An líonfar na poist ‘Gaeilge’ san Aontas Eorpach?

210 duine a chuir isteach ar phost mar aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach agus chuir 118 duine isteach ar chomórtas eile do chúntóirí in Aonad na Gaeilge, ach an líonfar na poist ar fad?

An líonfar na poist ‘Gaeilge’ san Aontas Eorpach?

An bhliain seo chugainn a thiocfaidh deireadh leis an gcomórtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge san Aontas Eorpach a fógraíodh níos túisce i mbliana. Cé nach bhfuil deireadh tagtha fós leis an bpróiseas earcaíochta sin, táthar ag súil go rachaidh na haistritheoirí a fhostófar i mbun oibre le linn na bliana seo chugainn. Chuir 210 iarrthóir isteach ar 62 post i réimse an aistriúcháin.

Tá comórtas eile earcaíochta ar siúl i láthair na huaire le “cúntóirí” a earcú. Tá 13 post cúntóra do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu le líonadh san Aontas agus chuir 118 duine isteach ar na postanna sin. Bíonn roinnt céimeanna ann i gcomórtais earcaíochta an Aontais Eorpaigh agus táthar ag druidim chun deiridh an chomórtais seo anois agus an chuid is mó de na céimeanna sin críochnaithe.

Tá 28 iarrthóir, 24% den 118 a chuir isteach, fágtha sa chomórtas do ‘chúntóirí’ agus ag dul ar aghaidh go dtí an chéim dheiridh den phróiseas a bheidh ar siúl i dtreo dheireadh na bliana seo. Tá súil ag lucht aonad na Gaeilge sa Bhruiséil go líonfar an 13 post atá fógartha.

Tá an baol ann, áfach, nach líonfar na poist d’aistritheoirí. Mura n-éiríonn ach le 20-25% de na hiarrthóirí dul tríd an gcéim dheiridh den phróiseas earcaíochta, ní bheidh ach idir 45 agus 55 duine cáilithe don 62 post. Dúirt foinse san Aontas Eorpach le Tuairisc.ie gur iondúil nach n-éiríonn ach leis céatadán 20-25% i gcomórtais earcaíochta den chineál seo.

Tá na hiarrthóirí do phoist na n-aistritheoirí díreach tar éis an chéad chéim den phróiseas earcaíochta a chríochnú agus ní fios go fóill cé méid duine den 210 a chuir isteach air a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Tá cúntóirí agus aistritheoirí á n-earcú i láthair na huaire do roinnt teangacha eile seachas an Ghaeilge, ach is aon phróiseas earcaíochta amháin atá i gceist. Fágann sé sin nach féidir le hiarrthóirí na Gaeilge dul chun cinn sa chomórtas go dtí go mbeidh na hiarrthóirí do na teangacha eile ar comhchéim leo.

Tá i bhfad níos mó iarrthóirí istigh ar na comórtais don Chróitis, Liotuáinis, Máltais, Danmhairgis, Slóvaicis, Slóivéinis, Ollainnis agus Ungáiris agus ní bheidh cead ag lucht na Gaeilge bogadh ar aghaidh go dtí go mbeidh na céimeanna céanna bainte amach ag gach iarrthóir.

Dúirt Seán Hade ó Aonad na Gaeilge in Ardrúnaíocht Chomhairle na hEorpa le Tuairisc.ie gur “próiseas an-fhadálach” atá sa phróiseas earcaíochta agus go dtógann sé thart ar bhliain ó thús deireadh.

“Táthar réasúnta sásta leis an méid iarrthóirí atá sa chomórtas go dtí seo agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh críoch dhearfach ar an bpróiseas earcaíochta,” a dúirt sé.

Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le rialachán nua i mí na Nollag na bliana seo caite chun deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas le blianta anuas, agus fógraíodh i mí an Mheithimh go bhfuil 62 post d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh le líonadh.

Tá na hInstitiúidí ag ullmhú anois le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil a bheidh ar comhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh.

Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, agus mic léinn atá ag súil le céim a bhaint amach i mbliana. Ní mór d’iarrthóirí eolas maith a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad agus an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ar cheann amháin acu sin. Caithfidh “cumas sármhaith” sa Ghaeilge a bheith ag iarrthóirí freisin.