sí mar ionadaí ag na ruadháin as Éirinn ag an ócáid a mbeidh 6,000 duine rua ó gach cearn den domhan ag freastal uirthi.

“Nuair a bhíonn tú óg, bíonn tú ag iarraidh a bheith cosúil le gach uile dhuine eile. Ghlac sé roinnt ama orm an luach a bhaineann le tréith dhifriúil a bheith agat a aithint agus tá mé bródúil as a bheith rua anois. Sin an chúis ar thaitin an fhéile seo liom, tá an bród sin á thabhairt anois do dhaoine óga rua ag aois an-óg.

“Rud speisialta agus iontach atá ann. Déanann siad an-jab ag an bhféile agus tá mé ag súil le dul chun na hÍsiltíre agus seasamh i slua chomh mór sin agus gach duine timpeall orm rua!” a dúirt sí.