An Chomhairle Aireachta curtha ar an eolas faoi achomharc Uí Ghribín maidir le cinneadh an Fhorais go scorfaí é

Scríobh Foras na Gaeilge litir chuig CATT an tseachtain seo ag cur in iúl go raibh achomharc ar bun ag Éamonn Ó Gribín, an comhalta bord de chuid an Fhorais a bhfuil líomhaintí maidir le ‘mí-iompar tromchúiseach’ séanta aige

An Chomhairle Aireachta curtha ar an eolas faoi achomharc Uí Ghribín maidir le cinneadh an Fhorais go scorfaí é

Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas go bhfuil achomharc á dhéanamh ag Éamonn Ó Gribín maidir leis an gcinneadh go mbrisfí é as a chúram mar chomhalta Bhoird de chuid na heagraíochta trasteorann.

Scríobh Foras na Gaeilge chuig an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) ar an 4 Samhain ag iarraidh go mbrisfí Ó Gribín as a chúram, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an próiseas sin ina lánstad anois i bhfianaise na litreach is déanaí atá seolta chuig CATT ag cur in iúl dóibh go bhfuil achomharc ar bun.

Cuireadh tús le fiosrúchán faoi Ó Gribín nuair a líomhnaíodh go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus é ar cuairt ag oifigí na heagraíochta Gaelscoileanna Teo i mí an Mheithimh.

Tá na líomhaintí seo séanta as éadan ag Éamonn Ó Gribín.

Chuir Éamonn Ó Gribín ríomhphost chuig Cathaoirleach Feidhmeach Bhord an Fhorais, Marcus Mac Ruairí, ar an 4 Samhain, an lá céanna ar iarr an Foras ar CATT é a bhriseadh as a chúram mar chomhalta Boird. Sa chomhfhreagras sin, lorg Ó Gribín eolas ón bhForas maidir le hachomharc a dhéanamh faoina gcinneadh.

Ar an 8 Samhain, scríobh Mac Ruairí chuig Ó Gribín ag iarraidh air cúiseanna a achomhairc a chur in iúl i scríbhinn. Iarradh ar Ó Gribín a rá cé acu an raibh achomharc beartaithe aige faoin bpróiseas a leanadh le linn an fhiosrúcháin nó faoin “bpionós” a cuireadh air.

Mar fhreagra ar an méid sin, thug Ó Gribín le fios gurbh ait leis nár tugadh an rogha dó maidir leis an dá chineál achomharc a d’fhéadfadh sé a dhéanamh sular iarr an Foras ar an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas, ar an 4 Samhain, é a scor ón mBord.

D’iarr Ó Gribín ansin go dtarraingeofaí siar an litir chuig CATT nó go mbeadh deireadh leis an bpróiseas achomhairc.

I ríomhphost a sheol Marcus Mac Ruairí chuig Ó Gribín ar an 14 Samhain, dúradh go raibh litir á seoladh chuig CATT chun a chur in iúl dóibh go raibh achomharc ar bun.

Rinne fostaí de chuid Gaelscoileanna Teo gearán i scríbhinn le Foras na Gaeilge faoi Ó Gribín i ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar an eagraíocht ar an 13 Meitheamh.

Ba i ndiaidh cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ar an 1 Iúil a cuireadh na líomhaintí seo ar a shúile d’Ó Gribín agus socraíodh go gcuirfí Ó Gribín ar fionraí fad is a bhí an fiosrúchán ar siúl.

Séanann Ó Gribín na líomhaintí agus maíonn sé freisin go bhfuil sárú déanta ag Foras na Gaeilge ar a cheart reachtúil cumarsáid a dhéanamh leo i mBéarla.

D’iarr Ó Gribín ar an bhForas comhfhreagras agus cáipéisí eile a bhaineann lena chás a chur ar fáil i mBéarla ionas go mbeadh an dlíodóir atá aige in ann iad a thuiscint. Deir Ó Gribín nár éirigh leis, ceal ama, dlíodóir le dóthain Gaeilge a fháil lena chás a phlé sa teanga sin.

Baineann gearán sin Uí Ghribín le hAlt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De réir an ailt sin, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, tá dualgas ar an gcomhlachtaí poiblí an chumarsáid sin a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna.