Vóta caite i gcoinne beirt Ghaeilgeoirí a bheith ar choiste Gaeilge comhairle

Socraíodh nach mbeadh áit ag beirt chomhairleoirí ar Ghrúpa Oibre Pholasaí Gaeilge Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí

Vóta caite i gcoinne beirt Ghaeilgeoirí a bheith ar choiste Gaeilge comhairle

Emmet Mac Giolla Uidhir ar chlé agus Dónal Ó Cofaigh

Vótáil Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí, 32 duine in éadan cúigear, in aghaidh beirt comhairleoirí a bhfuil Gaeilge acu a chur ar Ghrúpa Oibre Pholasaí na Gaeilge. Ba iad an bheirt sin Dónal Ó Cofaigh (Rogha Eile an Lucht Oibre) agus Emmet Mac Giolla Uidhir (Neamhspleách). Is iadsan an t-aon bheirt ar an Chomhairle, taobh amuigh d’ionadaithe Shinn Féin, a bhfuil Gaeilge acu. Bhí suim acu beirt a bheith ar an Ghrúpa Oibre.

Caitheadh an vóta ag cruinniú na Samhna den Chomhairle. Bhí na ceithre pháirtí mór ar aon ghuth: Sinn Féin, an SDLP, an DUP agus Páirtí Aontachtach Uladh.

Mhol Coiste Beartas agus Acmhainní na Comhairle gan an bheirt a chur ar an Ghrúpa. Ag an chruinniú sin, dúirt an Comhairleoir Éamonn Keenan (Neamhspleách) go raibh suim aigesean leis sa Ghrúpa. Cuireann sé suim sa Ghaeilge, agus tá sé ag foghlaim. Caitheadh vóta in aghaidh eisean a chur ar an gcoiste fosta.

Ag lánchruinniú den Chomhairle, mhol Ó Cofaigh go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh an Choiste. Dúirt sé go raibh sé “mífhortúnach” gur Aontachtaithe agus náisiúnaithe amháin a bhí ar an Ghrúpa, agus ar an Ghrúpa Ultaise chomh maith. “Dar liomsa go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí athbhreithniú ar an chinneadh seo, go háirithe ar an dóigh go mbaintear mí-úsáid as na teangacha seo, go ndéantar uirlisí polaitiúla díobh, go ndéantar uirlisí seicteacha díobh, agus gan ciall ar bith leis sin, nó gur oidhreacht chomónta againn uilig iad,” arsa Ó Cofaigh.

Thacaigh Mac Giolla Uidhir leis an mholadh. Dúirt sé gur mhaith leis an DUP ionadaíocht breise ar an Ghrúpa Ultaise. “Bhí mise breá sásta freastal ar cibé líon comhairleoirí a bhí sásta suí air (an Grúpa Gaeilge), nó ar an Ghrúpa Ultaise, ach níor tugadh aird air sin,” arsa Mac Giolla Uidhir.

B é Alex Baird, Aontachtaí Ultach, an chéad duine a labhair in éadan an athbhreithnithe. “Caithfear glacadh leis gurb é seo an daonlathas agus é ag obair,” ar seisean. Thacaigh Tommy Maguire, Sinn Féin, leis.

Ag an Choiste Beartas agus Acmhainní, socraíodh úsáid a bhaint as an chóras d’Hondt le comhaltaí an dá Ghrúpa a roghnú. Oibríonn sin chun aimhleas comhairleoirí nach bhfuil sna páirtithe móra.

Fág freagra ar 'Vóta caite i gcoinne beirt Ghaeilgeoirí a bheith ar choiste Gaeilge comhairle'