Ceist na n-ainmneacha Gaeilge socraithe ag Facebook

Tá meabhracháin le cur ag Facebook chuig a gcuid fostaithe a chuirfidh i gcuimhne dóibh go bhfuil lánchead ag úsáideoirí an tsuímh leagan Gaelach dá n-ainm a úsáid

facebook

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil réiteach socruithe ag Facebook ar cheist na n-ainmneacha Gaeilge ar an suíomh sóisialta. Dúnadh roinnt cuntais nuair nach raibh an t-úsáideoir in ann a chruthú gurbh é an leagan Gaeilge dá ainm an ‘fíorainm’ a bhí air.

Bhí cruinniú ag ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ón ngrúpa Misneach le lucht Facebook i mBaile Átha Cliath inné. Mhínigh Facebook nach raibh bac ar úsáideoirí a ainm Gaeilge a úsáid agus gur nach ndúntar cuntais ach amháin sa chás go ndéantar tuairisciú ar an gcuntas sin.

Dúradh go gcuirfí meabhracháin chuig a gcuid fostaithe a mheabhródh dóibh gur féidir leagan Gaeilge d’ainm a úsáid. Dúirt duine den toscaireacht ó na heagrais Ghaeilge le Tuairisc.ie gur admhaigh Facebook gur tharla sé cheana gur cuireadh bac ar dhaoine a raibh ainmneacha Gaeilge orthu ach gur “botún a bhí ann  i gcás dhuine nó beirt” ach nach polasaí de chuid na comhlachta a bhí ann.

Cé go raibh fadhbanna léirithe ag Gaeil na hAlban cheana féin, ba í cás Laoiseach Ní Choisdealbha a tharraing ar an gceist in Éirinn. D’iarr Facebook ar Ní Choisdealbha cruthúnas a chur ar fáil gurb é a bhí in úsáid aici ar an suíomh. Dúnadh an cuntas nuair nár cuireadh an cruthúnas sin ar fáil.

Dúirt Kerron Ó Luain, urlabhraí de chuid Misneach go raibh an t-eagras ‘sásta dul in iontaoibh geallúintí Facebook’.

“Tá [Facebook] tar éis an cás a tharraing ard ar an gceist seo i measc Gaeil sa chéad dul síos, cás Laoiseach Ní Choisdealbha, a réiteach agus leithscéal a ghabháil léi,” a dúirt sé i ráiteas a eisíodh inniu.

Dúirt sé nach leanfar ar aghaidh leis an agóid a bhí beartaithe ag Misneach taobh amuigh d’oifigí Facebook i mBaile Átha Cliath don tseachtain seo chugainn.

“Mar sin féin, cé go bhfáiltíonn muid leis na geallúintí seo, táimid chun a bheith airdeallach amach anseo chomh maith. Tá a fhios againn gur tugadh geallúintí don phobail LGBT i Meiriceá, ach go háirithe don feachtas #MyNameIs, agus do ionadaí ón bpobal céanna anseo in Éirinn, agus nár chomhlíonn Facebook a gcuid beartais,” a dúirt Ó Luain.

Pléadh litriú na Gaeilge ag an gcruinniú freisin agus dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie inniu go rabhthas ag obair ar réiteach ar an bhfadhb a chuireann isteach ar úsáideoirí a bhfuil sloinnte dár tús guta orthu ar Facebook. Ní ligtear mionlitir a chur ag tús focal i sloinne úsáideora ar an suíomh, riail a fhágann go mbíonn ceannlitriú ciotach ar shloinnte ar nós Ó hAinmhire agus Mac an tSagairt.

“Tá Conradh na Gaeilge sásta go bhfuil fadhbanna le ceannlitreacha míchruinne in ainmneacha cosúil le Mac an Ailí agus Ó hEadhra á gceartú ag Facebook ionas gur féidir le húsáideoirí leagan cruinn dá n-ainm i nGaeilge a úsáid, agus tá siad ag tabhairt faoi fhadhbanna ródaithe a bhféadfadh a bheadh i gceist le húsáideoirí ag baint leasa as ainmneacha i nGaeilge, a réiteach chomh maith,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fág freagra ar 'Ceist na n-ainmneacha Gaeilge socraithe ag Facebook'

  • Tem

    Céard is ‘fadhb ródaithe’ ann?