‘We will never let the Irish down’ a deir Verhofstad agus vóta Breatimeachta Westminster curtha siar

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh aon ní aige i gcoinne tuilleadh soiléirithe a thabhairt faoin gcúlstop ach nach bhféadfadh aon soiléiriú a dhéanfaí a bheith in aghaidh an méid a bhí aontaithe cheana

‘We will never let the Irish down’ a deir Verhofstad agus vóta Breatimeachta Westminster curtha siar

Tá an vóta cinniúnach faoin mBreatimeacht a bhí le bheith ar siúl in Westminster amárach curtha siar ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May.

Dúirt May tráthnóna go mbeadh cainteanna éigeandála aici le ceannairí an AE faoi athruithe a dhéanamh ar an gcúlstop, an socrú sa mhargadh Breatimeachta chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Dúirt an Príomh-Aire go raibh an vóta á chur siar aici mar nach n-éireodh lena bplean sa Pharlaimint mar gheall ar an imní a bhí ar chuid mhór feisirí faoi cheist an chúlstop.

Dúirt sí go ndéanfadh sí a machnamh chomh maith ar conas cumhacht a thabhairt d’fheisirí parlaiminte maidir leis an gcúlstop.

Dúirt ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn nach raibh ciall ar bith leis an vóta a chur siar sa chás go mbeadh May ag filleadh ar Wesminster agus an margadh céanna aici.

Chuir May in iúl dá hairí níos luaithe tráthnóna go raibh an vóta á chur siar aici agus an chuma ar an scéal go vótálfadh móramh mór i gcoinne a plean Breatimeachta.

Labhair Príomh-Aire na Breataine leis an Taoiseach Leo Varadkar aréir agus tuairiscí ann go gcuirfeadh sí vóta an lae amárach siar ar mhaithe le filleadh ar an mBruiséil chun dul i mbun idirbheartaíochta arís faoin gcúlstop.

Rinne Guy Verhofstadt, Comhordaitheoir Breatimeachta Pharlaimint na hEorpa beag is fiú den dearcadh go bhféadfaí dul siar ar an méid a bhí aontaithe faoin gcúlstop.

Is é an cúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint an dris chosáin is mó roimh phlean May in Westminster agus imní ar Bhreatimeachtóirí ina páirtí féin agus ar an DUP nach bhfuil aon dáta éaga ag baint leis an socrú agus nach mbeadh cead ag an Ríocht Aontaithe é a chur ar cheal nuair ba mhian leo.

Tá lucht an Aontais ag rá nach féidir ach soiléirithe a thabhairt faoin gcúlstop agus nach féidir téacs an mhargaidh féin a athrú.

Dúradh inniu gurbh é an margadh a rinne Rialtas May leis an Aontas Eorpach an margadh imeachta deiridh agus nach mbeadh a thuilleadh idirbheartaíochta ann ina thaobh.

Mar sin féin, údar imní don Rialtas abhus na tuairiscí go bhfuil sé i gceist ag Rialtas na Breataine filleadh ar an mBruiséil chun gealltanais nua a fháil faoin gcúlstop.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh aon ní aige i gcoinne tuilleadh soiléirithe a thabhairt faoin scéal ach nach bhféadfadh aon soiléiriú a dhéanfaí a bheith in aghaidh an méid a bhí aontaithe sa mhargadh cheana.

‘Polasaí árachais’ atá sa chúlstop a d’fhágfadh go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim i ndiaidh an Bhreatimeachta nó go dtiocfaí ar shocrú trádála eile a sheachnódh teorainn chrua in Éirinn.

Tuairiscítear go bhféadfadh go gcuirfear an vóta parlaiminte siar go dtí an tseachtain seo chugainn nó fiú go dtí an athbhliain. Is é an 21 Eanáir an spriocam deiridh don vóta.

Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le fios inniu go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe stop a chur as féin leis an bpróiseas Breatimeachta aon uair ba mhian leo.

Agus easaontas mór in Westminster amárach faoi mhargadh May, spreagadh atá i gcinneadh an ECJ dóibh siúd atá ag iarraidh go mbeadh reifreann eile ann faoin mBreatimeacht.

Ba é breithiúnas na cúirte ná go bhféadfadh aon bhallstát fógra imeachta alt 50 a tharraingt siar gan cead a fháil ó na ballstáit eile.

Dhiúltaigh an chúirt Eorpach d’áitiú Rialtas na Breataine agus an Choimisiúin Eorpaigh nach bhféadfaí cinneadh aontaobhach a ghlacadh tarraingt siar ó fhógra imeachta.

Dúirt rúnaí comhshaoil na Breataine Michael Gove ar maidin gur cuma faoi chinneadh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó tharla go raibh reifreann cheana faoin mBreatimeacht agus go rabhthas ag dul ar aghaidh leis. Dúirt sé chomh maith le linn an agallaimh chéanna go mbeadh an vóta ar siúl amárach in Westminster.

Fág freagra ar '‘We will never let the Irish down’ a deir Verhofstad agus vóta Breatimeachta Westminster curtha siar'