Ba thairbhí duit teanga eile seachas an Ghaeilge? Seafóid, a deir Antonella Sorace…

Labhair Tuairisc.ie le Antonella Sorace bunaitheoir Bilingualism Matters faoina ‘smaointe contúirteacha’ faoin dátheangachas

Ba thairbhí duit teanga eile seachas an Ghaeilge? Seafóid, a deir Antonella Sorace…

Cén tairbhe duit an Ghaeilge a fhoghlaim?

Nárbh fhearr duit a bheith ag foghlaim Sínise nó Fraincis?

Is minic a leithéid cloiste againn.

Ag Féile Imeallach Dhún Éideann an tseachtain seo, thug Antonella Sorace freagra cuimsitheach ar a leithéid de cheisteanna agus í ag caint ag an  ‘Cabaret of Dangerous Ideas’, mar ar chuir sí ‘smaoineamh contúirteach’ dá cuid féin i láthair: go bhfuil teangacha mionlaigh chomh ‘húsáideach’ céanna le teangacha móra.

Is í is fearr fios.

Bhunaigh Antonella Sorace Bilingualism Matters in 2008 mar sheirbhís do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí i nDún Éideann, áit a bhfuil sí ag obair san Ollscoil mar Ollamh le Teangeolaíocht Fhorásach. 

“Mar thuismitheoir atá ag tógáil mo chuid páistí le Béarla agus le hIodáilis, chuir sé iontas orm a laghad a thuig daoine faoin dátheangachas.

“Mar thaighdeoir, shíl mé go raibh dualgas speisialta orainn teagmháil a dhéanamh le daoine taobh amuigh den aos léinn a bhí ag plé leis na ceisteanna teangeolaíochta ar bhonn laethúil,” a deir sí.

Le naoi mbliana anuas, tá Bilingualism Matters aitheanta mar lárionad feabhais in Ollscoil Dhún Éideann agus gréasán de 19 craobh aige ar fud na hEorpa agus i SAM.

“Creideann daoine nach bhfuil teangacha úsáideach mura bhfuil cumhacht pholaitiúil nó eacnamaíochta acu. Déantar beag is fiú de theangacha mionlaigh dá bharr, ach léiríonn an taighde rud eile ar fad.

“An dátheangachas de chineál ar bith, léiríonn sé go bhfuil teanga ar bith úsáideach cionn is go gcruthaíonn sí buntáistí don intinn, is cuma cá haois an duine. Is é an dara teanga a bheith san intinn an rud is tábhachtaí agus ní líon na ndaoine a labhraíonn na teangacha.”

Ach nach bhfuil sé intuigthe sa gheilleagar éiginnte domhanda ina bhfuil muid go mbeadh tuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh a gcuid páistí ag foghlaim teangacha a thabharfadh buntáiste dóibh sa mhargadh idirnáisiúnta fostaíochta?

Tugann Antonella ‘the instrumental view of bilingualism’ air sin. 

“Sin an fáth go bhfuil teaghlaigh ar fud na hEorpa ag iarraidh go bhfoghlaimeodh a gcuid páistí Béarla agus go bhfuil borradh faoin tSínis mar gheall ar fhás eacnamaíochta na Síne. Ní féidir na forbairtí seo a shéanadh ach tá argóint eile ann nach bhfuil chomh haitheanta sin.

“Má tá buntáistí teangeolaíochta agus intinne ag baint leis an dátheangachas de chineál ar bith, ciallaíonn sé sin gur cheart go bhfeicfeadh daoine teangacha mionlaigh mar áiseanna agus mar dheiseanna d’óg agus d’aosta.”

“Tá a fhios againn ón taighde, a deir sí,  nach gcuireann dhá theanga páistí fríd a chéile agus má bhíonn dhá theanga acu gur fusa leo tuilleadh teangacha a fhoghlaim.

“Tá a fhios againn go bhfuil tuigse níos fearr ag páistí dátheangacha ar an dóigh a n-oibríonn teangacha, go dtagann an léamh níos fusa le cuid acu, go mbíonn tuiscint níos fearr acu ar dhearcadh daoine eile, go bhfuil smacht níos fearr acu ar aird – iad seo uilig chomh maith leis na buntáistí a bhaineann le haithne a bheith acu ar níos mó ná cultúr amháin.”

Mar sin féin, dar le Antonella, ní bhaineann gach duine atá dátheangach na buntáistí as cionn is go gcuireann dearcadh diúltach agus cúinsí eile bac ar an fhoghlaim in amanna.

Deir sí gur beag taighde atá déanta in Albain ar an Ghàidhlig, ach gur léir go bhfuil na buntáistí céanna le Gàidhlig agus Béarla a bheith ag duine is atá le haon dá theanga eile.

“Tá sé léirithe nach gcuireann an Ghàidhlig bac ar an Bhéarla, ceann de na míthuiscintí coitianta faoi mhionteangacha.

“Agus tá staidéir déanta a léiríonn go leanann buntáistí an dátheangachais ar feadh saol iomlán an duine. Ina measc, tá taighde déanta a thugann le fios go gcuidíonn an dátheangachas leis an tsláinte agus fad saoil an duine.”

Sin ráite, admhaíonn sí go bhfuil sé deacair dul i bhfeidhm ar an aos acadúil faoi thábhacht teangacha “mar gheall ar easpa eolais”.

“Anseo sa Ríocht Aontaithe, is rud breise é foghlaim teangacha. Dá mbeadh tuismitheoirí, múinteoirí agus na daoine atá ag obair sna seirbhísí sláinte ar an eolas faoi bhuntáistí an dátheangachais, d’fheicfidís an rath a bheadh ar mhaoiniú a thabhairt dó. Sin an fáth gur bhunaigh mé Multilingual Matters in 2008.”

Fág freagra ar 'Ba thairbhí duit teanga eile seachas an Ghaeilge? Seafóid, a deir Antonella Sorace…'

  • maitiu

    Tugtar cuireadh anall go hEirinm di chin labhairt linn faoi na nithe sin.

  • Rióna

    Thug an tOllamh Sorace an-chaint ar an ábhar seo in OÉG in Aibreán 2016
    ag an chomhdháil phoiblí
    “An tIlteangachas á cheiliúradh” https://multilingualism2016.wordpress.com

  • Éadóchasach

    Cén fáth a mbeadh orainn rogha a dhéanamh idir an Ghaolainn agus teangacha eile? Cén fáth nach ndéanfaimist iarracht trí nó ceithre cinn de theangacha a fhoghlaim agus síor-iarracht a chur leis an méid sin ar feadh an tsaoil atá romhainn? Tá a fhios agaibh go bhfuil inchinn an duine in ann do níos mó ná dhá theanga, ná fuil?

  • Mánus

    Teastaíonn eolas ar thrí theanga anois ag Ghaeilgeoirí le go mbeadh comhthéacs níos leithne ag an Ghaeilge seachas an síorchoimhlint idir dhá theanga. Beidh an lámh in uachtar i gcónaí ag Béarla atá beagnach éigeantach anois go hidirnáisiúnta. Teastaíonn páirtí eile ag an Ghaeilge.