‘Ní dual do lucht na Gaeilge a bheith fann agus drochamhrasach…’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (08 Iúil 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-1

14 (Iomlán 950).                               Cláraithe mar pháipéar nuachta                               Iúil 8, 1916                               Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Comóradh Feis Thír Chonaill Lá Fhéile Peadar is Pól ar bhruach na Finne. Léadh Ard-Aifreann ar maidin. Bhí timpeall 6,000 duine i láthair na feise agus ba é Pádraic Ó Domhnaill, easpag Ráth Bhoth, a d’fháiltigh rompu agus a chuir tús le hobair an lae. Labhair an t-easpag i nGaeilge. Labhair sé i mBéarla freisin agus nocht sé scéal an Chrainn – Crann Eithne.

Nuair a cuireadh Crann seo Eithne ar dtús ní raibh ach aon chraobh amháin sa pharóiste agus ar an ábhar sin níor éirigh leis an obair go rómhaith. Shocraigh lucht stiúrtha an chumainn craoibhín den Chrann a chur i ngach ceantar scoile agus na daoine ar fad a thabhairt isteach san obair. Rinneadh sin agus tá ag éirí go maith leis an ngluaiseacht anois.

muinín láidir ag an Easpag as na craoibhíní óga. Tá tús curtha leis an obair agus creideann sé go bhfuil sé anois ar chumas na ndaoine an Ghaeilge a shábháil. Molann an Crann labhairt na Gaeilge agus taispeánann an chléir agus na hoidí scoile nach céim síos do Ghaeil a dteanga féin a labhairt, ach a mhalairt sin ar fad.

Comóradh Feis Lár na hÉireann i Muileann gCearr Dé Domhnaigh. Ní raibh an aimsir go maith lá na Feise ach deir na moltóirí linn nár mhaolaigh an droch-aimsir meanma an aosa óig, agus go raibh na páistí scoile a tháinig os a gcomhair go maith agus go Gaelach. Tá oidí scoile na hIarmhí ag gabháil don Ghaeilge le tamall maith, agus tá a shliocht orthu. Tá toradh ar a gcuid oibre agus tá an Ghaeilge á fréamhú acu i lár na hÉireann arís.

Fuarthas £54 ag geata na páirce in Inis Ceithleann an lá ar comóradh Feis Fhear Manach. Fuarthas £43 i síntiúis. B’éigean do lucht na Feise a gceol agus a ngleo a dhéanamh taobh istigh de bhallaí na páirce, ach is féidir obair na Gaeilge a dhéanamh go ciúin socair nuair is gá a bheith ciúin agus rinneadh amhlaidh. Tionóladh cruinniú d’oidí scoile an chontae tar éis na Feise. Cuireadh deacrachtaí na hoibre trí chéile agus cinneadh ar chomhairlí chun leas na teanga.

Thug “The People” cuntas breá fada ar Fheis Chill Chainnigh. Deirtear gur éirigh go maith léi, agus go raibh an t-aos óg níos líonmhaire ag an bhFeis i mbliana ná aon bhliain fós. Bhí óráidíocht ar siúl ag an bhFeis. Labhair an tAthair Mac Giobúin, an tAthair Liam Aicéad agus Mac Uí Chatháin. Is maith linn gur labhair an triúr go misniúil agus go ciallmhar agus nár ghabh siad leithscéal an Chonartha le haon dream. Ina ionad sin mhol siad do na daoine a náisiúntacht a chosaint, agus mhol siad dóibh an Conradh a neartú chun na hoibre.

Tháinig dream beag daoine le chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Tháinig siad le chéile le comhairle a ghlacadh i dtaobh na Gaeilge. An chuid ba mhó acu, bhí siad dobrónach, drochmhisniúil, gruama, gearánach. Nuair a d’éirigh fear acu le labhairt chuir sé gruaim ina mhalaí agus osna éagaointeach as. Nuair a d’éirigh bean uasal le labhairt tharla an rud céanna di. Bhí gruama gan spreacadh, agus drochamhras aici ar a cairde Gaelacha. Galar is ea an ghruaim a leanann dá lán, ach ní dual do lucht na Gaeilge a bheith fann agus drochamhrasach. Ní dual dóibh an t-achrann agus an chasaoid, ná an drochmhuinín.

Tháinig Gaeil le chéile an tseachtain seo caite chun obair na teanga a chur chun cinn in áiteanna eile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Bhí siad go misniúil, go lách, go muinteartha le chéile agus le Conradh na Gaeilge. Go deimhin, is ar scáth an Chonartha a tháinig siad le chéile. Daoine a bhíonn ag obair i gcónaí i ngluaiseacht na Gaeilge is ea iad, agus ní dhearna siad cnáimhseáil ná gearán, ach rinne siad a ngnó go ciúin socair agus is fearrde an tír a láíocht agus a gcríonnacht.