An chéad fhéile amharclannaíochta ag Aisling Ghéar á reáchtáil i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo

Tá Fíbín, Branar agus Béal trí Thine i measc na gcompántas aitheanta atá ag glacadhpáirt sa bhféile drámaíochta i gcaitheamh na dtrí lá

An chéad fhéile amharclannaíochta ag Aisling Ghéar á reáchtáil i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo

‘An chéad fhéile d’amharclannaíocht ghairmiúil trí Ghaeilge’ atá á thabhairt ar fhéile atá ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo. Beidh an fhéíle ‘Dráma’, a bhunaigh an compántas amharclainne Aisling Ghéar, ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste go dtí Dé Domhnaigh.

Beidh cúig dhráma ann le linn an deireadh seachtaine, chomh maith le himeachtaí eile, agus tá Fíbín, Branar agus Béal trí Thine i measc na gcompántas aitheanta atá ag glacadh páirt sa bhféile i gcaitheamh na dtrí lá.

Cuirfear tús leis an fhéile anocht agus dráma dátheangach beathaisnéise faoin scríbhneoir Gaillmheach Pádraic Ó Conaire á léiriú ag Diarmuid de Faoite ag 7.00p.m.

Beidh imeachtaí ann do pháistí tráthnóna Sathairn agus Clann Lir á léiriú ag Fíbín ag 2.00p.m. Beidh ceardlann phuipéadóireachta le Mac Mac Lochlainn ó Branar ar siúl ina dhiaidh sin, ag 4.00p.m.

An oíche sin, ag 8.00p.m. déanfaidh Béal trí Thine Cad a dhéanfainn gan an tost seo?, taispeántas bunaithe ar fhilíocht Samuel Beckett atá aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock, a léiriú.

Cuirfear deireadh leis an bhféile ar an Domhnach le dhá thaispeántas. Ar dtús, ag 7.00p.m. déanfaidh an Cumann Drámaíochta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Cogar sa Pháirc le Alan Ayckboum a léiriú.

Ag  8.00p.m. beidh An Giall le Brendan Behan á léiriú ag Aisteoirí Bhéal Feirste.

– Aon duine atá ag iarraidh ticéid a chur in áirithe, is féidir glaoch ar 028 9096 4180 nó 028 9020 8040, nó ríomhphost a sheoladh chuig catherine@aislingghear.com

Fág freagra ar 'An chéad fhéile amharclannaíochta ag Aisling Ghéar á reáchtáil i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo'