An mó dochar ná maitheas a rinne Éirí Amach na Cásca do chúis na Gaeilge?

Ba i mBéarla a bhí Forógra na Cásca agus gan fiú tagairt ann do chás na teanga. An mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt in Éirinn inniu dá mbeadh muid fós mar chuid den Ríocht Aontaithe?

Untitled-1

Tá sé scór blianta ó shin ó bhíos in éindí le grúpa as Conamara ag féile ceoil nua-aimseartha a bhí ar bun i bhFostasol, in iardheisceart na Breataine Bige. Dream óg is mó a bhí ag an bhféile. Níos óige ná mise ar aon chaoi.  Breatnais ar fad beagnach a bhí le cloisteáil gach taobh, fiú amháin ag lucht díolta sceallóg is burgar ag na seastáin bheatha. I mBreatnais amháin a bhí liosta na bpraghsanna ag na seastáin bheatha seo, agus beagán de náire orainn go raibh orainn iompú ar an mBéarla leis an ordú a dhéanamh.

Chuaigh sé seo i bhfeidhm chomh mór ar dhuine de na ceoltóirí ó Chonamara a bhí taobh liom is go ndúirt sé: ‘An áit a ndeachaigh muide amú go bhfuaireamar réidh leis na Sasanaigh. Murach 1916 agus muid fós á rialú ó Londain bheadh níos mó meas againn ar ár dteanga féin’.

Nuair a dhéantar comparáid idir staitisticí teanga sa Bhreatain Bheag agus na staitisticí  a bhaineann leis an nGaeilge, chaithfí a admháil nach chun leas na Gaeilge a chuaigh an tsaoirse pholaitiúil a d’eascair as Éirí Amach 1916.

Níorbh ghá don Bhreatain Bheag a bheith ‘saor’ ó Westminster lena gceart a dteanga a úsáid le heagrais phoiblí a bhaint amach. Tharla sin 10 mbliana sular thug Teach Laighean aitheantas reachtúil do chearta lucht labhartha na Gaeilge.

Rialtas Westminster a bhunaigh S4C i 1982.

Bhí a dhá oiread níos mó daoine ag labhairt na Breatnaise sa Bhreatain Bheag i 1911 ná mar a bhí daoine a raibh labhairt na Gaeilge acu in Éirinn, de réir fhigiúirí daonáirimh. Inniu tá a thrí oiread níos mó Breatnaiseoirí ná mar atá Gaeilgeoirí a úsáideann an teanga go rialta. Ag éirí as na fíricí seo is ceart an cheist a chur, an mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt in Éirinn inniu, mar ghnáththeanga labhartha i measc an phobail, dá mbeadh muid fós mar chuid den Ríocht Aontaithe?

Bhí alt spéisiúil ag Aindrias Ó Cathasaigh san iris Feasta (Eanáir, 2016) faoin teideal ‘An Teanga i gCnó Caoch na Cásca’.

Bunaithe ar léacht a thug Aindrias i mBéal Feirste a bhí an t-alt ina dtugtar míniú maith ar cén fáth nach raibh Forógra na Cásca i nGaeilge. Ba í an chéad chúis ná cúrsaí clódóireachta. An dara cúis ná nach dtuigfeadh mórán an Forógra dá mba i nGaeilge a bheadh sé, toisc gan Gaeilge a bheith ach ag 4% de mhuintir Bhaile Átha Cliath ag an am. Glacaim leis na pointí sin, agus ní gá níos mó a rá fúthu.

Ach ní mhíníonn sé cén fáth nach bhfuil aon tagairt don Ghaeilge, beag ná mór sa bhForógra.

Ag léamh Fhorógra na Cásca shílfeá nach raibh aon tionchar ag Conradh na Gaeilge ar mheon na ndaoine a chum agus shílfeá nárbh ann don leathmhilliún cainteoirí Gaeilge a bhí sa tír ag an am, thart ar leath acu a raibh an Ghaeilge mar ghnáththeanga laethúil acu.

Bhí baint mhór ag an bPiarsach agus Éamonn Ceannt leis an gConradh agus deirtear gurb é an Piarsach a chum an chuid is mó den Fhorógra.

Bhí Mac Diarmada ar Choiste Gnó an Chonartha i 1916. Bhí Mac Donagh é féin gníomhach sa gConradh tráth agus bhí Tom Clarke cláraithe mar bhall de chraobh den Chonradh, cé nár facthas riamh ag aon chruinniú é.

Sin cúigear den seachtar a bhfuil a n-ainmneacha leis an bhForógra a d’fhógair Poblacht na hÉireann, cáipéis bhunaidh na Poblachta nach bhfuil tagairt ar bith inti don aidhm go mbeadh  Éire ‘Saor AGUS Gaelach chomh maith’. Níl aon mhíniú sásúil feicthe agam faoin bhfaillí seo.

Bhí alt breá ag Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame faoin teideal ‘Oidhreacht na Cásca’ i bhforlíonadh a scaipeadh san Irish Times le gairid,

D’áitigh sé gur éirigh Óglaigh na hÉireann agus an tArm Cathartha amach agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a chosaint. Ach níl aon fhianaise ann go raibh cosaint na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna a bhí acu agus gan tagairt ar bith don teanga beag ná mór sa bhForógra.

Bhí an Piarsach ar dhuine de na ceannródaithe ba fhorásaí i ngluaiseacht na Gaeilge sula ndeachaigh sé isteach san IRB. San óráid bhreá a thug sé ag uaigh O’Donovan Rossa i 1915, dúirt sé gur theastaigh Éire a bheadh – ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith. Ach níl aon chaint ar Éirinn a bheith Gaelach sa bhForógra. Ar chuir Connolly nó Clarke cosc ar an bPiarsach aon cheo a rá faoin nGaeilge sa bhForógra?

Níl aon mhíniú agamsa ar an scéal ach oiread ach tá mé den tuairim nach raibh sa Ghaeilge don IRB ach uirlis le húsáid mar shiombail den náisiún agus nach raibh i ngluaiseacht na Gaeilge ach gléas lena chuid ullmhúchán rúnda don Éirí Amach a choinneáil faoi cheilt.

Bhí an Ghaeilge áisiúil do mhúinteoirí taistil, a bhí á n-íoc ag Conradh na Gaeilge, chun na hÓglaigh a eagrú. Úsáideadh na ranganna le druileáil a dhéanamh. Ba é an rud ba náirí uilig ná an bealach ar shocraigh Clarke agus Mac Diarmada go mba cheart don IRB seilbh a ghlacadh ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta i 1915, rud a thug ar Dhubhghlas de hÍde éirí as. Bheadh sin ceart go leor dá gcuirfidís béim ar Éire a bheith Gaelach chomh maith le saor sa Phoblacht a bhí le bunú acu. Ach níor chuir, más   aon fhianaise a bhfuil i bhForógra na poblachta céanna.

Is fiú an cheist a chur, i mbliain seo an chomórtha, an mó dochar ná maitheas a rinne Éirí Amach na Cásca do chúis na Gaeilge?

Ní hamháin nár tugadh aitheantas do chúis na teanga sa bhForógra ach scrios Éirí Amach na Cásca gluaiseacht na teanga. Ba é an tEirí Amach ba chúis leis an mbéalghrá don teanga a cothaíodh i measc go leor poblachtánach. Maireann an béalghrá sin i gcónaí.

Go teoiriciúil bhí Sinn Féin agus an IRB ar son na Gaeilge, ach fad is a bhain sé lena húsáid mar theanga chumarsáide ina gcuid gnó, ní mórán acu a bhí sásta an stró a chur orthu féin.

An fhaillí a bhí déanta ar an nGaeilge i bhForógra na Cásca, is cosúil go raibh an fhaillí chéanna ar bun sna hinstitiúidí a bunaíodh faoi choimirce Dháil Éireann i gceantair Ghaeltachta le linn Chogadh na Saoirse.

Le déanaí tháinig mé ar cháipéis spéisiúil. Tuairiscí atá ann ar na cásanna a éisteadh sa Chúirt Phoblachtánach i bparóiste i gChonamara Theas, ceantar nach raibh mórán Béarla ag daoine ann ag an am. Is i mBéarla amháin a thuairiscítear na cásanna. Is i mBéarla atá ainmneacha na ndaoine a bhí os comhair na gcúirteanna. Níl Seán ná Pádraig ná Máirtín ná Cóil ar aon duine ach John, Patrick, Martin agus Coleman.

Is i mBéarla atá a gcuid seoltaí baile ar fad. Is i mBéarla atá an cur síos ar gach cás agus is i mBéarla atá an breithiúnas tugtha. (Glacaim leis gur reáchtáladh na cúirteanna i nGaeilge, mar nach bhféadfaí iad a reáchtáil i mBéarla agus gan ach Gaeilge ag formhór na ndaoine.)

Céard is féidir a rá faoin iompar teanga seo? An amhlaidh nár chreid gluaiseacht an poblachta sa Ghaeltacht is láidre sa tír fiú amháin, nó an amhlaidh gur chreid siad nach bhféadfaí an Ghaeilge a usáid in aon ghnó oifigiúil? An iontas ar bith é gur loic an stát a cuireadh ar bun de thoradh Éirí Amach 1916 chomh tubaisteach sin ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht?

An mbeadh an scéal níos measa dá mbeadh an Ghaeilge fós againn mar pièce de résistance in aghaidh rialtas Westminster, mar atá an Bhreatnais ag muintir na Breataine Bige. An raibh an ceart ag fear Chonamara scór blianta ó shin nuair a cheistigh sé ar bhotún a bhí ann fáil réidh leis na Sasanaigh má bhíomar ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo?

 logo-1916-wide