‘Vote Colum and you get Mike, vote Mike and you get Colum’ – comhoibriú idir an UUP agus SDLP?

Tá an stádas bunreachtúil, Brexit, paráidí, scrúdú an 11+ agus go leor eile i measc na n-ábhar easaontais eatarthu, ach tá comhoibriú mar fhreasúra geallta ag an UUP agus an SDLP

‘Vote Colum and you get Mike, vote Mike and you get Colum’ – comhoibriú idir an UUP agus SDLP?

Colum Eastwood agus Mike Nesbit

B’aisteach an feic é. Na toscairí ag comhdháil bhliantúil an UUP ina seasamh ag tabhairt bualadh bos do cheannaire an SDLP, Colum Eastwood. Ba mhó aird a tharraing cuairt Eastwood ar chomhdháil an UUP ná mar a fuair ceannaire an pháirtí sin, Mike Nesbitt. Taispeántas aontais ab ea é ó cheannairí an fhreasúra, iad ag iarraidh líomhaintí faoi éagumas agus deighilt a shárú.

Ocht dteachta is fiche atá ag an dá pháirtí – 16 ag an UUP agus12 ag an SDLP.

Bhíodar i dteideal aireachtaí sa bhFeidhmeannas i ndiaidh an toghcháin sa Bhealtaine, ach dhiúltaigh siad dóibh agus chuaigh sa bhfreasúra oifigiúil a ceadaíodh den chéad uair i mbliana. D’fhág sin an DUP agus Sinn Féin (móide neamhspleách amháin, Clare Sugden, an tAire Cirt) sa bhFeidhmeannas. Tá comhdhlúthú follasach idir an DUP agus Sinn Féin i leith an fhreasúra agus go dtí seo tá Nesbitt agus Eastwood curtha ó dhoras gan stró.

Is léir don dall nach bhféadfaí a bheith ag súil le haontas idir an UUP agus SDLP faoi Éire Aontaithe/ Ríocht Aontaithe ach an oiread is a bheadh súil leis ón DUP agus Sinn Féin. I measc nithe eile, níl siad ar aon intinn faoin gcóras aistrithe ón bhunscolaíocht go dtí an dara leibhéal ná faoi pharáidí. Murab ionann agus DUP/SF bhí an UUP agus an SDLP ar an taobh céanna san reifreann faoin Bhreatimeacht, iad araon i bhfabhar fanacht san Aontas Eorpach.

Údar suntais ab ea é, dá bhrí sin nuair a vótáil an UUP in aghaidh mholadh an SDLP san Tionól go n-éileofaí stádas Eorpach speisialta do Thuaisceart Éireann tar éis na Breatimeachta. Theip ar an rún le haon vóta amháin agus ba cheap fonóide é an freasúra as a bheith ‘easaontaithe’. Ar ndóigh, bhí an Feidhmeannas féin easaontaithe freisin mar thacaigh Sinn Féin le moladh an SDLP agus tá deighilt ollmhór idir Sinn Féin agus an DUP faoin Bhreatimeacht. Mar sin féin, ba iad páirtithe an fhreasúra a bhí á gcáineadh.

’Sé an freasúra an rud nua agus ’sé a chaithfidh a chruthú go bhfuil feidhm leis. Ní raibh sé thar mholadh beirte go dtí seo agus ar éigean atá lorg ar bith á fhágáil aige ar ghnóthaí an Tionóil. Gan dabht ba é sin faoi ndear cuireadh an UUP do Colum Eastwood labhairt leis na toscairí ag an gcomhdháil aontachtach. Polaitíocht ‘an láir’ a bhí á tairiscint ag an mbeirt, iad ag iarraidh a dhul i gcion ar vótóirí aontachtacha agus náisiúnacha.

Níor cheil Eastwood ar a lucht éisteachta an deighilt mhór idir a pholasaithe féin i bhfabhar Éire nua, aontaithe agus dílseacht an UUP don Ríocht Aontaithe. Ach ní chuirfeadh an difríocht sin bac ar a gcumas comhoibriú le chéile ar mhaithe leis an leas coiteann ar cheisteanna eacnamaíocha agus sóisialta, ar sé.

Leag sé féin agus Mike Nesbitt béim ar chomhaidhm an dá pháirtí go mbeadh Tuaisceart Éireann rathúil.

Ba chosúil go raibh Nesbitt níos tógtha le comhghuaillíocht idir an dá pháirtí. Is maith leis ceannaire an fhreasúra a ghlaoch air féin; deir Eastwood nach bhfuil sé ina thánaiste/leascheannaire ag éinne. Mhol Nesbitt don chomhdháil ‘Vote Colum and you get Mike’ agus ‘Vote Mike and you get Colum’. B’in é a fhreagra ar an mana a bhíonn ag an DUP nár cheart vótáil d’aon pháirtí aontachtach ach iad féin chun a chinntiú nach mbeadh Martin McGuinness ina Chéad-Aire agus ba fhreagra é freisin ar mhana Shinn Féin gurb iadsan amháin ar an taobh náisiúnach a bheadh in ann an Chéad-Aireacht a bhuachan.

B’aisteach an ráiteas é ó Nesbitt i bhfianaise a nós a bheith ag déanamh margaí réamhthoghcháin leis an DUP. Rinne sé é sin anuraidh roimh thoghchán Westminster agus roimhe sin le haghaidh fothoghcháin i Lár Uladh. Bhí scata de na toscairí ag an gcomhdháil ar an Satharn a mhaígh go mbeadh margadh aontachtach riachtanach agus do-shéanta amach anseo. Croitheadh cinn an freagra a bhí acu ar vótaí don Tionól a aistriú chuig SDLP.

Ní leor na cúiseanna sin chun stop a chur le comhoibriú sa bhfreasúra nuair a aontaíonn an dá pháirtí, ach níl ciall ar bith le héilimh go nascfaidís le chéile. Tá Alliance ann cheana féin chuige sin, a dúirt vótóir aosta.

Céim shuimiúil ab ea freastal Eastwood ar chomhdháil an UUP agus seans gur chruthúnas é go n-oibreodh an dá pháirtí sin le chéile, go cruthaitheach i bhFeidhmeannas ar bhealach nár facthas ón DUP agus Sinn Féin le naoi mbliana.

’Sé a ngnó anois a léiriú mar fhreasúra go bhfuil siad in ann iachall a chur ar an DUP agus Sinn Féin freagra a thabhairt faoina n-iompar sa bhFeidhmeannas. Níor bheag sin.

Fág freagra ar '‘Vote Colum and you get Mike, vote Mike and you get Colum’ – comhoibriú idir an UUP agus SDLP?'