An ceoltóir as Páras ar athraigh a saol nuair a chuala sí amhrán Gaeilge…

Agus í ag déanamh staidéir ar an cheol in Bordeaux, chuala Floriane Blancke amhrán le hEithne Ní Uallacháin a chuir cor ina cinniúnt

An ceoltóir as Páras ar athraigh a saol nuair a chuala sí amhrán Gaeilge…

Floriane Blancke le Dermot Byrne

Is minic a chuirtear cor i saol an cheoltóra, splanc inspioráide a chuireann a saol ag dul i dtreo nach rabhthas ag dúil leis.

Tharla a leithéid de chor don chláirseoir Floriane Blancke, bean óg a rugadh i bPáras agus a bhfuil a croí istigh i ngach cineál ceoil.

Agus í ag déanamh staidéir ar an cheol sa Centre Internationale d’Activités Musicales in Bordeaux, chuala Floriane Eithne Ní Uallacháin agus í ag ceol an amhráin, ‘Molly na gCuach Ní Chuilleanáin’.

Ba é an chéad uair riamh é gur chuala sí ceol na hÉireann gan trácht ar amhrán Gaeilge, ach chuaigh an t-amhrán go smior sa Fhrancach óg.

“Thit mé faoi dhraíocht ag áilleacht an amhráin agus ag guth Eithne láithreach bonn,” ar sí.

“Ba í a chum an fonn atá leis an leagan a cheolaim agus theagasc Tony Byrne na focail dom. Bhí Eithne ar na daoine is mó a raibh tionchar acu orm ó shin i leith.”

Chaith Floriane deich mbliana ag déanamh staidéir ar an phianó sa Conservatoire de Bordeaux, áit a raibh sí ó bhí sí 11 bliain d’aois, ach nuair ab éigean do na daltaí an dara huirlis a roghnú, le linn choirm cheoil sa scoil, mheall an chláirseach í.   

Ar feadh na ndeich mbliana sin ag an Conservatoire, d’fhiosraigh sí an ceol clasaiceach, teoiric an cheoil, an amhránaíocht chóir, an snagcheol, an ceol baroque agus an ceol nua-aimseartha, ach ba é ceol na hÉireann ba mhó a mheall í sa deireadh.

“Na foinn, na séiseanna, chuaigh siad go smior ionam, mar a bheadh siad ceangailte le saol a chaith mé na céadta bliain ó shin. Bhínn ag éisteacht le fonn agus bhínn ag caoineadh uisce mo chinn – bhí sé thar a bheith saoithiúil!” ar sí.

Anuas air sin, is breá léi go bhfuil ceol na hÉireann thar a bheith ‘cuideachtúil’.

“Thig leat caidreamh a bheith agat le gach duine i seisiún fiú mura bhfuil aithne agat orthu, nó mura labhraíonn sibh an teanga chéanna. Tá sé sin gleoite,” ar sí.

Eithne Ní Uallacháin

Bhí an oiread sin spraoi ag Floriane agus í ar saoire in Éirinn gur bhog sí anseo in 2006 agus luann sí go leor buaicphointí atá bainte amach aici cheana féin – ag seinm le Dermot Byrne agus Brendan O’Regan nuair a bhuaigh Dermot Gradam Ceoil TG4; ag seinm le John Prine agus le Brendan Gleeson ag seisiún áitiúil; ag seinm roimh Patti Smith i Vicar Street; agus gigeanna le Sharon Shannon, Shane McGowan agus Declan O’Rourke.

Anois, tá albam úr eisithe aici, Kaleidoscope, ar a bhfuil foinn thraidisiúnta, ceol clasaiceach agus foinn a chum sí féin.

Deir Floriane go raibh sí ag iarraidh a taithí uilig a chur ar an albam agus go bhfuil sé “sa nádúr” aici foinn a chumadh i stíl na hÉireann, go spreagann rudaí beaga í, ó logainmneacha go cóisirí in Oileán Acla.

“Is breá liom bheith ag cumadh fonn faoi áiteanna, faoi dhaoine nó faoi imeachtaí mar, gach uair a sheinnim iad, gluaisim ar ais go dtí an bomaite sin. Ta sé an-phléisúrtha.

“An chéad dá phort ar an albam, ‘Trip to Achill/Dooagh Bay’, chum mé iad siar in 2006. Pléann an chéad cheann le mo chéad chuairt ar Acaill le mo chara, Annie Voisin.  Cionn is go raibh a laghad sin Béarla againn, bhain muid míchiall as clár ama na mbus agus bhí muid stucáilte in Acaill don oíche.

“Ar an dea-uair, bhí oíche spleodrach de cheol agus de chraic againn! Tá an dara port baiste as Dumha Acha, atá go hálainn.”

Ach briseann dúchas Floriane amach ar Kaleidoscope i bpíosa leis an chumadóir clasaiceach Francach, Claude Debussy, Passepied IV.

“Bhí Debussy ar na cumadóirí ab fhearr liom agus mé ag foghlaim an phianó, mar sin bhí sé nádúrtha go gcuirfinn an píosa seo ar an albam. Cuireann Dermot Byrne ar an bhosca ceoil go mór leis an phíosa.

“Tá mé féin agus Dermot ag seinm le chéile le fada anois agus bíonn muid i gcónaí ag dul i ngleic leis na difríochtaí idir cultúir éagsúla agus seo sampla foirfe de sin, dar liom.”

Is meascán álainn é Kaleidoscope de cheol atá aitheanta agus de cheol taobh amuigh den traidisiún – agus éiríonn go breá le Floriane agus í ag ceol i nGaeilge.

Tá súil aici (agus agam) go ndéanfaidh sí camchuairt bheag lena cuid ceoil a chur faoi bhráid an phobail ach i láthair na huaire tá sí ag obair ar albam eile le Dermot, albam eile aonair. Agus is printíseach déanta seodra í!

D’fhéadfá a rá gur seoid d’albam atá lán éagsúlachta é Kaleidoscope.

Is féidir Kaleidoscope é a cheannach anseo

Fág freagra ar 'An ceoltóir as Páras ar athraigh a saol nuair a chuala sí amhrán Gaeilge…'