‘An saol in Éirinn sa bhliain 1916’ – leagan Gaeilge de leabhrán staitisticí seolta ag an CSO

Tá eolas faoin saol mar a bhí, bunaithe ar dhaonáireamh 1911 agus cáipéisí stairiúla eile ó aimsir an Éirí Amach sa leagan Gaeilge den leabhrán nua atá curtha amach ag an CSO mar chuid de chomóradh 1916

‘An saol in Éirinn sa bhliain 1916’ – leagan Gaeilge de leabhrán staitisticí seolta ag an CSO

Tá leagan Gaeilge den leabhrán eolais An Saol in Éirinn sa bhliain 1916: Scéalta ó Staitisticí, a d’eisigh an Príomh-Oifig Staidrimh i mBéarla níos túisce i mbliana, ar fáil anois.

Tugtar léargas san fhoilseachán ar an saol mar a bhíodh 100 bliain ó shin trí fhíricí, cáipéisí stairiúla agus grianghraif na linne. Tá an leabhrán á chur amach mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916. Is cnuasach é an foilseachán den “iliomad eolas staitistice agus foinsí eile staire” atá ar fáil ón mbliain 1916.

Tá fás 46% tagtha ar dhaonra na tíre ó rinneadh daonáireamh 1911, a chuirtear i gcomparáid sa leabhrán le daonáireamh 2011. Tá níos lú daoine óga agus níos mó daoine meánaosta ann sa lá atá inniu ann ná mar a bhí 100 bliain ó shin agus tá athrú mór tagtha ar na hainmneacha a thugtar ar leanaí nuabheirthe, idir bhuachaillí agus chailíní. Is coitianta i bhfad ainmneacha Gaelacha ar leanaí 2011 ná mar a bhí ar leanaí 1911.

Tá aird ar leith tugtha san fhoilseachán ar Eachtraí an Éirí Amach féin, agus cáipéisí stairiúla ó Sheachtain na Cásca 1916 ann. Tá beathnaisnéisíní, bunaithe ar thuairiscí daonáirimh 1911, do chuid de na daoine a ghlac páirteanna móra in Éirí Amach na Cásca sa leabhar freisin; ina measc an Chuntaois Markievicz, Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh.

Bhásaigh 81 leanbh as gach míle sula raibh siad bliain d’aois. Ba i mBaile Átha Cliath a bhí an ráta ab airde i 1916 – bhásaigh 154 as gach 1,000 agus ba i gcontae Ros Comáin a bhí an ráta ab ísle – 35 as gach 1,000. Faoin mbliain 2014, bhí an ráta báis naíonán tite go 4 as gach 1,000.

Tá eolas eile sa leabhrán faoin bpósadh i 1916 – ba phósadh Caitliceach 92% de phóstaí uile na tíre an bhliain sin. Tá laghdú tagtha ar an líon sin agus ar líon na bpóstaí Protastúnacha freisin in imeacht céad bliain.

Ba iomaí bás a bhí in Éirinn céad bliain ó shin ach ní saol fada a bhí ann ag an bhformhór. Mhaireadh fir agus mná na hÉireann 54 bliain ar an meán céad bliain ó shin. Tá an aois sin imithe suas go 78 d’fhir agus 83 do mhná sa lá atá inniu ann.

Níl aon eolas in An Saol in Éirinn sa bhliain 1916 faoi líon na gcainteoirí Gaeilge, ach de réir eolas atá ar fáil ar shuíomh na Príomh-Oifige Staidrimh, tá méadú as cuimse ar líon na ndaoine a thugann le fios go bhfuil Gaeilge acu ó 1911 go 2011 – ó 18% go 41%.

Is féidir teacht ar leagan digiteach den leabhrán  a fháil ar shuíomh na hoifige nó is féidir leagan clóite a iarraidh ar an Aonad Eolas trí ríomhphost a chur chuig eolas@cso.ie.