10 mbliana ó shin ag Wimbledon mhúin TG4 do mhuintir na hÉireann gur ‘éacht’ an Ghaeilge ar ‘ace’

I 2005, chuir TG4 iontas ar go leor daoine in Éirinn nuair a d’fhógair siad go raibh na cearta bainte amach acu chun Wimbledon, ceann de na comórtais is cáiliúla ar domhan, a chraoladh.

Aoife Ní Thuairisg Wimbledon TG4
Aoife Ní Thuairisg, 

Deich mbliana ó shin, bhuaigh Roger Federer craobhchomórtas Wimbledon le héacht i gcoinne Andy Roddick. Bhain TG4 éacht eile amach an bhliain chéanna agus fios ag na céadta míle duine a bhí ag faire ar an gcluiche ceannais ar an stáisiúin cén Gaeilge a bhí ar ‘ace’.

I 2005, chuir TG4 iontas ar go leor daoine in Éirinn nuair a d’fhógair siad go raibh na cearta bainte amach acu chun Wimbledon, ceann de na comórtais is cáiliúla ar domhan, a chraoladh. Dar ndóigh, ba é Súil Eile mana TG4 ó thosaigh siad amach agus an stáisiún ag iarraidh lucht féachana a mhealladh le cláir nach mbeifeá ag súil leo ar stáisiúin Ghaeilge agus is cinnte gur chloígh siad leis an méid sin agus Wimbledon á thuairisciú acu.

“Ba chuid de pholasaí ginearálta spóirt TG4 na cearta leadóige, áit a raibh muid ag iarraidh an tSúil Eile a chur ag obair ar dhá leibhéal –  le beochlúdach ar rogha níos leithne réimsí spóirt a raibh stádas domhanda acu agus lucht féachana breise a mhealladh leo, daoine nach mbeadh ag breathnú orainn de ghnáth, b’fhéidir,” a deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4.

raibh an obair chrua thart nuair a bhuaigh TG4 na cearta, áfach, go háirithe dóibh siúd a bheadh ag cur an chomórtais i láthair.  Bhí ciall le roghnú Brian Tyers agus Mac Dara Mac Donncha, beirt a raibh a nglórtha le cloisteáil ar chraoladh spóirt TG4 roimhe sin ach ba rogha as an ngnáth í an tríú duine den ghrúpa, go háirithe mar nach raibh aon chleachtadh aici ar thráchtaireacht.

Bhí Aoife Ní Thuairisg fós ag obair ar mhíreanna na haimsire ag an am ach, dar léi féin, níor thóg sé i bhfad ar a cuid comhghleacaithe a thuiscint go raibh spéis ar leith aici i gcúrsaí leadóige.

“Nuair a chuala mé go raibh na cearta faighte againn, bhí sceitimíní orm. Chuaigh mise chuig mo bhas ag an am agus dúirt mé go gcaithfeadh muid rud éigin ar leith a dhéanamh. Anois, ‘séard a bhí i gceist agamsa ná míreanna aimsire faoi Wimbledon.

Wimbledon Brian Tyers
Brian Tyers

“Ansin d’iarr siad orm an raibh aon spéis agam oibriú thall ann. ‘Duh a deir mise, ag cuimhneamh gur  ag caint faoin aimsir a bhí siad fós agus rud éigin a dhéanamh thall ann, ach is í an tráchtaireacht a bhí i gceist acu.”

Ceann de na rudaí is tábhachtaí a bhí le déanamh ná stór focal nua a chumadh do spórt nach raibh luaite chomh minic sin sna foclóirí Gaeilge.

“Bhí beagnach foclóir nua, glan le cruthú againn do na téarmaí leadóige,” a deir Brian agus é ag cuimhneamh siar ar 2005. “Bhí obair déanta ag an coiste téarmaíochta agus a leithéid ach is é an triúir againn a dhein go leor dhó.

“Bhí téarmaí ann a bhí an-chosúil leis an mBéarla. D’úsáideamar ‘lab’ agus dropbhuille ach bhí cinn eile a chuireamar fhéin chun cinn. ‘Éacht’ a thugamar ar phointe a fháil ón bhfreastal, nó ‘Ace’, agus thug muid ‘cluiche dealaithe’ ar an ‘tie-break’.

“Deireann siad i mBéarla, ‘Game, set and match’ agus bhí fadhb againn leis sin chomh maith. Dar ndóigh, is é an focal céanna atá againne do ‘game’ agus ‘match, ‘cluiche’. D’fhágamar ‘cluiche’ ar ‘game’ agus thosníomar ag tabhairt ‘comórtas’ ar ‘match’.”

raibh an tráchtaire nua i bhfad ag dul i dtaithí ar an obair, go hairithe le cabhair agus nodanna óna comhghleacaithe.

“Is dúshlán a bhí ann dhom fhéin ach bhí thar a bheith spraíúil. Bhí neart daoine ann le cúnamh a thabhairt dhuit agus bhí daoine sa lucht féachana fiú ag seoladh téacsanna isteach le focail á moladh acus.”

D’éirigh thar barr leis an tuairisciú i 2005. Bhreathnaigh 235,000 ar an meán ar TG4 le linn an chomórtais, a mhaireann coicís. Ba é cluiche ceannais na mban, idir Venus Williams agus Lindsey Davenport,an comórtas a mheall an lucht féachana is mó; breis agus 300,000 daoine a chonaic Williams ag buachan craobh Wimbledon don tríú huair.

Tar éis dóibh an tráchtaireacht a dhéanamh i stiúideo i mBaile na hAbhann an chéad bhliain, sall leis an triúr chuig SW19 agus an All England Club i 2006. Dar le hAoife agus Brian, ba pribhléid amach agus amach a bhí ann a bheith i láthair agus iad anois ag obair taobh le taobh le seanlaochra na leadóige.

“Bheadh tú ag dul in áit éigin agus siúlfaidh Steffi Graf tharat nó bheadh Boris Becker ag siúl timpeall agus culaith aisteach air i gcónaí,” a deir Aoife. “Na mothúcháin atá ag baint leis an áit, tá deacair cur síos air. An stair! Is comórtas scléipeach atá an, an ceiliúradh atá ann; d’ardódh sé do chroí.”

go raibh tráth ann go mbeadh sé deacair a chreidiúint go mbeadh Gaeilge le cloisteáil ar chúirt láir Wimbledon, i 2006, ní raibh i TG4 ach stáisiún as measc go leor stáisiún ó áiteanna ar fud na cruinne a bhí ag craoladh ann.

“Bhí Meiriceánaigh taobh linn,” a deir Aoife.

“Bhí na Sínigh ann chomh maith. Bheadh John McEnroe nó duine éigin taobh leat. Ní raibh aon rud áirid fúinne seachas gur Éireannaigh muid agus b’fhéidir go raibh níos mó craic againn. Bhí a fhios acu go raibh muid ann, déarfaidh mé an méid sin!”

Faraor, ní bheidh Wimbledon le feiceáil ar TG4 i mbliana agus na cearta sciobtha uathu ag Setanta, ach fós tá cuid de na comórtais spóirt is mó ar domhan á gcraoladh ag an stáisiún. D’aimsigh TG4 na cearta chun an Tour de France a chraoladh i 2005 chomh maith agus beidh craoladh beo agus buaicphointí an rása le feiceáil i rith na dtrí seachtaine den chomórtas ársa eile sin i mbliana.

Fág freagra ar '10 mbliana ó shin ag Wimbledon mhúin TG4 do mhuintir na hÉireann gur ‘éacht’ an Ghaeilge ar ‘ace’'