Carr a bhí sáinnithe ar Bhóthar Ché Dhún Chaoin tugtha as

Chuaigh carr ceangailte sna ballaí ar an dá thaobh de Bhóthar Ché Dhún Chaoin ag 9pm aréir agus bhí an tiománaí sáinnithe ina charr thar oíche

Carr a bhí sáinnithe ar Bhóthar Ché Dhún Chaoin tugtha as

Tá Cé Dhún Chaoin in Iarthar Duibhneach, a bhí dúnta ó mhaidin toisc tiománaí a bheith sáinnithe ina charr ar an mbóthar síos go dtí an ché, oscailte arís.

Tuairiscítear go ndeachaigh an carr ceangailte sna ballaí ar an dá thaobh den bhóthar casta cúng ó Bharr na hAille síos go dtí an ché timpeall 9pm aréir agus go raibh an tiománaí sáinnithe ina charr thar oíche.

Timpeall meán lae inniu, d’éirigh le tarracóir agus tochaltóir an carr a thabhairt anuas ón mbóthar.

Dúirt duine amháin a bhí ar an láthair gur chosúil go raibh an tiománaí, ar Éireannach é, ag súil go bhféadfadh sé dul ag campáil in aice leis an gcé ag bun an bhóthair. Tugadh an tiománaí slán ón gcarr ina raibh sé sáinnithe thar oíche níos túisce ar maidin agus tuairiscítear go bhfuil sé ag teacht chuige féin i ndiaidh na heachtra ach nach bhfuil sé gortaithe.

Cuireadh an tseirbhís farantóireachta ó Dhún Chaoin go dtí an Blascaod Mór ar ceal níos túisce inniu agus bhí slua mór turasóirí a raibh súil acu bád a fháil go dtí an Blascaod inniu ag fanacht ar An Móinteán ag barr Bhóthar Ché Dhún Chaoin ar feadh na maidine. Tá an tseirbhís ar fáil arís.

IMG_0258

 

Fág freagra ar 'Carr a bhí sáinnithe ar Bhóthar Ché Dhún Chaoin tugtha as'

  • Mícheál

    Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta de seo – cheapfá nár cheangail aon fheithicil ariamh san áit sin roimhe seo. Ambaiste, ach gur cuimhin liomsa gluaisteáin a bheith ceangailte ann ó am go chéile….tiománaithe bochta a cheap go bhféadfaidís dul síos isteach ar an gcéibh le mótars.
    Ar ndóigh, is do asail agus úimeacha a deineadh an cosán seo an chéad lá – sea agus do chaoire (ní raibh aon chuimhneamh ar asail daonna agus ar fheithicilí móra an uair sin!)….Bíonn an áit dubh le stróinséirí i rith an tsamhraidh.

    Is dócha gur fíor bheagán acu siúd a bhí ag gliúcaíocht ar ché Dhún Chaoin inniu a thuig go bhfuil an sean-chosán, ar an n-iompraíodh muintir an Bhlascaoid agus muintir Dhún Chaoin araon a gcuid éisc go barr an chosáin ghéir seo tráth, sula dtógadh an cosán nua stroighne. Ach tá an sean-chosán dainséarach agus sleamhain anois. Ba chóir bac le deallramh a chur ag barr a chosáin síos go dtí an gcéibh agus ba cheart an sean-chosán a chaomhnú…..

  • padraig

    a leitheid de phleidhce amadain, maru an duna air!