An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin as Gaoth Dobhair, duine de bhunaitheoirí Clannad, imithe ar shlí na fírinne

Ba i 1970 a bhunaigh Pádraig, a leathchúpla Noel agus muintir Uí Bhraonáin an grúpa ceoil iomráiteach ceannródaíoch

An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin as Gaoth Dobhair, duine de bhunaitheoirí Clannad, imithe ar shlí na fírinne

Tá an ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin as Gaoth Dobhair, a bhunaigh an grúpa ceoil iomráiteach ceannródaíoch Clannad in éineacht lena leathchúpla Noel agus muintir Uí Bhraonáin, tar éis bháis. Bhí sé 67 bliain d’aois.

Bunaíodh Clannad i dtús na seachtóidí agus thosaigh siad amach ag seinm i dTábhairne Leo, an teach tábhairne cáiliúil a bhí ag athair mhuintir Uí Bhraonáin, Leo Ó Braonáin. Uncail le muintir Uí Bhraonáin – Ciarán, Pól, Moya agus Enya ab ea Pádraig. Aithnítear Clannad ar an gcéad mhórghrúpa ceoil a chuir an Ghaeilge i lár an aonaigh.

D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus a gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil. Ba i 1982 a bhain siad cáil idirnáisiúnta amach, áfach, leis an bport ‘Theme for Harry’s Game’.

Tá os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad agus an t-iliomad duaiseanna buaite acu, ina measc duais Grammy (1999), duais BAFTA (1984) agus duais Ivor Novello (1982).

Agus sos á thógáil ag Clannad chuir Pádraig agus Noel albam dá gcuid féin, Rubicon, amach in 2005.

Rugadh agus tógadh Pádraig Ó Dúgáin i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus bhí sé féin agus Noel ar an mbeirt is óige den seisear clainne a bhí ag Aodh agus Máire Duggan.

Bhí Pádraig tinn ar feadh tamaill agus fuair sé bás in Ospideál Bhaile Bhlainséir níos luaithe inniu. Maireann a bhean Jan agus a ghaolta.

Beidh sé á thórramh ina theach cónaithe, 29 Bóthar an Túirín, Baile Phámar, BÁC 20, idir 6pm agus 10pm inniu agus arís amárach idir 9am agus 12pm.

Aistreofar a chorp go dtí Teach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair ag 7pm amárach, agus beidh aifreann a shochraide ar siúl ag 1pm Déardaoin.

Fág freagra ar 'An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin as Gaoth Dobhair, duine de bhunaitheoirí Clannad, imithe ar shlí na fírinne'

  • Niall Gòrdan

    Ní féidir é seo a chreidiúint – ní raibh sé ach óg.

  • AnRógaire

    Beannacht Dé leis. Thug an ceol ó Chlannad spreagadh agus ardú croí do go leor daoine i nGaoth Dobhair agus níos faide i gcéin thar na blianta.

  • Lillis Ó Laoire

    Óg inár gcuimhne i gcónaí. Slán leat a Phádraig.

  • Pól Réamonn

    Ceoltóir den scoth a bhí sé. Suaimhneas sioraí da anam

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Suaimhneas síorraí ar anam an ceoltóir uasal.