A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais na sraithe iomána

Is beag duine a bhí ag súil go mbuafadh Gaillimh ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na sraithe agus is cinnte gur fhoghlaim an dá fhoireann a lán uaidh

A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais na sraithe iomána

Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Leathchúlaithe na Gaillimhe róláidir dá gcéilí comhraic

Léirigh bainisteoir Thiobraid Árann a mheon i leith an chluiche leis an triúr leatosach a roghnaigh sé do chluiche ceannais na sraithe inné. Bheartaigh sé triúr, Dan McCormack, Michael Breen agus Stephen O’Brien a imirt ar an daichead slat, triúr ar mó a gcáil de bharr na hoibre a dhéanann siad i lár na páirce seachas a gcuid gaiscí scórála.

Is cinnte gur shíl Ryan go bhfaigheadh an triúr sin an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic go fisiciúil agus go mbeadh sé níos éasca ansin deiseanna ar chúil istigh. Ní hé sin a tharla, áfach.

Bhí Pádraic Mannion, Gearóid McInerney agus Aiden Harte uile ar fheabhas do Gaillimh agus níor thug siad deis ar bith do na Tiobraid Árannaigh dul i bhfeidhm ar an gcluiche. Cuireadh ionadaí isteach in áit Stephen O’Brien i ndiaidh 30 nóiméad agus faoin am go raibh an cluiche thart, bhí an oiread céanna scóráilte ag líne leathchúil na Gaillimhe, dhá phointe, agus a bhí ag leatosaithe Thiobraid Árann.

Tábhacht Callanan léirithe arís

Déantar go leor cainte faoi Ghaillimh a bheith brath go mór ar Joe Canning ach léirigh cluiche an Domhnaigh go bhfuil Séamus Callanan chomh tábhachtach céanna d’fhoireann Thiobraid Árann. Tá cúig chluiche imeartha ag an lántosach in aghaidh na Gaillimhe ó thús 2014, péire sa tsraith agus trí cinn sa chraobh, agus 8-43 aimsithe aige sna coimhlintí sin, os cionn 13 pointe in aghaidh an chluiche ar an meán.

Agus gortú ag cur as do Callanan inné, chlis ar thosaithe Thiobraid Árann. I ndiaidh dóibh buachan Loch Garman, bhí go leor ag trácht ar a gcumas ó thaobh cúil a aimsiú ach, d’uireasa Callanan, deis amháin féin níor chruthaigh siad inné.

Níor aimsigh líne lántosach Thiobraid Árann, John McGrath, Noel McGrath agus John O’Dwyer, ach trí phointe ón imirt eatarthu agus is cinnte go mbeidh lucht tacaíochta an chontae ag súil go mbeidh Callanan ar ais i mbarr a mhaitheasa don chluiche in aghaidh Chorcaí sa chraobh an mhí seo chugainn.

Gaillimh ag súil le baint san fhómhar

Agus an tsraith buaite acu den chéad uair ó 2010, beidh súil ag imreoirí agus lucht bainistíochta na Gaillimhe go dtabharfaidh an bua sin spreagadh dóibh sa chraobh. Is í an fhadhb i gcás na Gaillimhe, áfach, nach minic a bhíonn aon ghaol ag taispeántais na sraithe leis an gcraobh.

Ba é bua an lae inné an deichiú huair ar bhuaigh na Gaillimhigh an tsraith ach níor tharla sé ach aon uair amháin roimhe seo gur éirigh le Gaillimh Craobh na hÉireann a bhuachan tar éis dóibh an tsraith a thabhairt leo, i 1987, 30 bliain ó shin.

Ba í 1975 an t-aon bhliain eile gur éirigh le Gaillimh dul chomh fada leis an gcluiche ceannais tar éis dóibh an tsraith a bhuachan. Gach bliain eile, bhí deireadh tagtha lena bhfeachtas roimh mhí Mheán Fómhair. Caithfidh Micheál Donoghue díriú air sin agus é a réiteach i mbliana.

Mannion, Whelan agus Flynn ag teastáil ó Ghaillimh

Chuaigh Gaillimh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann in 2015, a bhuíochas cuid mhaith leis na taispeántais iontacha a thug triúr tosach óg uathu – Cathal Mannion, Jason Flynn agus Conor Whelan. Chuaigh cumas an triúir sin i bhfeidhm go mór ar an bpobal i rith na craoibhe dhá bhliain ó shin agus scrios á dhéanamh ar chosantóirí acu.

San fheachtas craoibhe sin, ar an meán, d’aimsigh Whelan trí phointe in aghaidh an chluiche agus scóráil Mannion agus Flynn cúig phointe in aghaidh an chluiche, gaiscí a laghdaigh an brú a bhí ar Joe Canning.

Ba mhór a d’airigh foireann na Gaillimhe uathu an fíbín sin in 2016 nuair nár chruthaigh an triúr chomh maith céanna. D’imir na hógánaigh i ngach cluiche a d’imir Gaillimh sa chraobh anuraidh ach ní raibh an tionchar céanna acu ar an imirt. As na sé chluiche a d’imir siad, níor aimsigh Flynn ach 1-5, ní bhfuair Whelan ach 1-7 agus 0-8 ar fad a fuair Mannion.

Tabharfaidh sé misneach do lucht tacaíochta na Gaillimhe go raibh cuma na maitheasa ar an triúr acu arís i bPáirc na nGael. Bhí Flynn, a d’aimsigh 2-1 agus Whelan, a fuair 0-5, ar fheabhas. Cé go raibh cúpla droch-iarracht ar scór aige sa chéad leath, d’éirigh le Mannion 1-1 a aimsiú chomh maith.

Má éiríonn leis an triúr sin ar ais ar seanléim i rith na craoibhe, is chun leas na Gaillimhe a rachaidh sé.