An 1,000,000ú giolc Gaeilge seolta

Seoladh an 1,000,000ú giolc i nGaeilge Domhnach Cásca, de réir anailíse atá déanta ag an Ollamh Kevin Scannell

1,000,000 Giolc

Domhnach Cásca a seoladh an 1,000,000ú giolc i nGaeilge. Ba é beannacht Cásca an chuntais @OideasGael aduaidh ó Ghleann Cholm Cille a bhain an sprioc amach ag 13.29 ar 5 Aibreán.

 

Mhínigh an tOllamh Kevin Scannell a ritheann an suíomh IndigenousTweets.com  agus a choinníonn cuntas ar ghiolcacha i mionteangacha ar fud an domhain, an chaoi ar tháinig sé ar an milliúiniú giolc.

“Is scéal casta é. Bailím na tweetanna go léir ó thart ar 8,000 cuntas Twitter agus déanaim anailís staitisticiúil orthu chun na cinn i nGaeilge a aimsiú. Tá an anailís seo bunaithe ar ghnéithe éagsúla; fianaise inmheánach, mar shampla na focail agus na litreacha sa tweet féin, chomh maith le fianaise faoin úsáideoir; céatadán na tweetanna i nGaeilge atá aige go stairiúil, na teangacha eile a úsáideann sé agus araile,” a dúirt an tOllamh Scannell le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin go bhfuil sé tábhachtach patrún na litreacha a scrúdú seachas na focail amháin. Is mar sin a aimsítear giolcacha i nGaeilge fiú nuair a bhíonn síntí fada ar lár ó na focail nó nuair a bhíonn focail mílitrithe.

Admhaíonn Scannell nach ealaín chruinn í seo ach gur píosa spraoi atá ann.

“Ar aon nós, níl sé foirfe, agus is dócha gur tharla an 1,000,000ú tweet tamall ó shin, ach níl aon spraoi sa scéal sin!” a dúirt sé.