AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Spiorad Das Boot ag na Tiobradaigh agus ‘guts agus glóir’ ag Éirinn

Beidh iománaithe Tipp thar a bheith sásta – ba cheart go mbeadh – ach bhí iarrachtaí a gcuid peileadóirí lán chomh tábhachtach do CLG

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Spiorad Das Boot ag na Tiobradaigh agus ‘guts agus glóir’ ag Éirinn

An dá chód

Do bharúil, an raibh an t-amhrán cogaidh sin sa chloigeann ag iománaithe Thiobraid Árann? Tá  a fhios agat an ceann – ‘It’s a long way to Tipperary; it’s a long way to go…’. Amhrán atá ann atá luaite leis an Chogadh Mhór go minic. Ach ní hiad saighdiúirí na Breataine amháin a chan é. Samhlaím an radharc cáiliúil sin as Das Boot agus criú Gearmánach an Unterseebháid ag canadh an amhráin chéanna, iad i gcontúirt, ach baineann siad seal beag spraoi as sula dtosaíonn siad ar chreach a dhéanamh arís: los! los! los!

Cibé rud a spreag iad, tuilleann Tiobraid Árann gradam na bliana – is cuma cad é a tharlaíonn idir na Dubanna agus Maigh Woe go luath. Bhain na hiománaithe cluiche den scoth in éadan na gCat; bhain na mionúir gradam uile-Éireann agus chuir peileadóirí an chontae i gcuimhne dúinn gur cheart go mbeadh gach aon chontae in Éirinn ag súil le foireann fhiúntach a chur chun páirce sa dá chód. Ag súil, a dúirt mé, rud nach ionann agus ‘in ann’. Is beag contae mór peile a bhíonn ag súil le bua san iomáint uile-Éireann agus vice versa. Is mór an trua. Tá an saighdiúir seo fada go leor sna trinsí go bhfuil cuimhne aige ar na laethanta sin nuair a bhí Uíbh Fhailí ábalta peil agus iomáint a imirt. (Faraor, níl siad offaly maith ag ceachtar acu anois.)

Is cinnte nach bhfuil sé réalaíoch go mbeadh gach aon imreoir peile nó iománaí sinsearach ag súil le bonn uile-Éireann faoi láthair. Mar sin féin, ba chóir go mbeadh níos mó acu san iomaíocht do na gradaim mhóra. Dá fheabhas é cluiche an Domhnaigh – agus b’iontach an cluiche é – níl cúrsaí iomána ná peile sláintiúil go leor. Tá an dornán beag céanna contaetha san iomaíocht bliain i ndiaidh bliana sa dá chód. Leoga, níl a fhios agam an bhfuil an focal ‘dornán’ rómhór le cur síos a dhéanamh ar na foirne a bheadh in ann dúshlán Mhig Uidhir nó Mhic Cárthaigh a thabhairt. Beidh iománaithe Tipp thar a bheith sásta – ba cheart go mbeadh – ach bhí iarrachtaí a gcuid peileadóirí lán chomh tábhachtach do CLG.

An íocfá as?

Labhair mé cheana faoi dhóchas síoraí an tSasanaigh sa sacar – dóchas a bhí le feiceáil Dé Domhnaigh agus iad ag imirt in éadan na Slóvaice i mbabhtaí cáilithe Chorn an Domhain. Bhí ochtar den fhoireann a chaill in éadan iascairí na hÍoslainne i gCraobh na hEorpa ar an pháirc arís. Sea, is péist ocrach í an pheil idirnáisiúnta agus í ag sú fola (agus airgid) as lucht na leanúna. Níor luaithe craobh na hEorpa thart go gcaithfidh tú an cárta creidmheasa a aimsiú arís eile agus íoc as tuilleadh ‘aicsin’ – nó sacar sa chás seo nó is beag aicsean a bhí le feiceáil. Aon chúl amháin agus 95 nóiméad imeartha a bhain an cluiche do na Sasanaigh ach bua is ea bua. Mar sin féin, an íocfá as? An gcaithfeá do chuid airgid ar a leithéid? Tá an pheil idirnáisiúnta ag éirí chomh leamh leis an phríomhroinn anois. Leoga, bhí duine de na tráchtairí á rá nach raibh ach 33 faoin gcéad de pheileadóirí na príomhroinne i dteideal imirt do Shasana. Chan mórán é agus is beag foireann mhór Shasanach a mbíonn, bhuel, cuid mhór Sasanach ag imirt di ar na saolta seo. Tá an phríomhroinn lofa le hairgead ach tá peil Shasana just lofa!

Guts agus glóir!

Ní raibh Eamon Dunphy rómholtach faoin Phoblacht aréir. 2-2 an scór a bhí ann agus iad ag cur tús lena bhfeachtas do chorn an domhain. Is doiligh bheith anuas air – ní raibh mórán le moladh faoin chluiche. (An íocfá as?) Mar sin féin, mhol sé an fhoireann, á rá go raibh “guts” acu. (B’fhearr liom féin go mbeadh Messi acu ach sin scéal eile!). Guts, an ea? An Phutóglacht abú!