Airgead á bhailiú ar son buachaill óg as an nGaeltacht a bhfuil galar doleigheasta air

Tá os cionn 11, 445 bailithe cheana féin do mhuintir Naoise Clarke, de bhunadh Ráth Chairn, agus iad ag tabhairt aire dá mac óg

Airgead á bhailiú ar son buachaill óg as an nGaeltacht a bhfuil galar doleigheasta air

Tá airgead á bhailiú ar líne do theaghlach de bhunadh Ghaeltacht Ráth Chairn dá mac óg, Naoise Clarke, atá trí bliana d’aois agus a bhfuil meall ar a inchinn nach bhfuil aon leigheas ar fáil dó.

Tá tuismitheoirí Naoise, Éadaoin Ní Thaitligh as Ráth Chairn agus Damien Clarke, éirithe as an obair le haire a thabhairt dá mac tinn. Tá leathanach tiomsaithe airgid tosaithe ar líne le hairgead a bhailiú don teaghlach ionas go mbeidh siad in ann costais mhaireachtála a ghlanadh agus iad ag tabhairt aire do Naoise.

Tá €30,000 luaite mar sprioc ar an suíomh Go Fund Me ag muintir Thailtigh, gaolta Gaeltachta an bhuachalla óig, agus tá os cionn €11, 445 bailithe cheana féin.

Tháinig sé chun solais an mhí seo caite go bhfuil meall DIPG, diffuse intrinsic pontine gliomas, ar inchinn Naoise, galar nach féidir a leigheas go dtí seo.

Tá siúlóid á heagrú ag Comharchumann Ráth Chairn le hairgead a bhailiú  Dé Sathairn an 23 Meán Fómhair i nDún Doire. An oíche sin, beidh ceol agus ceant in Áras Pobail Ráth Chairn ar mhaithe leis an teaghlach. c €25 atá ar thicéad chuig an imeacht sin.

Tá iarrtha ag muintir Clarke agus Thailtigh ar dhaoine guí ar son Naoise, a dheirféar, agus a thuismitheoirí.

Fág freagra ar 'Airgead á bhailiú ar son buachaill óg as an nGaeltacht a bhfuil galar doleigheasta air'