Johnson le toghchán a lorg agus vóta caite ag feisirí Westminster chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh faoi Shamhain

Vótáil móramh de 27 feisire parlaiminte in Westminster tráthnóna ar son díospóireacht a cheadú amárach a chuirfeadh cosc ar Bhreatimeacht gan mhargadh ar an 31 Deireadh Fómhair

Johnson le toghchán a lorg agus vóta caite ag feisirí Westminster chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh faoi Shamhain

Vótáil feisirí Parlaiminte in Westminster anocht go nglacfaidís ceannas ar an bParlaimint amárach ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a chosc.

328 feisire a vótáil ar son an rúin agus 301 a vótáil ina choinne – móramh 27 duine. Bhí 21 feisire de chuid na dTóraithe i measc na ndaoine a vótáil i gcoinne rialtas Boris Johnson.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine i ndiaidh vóta na hoíche anocht nach nglacfadh sé leis an reachtaíocht chun Breatimeacht gan mhargadh a chosc agus go mbeadh rún go mbeidh toghchán ann á chur faoi bhráid na parlaiminte amárach aige.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn nach dtacódh a pháirtí leis an rún sin mura mbeadh glactha ar dtús leis an reachtaíocht chun cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh.

Bhí an rialtas ag súil gur leor na bagairtí faoi olltoghchán, díroghnú iarrthóirí agus ruaigeadh as an bpáirtí le go nglacfadh na heasaontóirí sa pháirtí Caomhach le treoir an pháirtí i dtaobh vóta na hoíche anocht.

Agus na feisirí i mbun iarrachtaí reachtaíocht a rith a thabharfadh an t-údarás do Boris Johnson síneadh ama a lorg d’Airteagal 50 mura n-éiríonn leis socrú nua Breatimeachta a fháil, bhí a lán cainte ann gurb amhlaidh a d’fhógródh an Príomh-Aire olltoghchán tobann.

Chuir na heasaontóirí i measc na dTóraithe i leith Johnson go raibh an baol ann go scriosfadh sé an páirtí agus thacaigh siad leis an bplean go gcuirfí síneadh ama leis an mBreatimeacht go dtí deireadh mhí Eanáir 2020 ar a thúisce.

Tá sé á áitiú ag Johnson go gcaithfidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil ar an 31 Deireadh Fómhair, bíodh margadh déanta nó ná bíodh.

Chaithfeadh dhá dtrian de na feisirí parlaiminte vótáil ar son olltoghchán a reáchtáil an mhí seo chugainn.

Níl daoine i bPáirtí an Lucht Oibre sásta tacú le Johnson olltoghchán tobann a fhógairt mar nach bhfuil aon iontaoibh acu as agus imní orthu go bhféadfadh sé dáta an olltoghcháin a athrú ón 14 Deireadh Fómhair go dtí dáta éigin tar éis lá an Bhreatimeachta, an 31 Deireadh Fómhair.

Faoin tráth sin d’fhéadfadh an Ríocht Aontaithe a bheith imithe as an AE agus gan aon mhargadh déanta.

Níos túisce inniu, bhí cruinniú teasaí i Sráid Downing mar ar éirigh idir na heasaontóirí sna Tóraithe agus Boris Johnson. Chaill Johnson a mhóramh sa pharlaimint níos déanaí sa lá nuair a d’éirigh feisire amháin as na Tóraithe chun aistriú chuig na Liobrálaigh Dhaonlathacha.

Chuir na heasaontóirí sa pháirtí i leith an Phríomh-Aire nach raibh aon straitéis idirbheartaíochta aige ná aon phlean aige le go nglacfadh an pharlaimint le margadh nua Breatimeachta.

Mhaígh Johnson nach mbeadh de thoradh ar an reachtaíocht ach tuilleadh éiginnteachta, reifreann eile nó Airteagal 50 á chur ar ceal.

Na feisirí sin atá in aghaidh Breatimeacht gan mhargadh, deir siad go ndéanfadh a leithéid dochar don gheilleagar, go gcuirfeadh sé as go mór do chúrsaí taistil agus do sholáthar earraí amhail bia agus cógais leighis, agus gur teorainn chrua in Éirinn an toradh a bheadh air.

Iadsan atá ar son Breatimeacht gan mhargadh, deir siad nach mbeadh in aon chur isteach ach rud sealadach agus go bhféadfaí é a bhainistiú ach na hullmhúcháin lena aghaidh a dhéanamh go cúramach.

Fág freagra ar 'Johnson le toghchán a lorg agus vóta caite ag feisirí Westminster chun cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh faoi Shamhain'