An mbeidh dóthain ama ag Joe McHugh chun aire a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht?

An mbeidh dóthain ama ag Joe McHugh do na cúraimí atá air mar aire stáit, nó an amhlaidh go mbeidh sé róghafa le cúraimí oifig an Phríomh-Aoire? D’fhiosraíomar an scéal le lucht an eolais…

An mbeidh dóthain ama ag Joe McHugh chun aire a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht?

An Príomh-Aoire Rialtais, Joe McHugh. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá imní ar dhaoine go bhfágfar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in áit na leathphingine toisc na cúraimí sin a bheith curtha ar an té a bheidh ina Phríomh-Aoire Rialtais chomh maith.

Géilleann an té a mbeidh na cúraimí seo air, Joe McHugh, go bhfuil obair dhúshlánach roimhe, ach deir sé go mbeidh sé ábalta an dá thrá a fhreastal.

Ach an mbeidh dóthain ama aige do na cúraimí ar fad atá air mar aire stáit, nó an amhlaidh go mbeidh sé róghafa le cúraimí oifig an Phríomh-Aoire?

Is é Eoghan Ó Neachtain an t-aon duine riamh a d’oibrigh mar chomhairleoir preasa rialtais do thriúr Taoiseach agus is mó scréip i dtaobh vótála atá feicthe sa Dáil aige dá bharr. Is maith a thuigeann sé leis an brú ar leith a bhíonn ar an bPríomh-Aoire Rialtais.

An dóigh leis go n-éireoidh le Joe McHugh an dá thrá a fhreastal?

“Ná bíodh aon amhras ar aon duine gurbh é cúram an Phríomh-Aoire an chéad chúram a bheidh ar Joe McHugh, agus go mbeidh na cúraimí eile sa dara háit. Fiú má dhéanann sé chuile iarracht mhacánta a chuid ama a roinnt go cothrom, is mar sin a bheidh mar tá an phríomh-aoireacht ar cheann de na jabanna is deacra agus is dúshlánaí agus is gnóthaí i dTeach Laighean.

“Caithfidh do chuid caorach a bheith san áit cheart ag an am ceart, agus leis an gcineál socrú rialtais atá anois ann is measa a bheidh an scéal. Nuair atá an Dáil ina suí caithfidh sé [Joe McHugh] bheith ann ó Mháirt go hAoine, caithfidh fáil a bheith air an t-am ar fad. Caithfidh sé a bheith ann go fisiciúil, tá sé chomh simplí sin agus ní bheidh sé in ann Baile Átha Cliath a fhágáil. Ní fhéadfadh go mbeadh mórán ama aige do rudaí eile. Is cuma céard a theastaíonn uaidh a dhéanamh, ní féidir leat dhá leath a dhéanamh díot féin,” a deir Eoghan Ó Neachtain.

Deir an t-iarchomhairleoir preasa go mbeidh brú níos mó fós ar Joe McHugh toisc an rialtas a bheith ag brath ar thacaíocht Fhianna Fáil agus na neamhspleách.

“Bíonn brú mór i gceist i gcónaí, bíonn an brú níos measa nuair atá comhrialtas ann agus bíonn sé níos measa arís nuair atá rialtas mionlaigh ann. Caithfidh sé smacht a choinneáil ar chuile rud agus ar chuile dhuine. B’fhéidir gur eisceacht a bhí ann an tseachtain seo, ach cé mhéad uair a raibh ar Regina Doherty teacht isteach sa Dáil chun iarraidh go gcuirfí na himeachtaí siar? Tarlaíonn na rudaí seo an-mhinic, agus athraíonn rudaí an-sciobtha.”

Mar dhuine a thug seal ina Aire Gaeltachta agus seal ina Phríomh-Aoire roimhe sin, ráineodh gurb é an t-iarTheachta Dála Pat Carey an duine is fearr le labhairt faoi na dúshláin a bheidh roimh Joe McHugh.

Pat Carey. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Deir an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-phríomh-aoire rialtais gurb é an dúshlán is mó a bheidh ag aire stáit nua na Gaeltachta ná “toil a chomhghleacaithe sa chomh-aireacht” a thuilleamh.

“Beidh sé deacair, níl aon cheist faoi sin, ach má tá an t-aire stáit sásta cás láidir a dhéanamh ar son na Gaeilge éireoidh leis, sin ar ndóigh má bhíonn toil agus tacaíocht na n-airí sinsearacha ann. Sin í an cheist mhór. Ní bheinn ródhóchasach faoi sin, ach tá súil agam go bhfuil mé mícheart. Is í an laige is mó ó thaobh na Gaeilge a bhí ar an rialtas le linn do Enda Kenny a bheith ina Thaoiseach ná nach raibh tacaíocht ann ó gach aon duine ag Bord an Rialtais. Agus toisc go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag brath ar thacaíocht airí éagsúla ní tharlóidh faic mura bhfuil siad ar fad dáiríre faoi,” a dúirt Pat Carey.

Deir Carey gur éirigh leis féin dul i bhfeidhm ar a chomhghleacaithe le linn dó a bheith ina Phríomh-Aoire.

Bíonn cead ag an bPríomh-Aoire freastal ar chruinnithe rialtais ach ní bhíonn cead vótála aige.

Ní fheictear do Pat Carey gur fadhb rómhór í sin.

“Tá tú sa seomra céanna leo, tá tú ag glacadh páirt sa phlé. Sin an rud is tábhachtaí. Is fút féin atá sé ansin cás láidir a dhéanamh,” a deir sé.

Deir an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, a cheapann gur “seafóid” agus “cur i gcéill é” go mbeidh ceathrar airí stáit ag freastal ar chruinnithe rialtais, go leagtar róbhéim ar chead vótála i gcás cruinnithe rialtais.

“Le mo linnse mar aire, níor tharla sé riamh go raibh vóta ag aon chruinniú rialtais. Déantar rudaí a mholadh, pléitear iad agus tagann daoine ar chomhréiteach. Sin mar a oibríonn rialtas,” a deir Ó Cuív.

Deir Pat Carey gur soiléire an míbhuntáiste aimsir an bhuiséid nuair nach aire sinsearach thú.

“Mar aire sinsearach bíonn tú ábalta do chás féin a dhéanamh as do stuaim féin go díreach leis an Aire Airgeadais. Bhí an t-ádh liomsa nuair a bhí mé ag plé le ceist na ndrugaí mar aire stáit gur thug Brian Cowen an cead sin dom, ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí. Go minic, bíonn an t-aire stáit, bíodh sé ag bord an rialtais nó ná bíodh, ag dul chuig an Aire Airgeadais in éineacht le haire sinsearach agus is é an rud a theastaíonn ón aire sinsearach a fhaightear de ghnáth, má bhíonn rud le tabhairt.”

Éamon Ó Cuív ag caint le hEoghan Ó Neachtain ar TG4

Seachas suíochán a bheith ag Joe McHugh ag bord an Rialtais, d’fhéadfadh go mbeadh buntáiste amháin eile don Ghaeltacht agus don Ghaeilge toisc na gcúraimí sin a bheith leagtha ar an bPríomh-Aoire, dar le hEoghan Ó Neachtain.

“Is annamh a fheicfidh tú an Príomh-Aoire sna meáin agus é ag caitheamh anuas ar an bhfreasúra agus tá cúis mhaith leis sin. Bíonn ar an bPríomh-Aoire ceangal maith a bheith aige leis an bhfreasúra agus caidreamh dearfach gairmiúil a bheith aige leo. Mar sin d’fhéadfadh go mbeadh comhoibriú ann a bheadh chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge,” a deir an t-iarchomhairleoir preasa rialtais.

Deir duine eile a bhfuil cur amach aige ar obair Oifig an Phríomh-Aoire gur beag seans go mbeadh dóthain ama ag aon duine a bheadh i bhfeighil na hoifige sin aire mar ba chóir a thabhairt do pholasaí teanga agus Gaeltachta an Stáit, agus gur mheasa an scéal do Joe McHugh mar gheall ar an “uimhríocht” a bhaineann leis an rialtas mionlaigh agus an socrú soláthair agus muiníne le Fianna Fáil.

“Idir obair sa Dáil agus sa dáilcheantar ní bhíonn mórán ama eile ag an bPríomh-Aoire. Bíonn sé ag plé freisin le gach cineál faidhbe agus gearáin a bhíonn ag Teachtaí Dála. Má fhéachann tú ar na cúraimí eile a bhíodh ar an bPríomh-Aoire roimhe seo, insíonn sé a scéal féin. Rudaí ar nós staitisticí (an CSO) agus cosaint shibhialta a bhíodh i gceist. Ní leagtar cúram breise chomh mór ná chomh tábhachtach sin ar an bPríomh-Aoire de ghnáth agus tá cúis mhaith leis sin.”