VÓTA 24: Tweedledum agus Tweedledee, TG4 i Scoil Dhún Chaoin

Ní haon ábhar díomá dár léirmheastóir teilifíse go bhfuil clúdach olltoghcháin ag teannadh ar cheann scríbe  

VÓTA 24: Tweedledum agus Tweedledee, TG4 i Scoil Dhún Chaoin

Táimid ag teannadh ar cheann scríbe agus ní haon díobháil san. Níor spreag olltoghchán 2024 samhlaíocht an phobail agus bhí clúdach na meán leamh go maith dá réir. Níor éirigh le díospóireacht na gceannairí ar Prime Time (RTÉ1, Dé Máirt) an tine a adú ach an oiread.

Go deimhin is oibrí cúraim as Ceann Toirc is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal agus barrthuisle á bhaint aici as Simon Harris. Ní haon iontas mar sin gur tosnaíodh díospóireacht na hoíche aréir le ceist faoi tslí a chaith ceannaire Fhine Gael le Charlotte Fallon. Bhí Sarah McInerney agus Miriam O’Callaghan imithe i mbun oibre láithreach. Beirt acu le smacht a choimeád ar thriúr. Is cinnte go raibh jab níos fusa acu ná mar a bhí ag Katie Hannon an tseachtain seo caite mar a raibh deichniúr ceannairí i bpíobáin a chéile.

An réasúnaíocht a bhí le díospóireacht na Máirt ná ceannairí na mórpháirtithe, iad siúd a d’fhéadfadh a bheith in oifig an Taoisigh, a chuir ag comhrac. Cuireadh leagan amach na bpóidiam ar chrannaibh agus fágadh Mary Lou McDonald sa lár. Is cuma cá mbeadh sí bhí fadhb gan réiteach ag an mbeirt eile. Ní fhéadfadh Micheál Simon a cháineadh, n’fhéadfadh Simon Micheál a cháineadh agus theastaigh ón mbeirt acu Mary Lou a cháineadh ach gan í a cháineadh le chéile.

Níor leasc le Maire Lou na leaideanna a cháineadh áfach; ‘Tweedledum’ agus ‘Tweedledee’, ‘These two gentlemen’ agus ‘These two guys’ á bhaisteadh aici orthu go seanbhlastúil.

“Your crash, and your austerity” á gcasadh aici chucu. An port atá aici, agus ag Sinn Féin, go leanúnach ná go bhfuil sé in am FF agus FG a sheoladh amach an doras iata agus deis rialtais a thabhairt do pháirtithe eile. Slais á caitheamh ag Harris á rá nach bhfuil sé chun éisteacht le léacht ó Shinn Féin faoi chúrsaí Dlí agus Cirt agus Martin ag cur McDonald i gcomparáid le Liz Truss. Gach re sea ar feadh uair an chloig go leith. Mórán cainte ach gan mórán ráite.

Níos luaithe ar an Máirt bhí TG4 ag leanúint ar aghaidh lena gcamchuairt ar na dáilcheantair Ghaeltachta (Nuacht TG4). Is i nDún Chaoin na Ríochta a bhíothas ar an Máirt agus pobalbhreith acu faoi dháilcheantar Chiarraí. Ní raibh aon ábhar iontais anseo; muintir Healy-Rae (Michael ach go háirithe) go rábach agus an chuma ar an scéal go dtoghfar na Teachtaí céanna arís agus go dtógfaidh Fine Gael suíochán Fhine Gael.

Is breá liom na camchuairteanna Gaeltachta seo. Rud éigin difriúil atá iontu. Siún Nic Gearailt i Scoil Dhún Chaoin, áit a mbeidh an bothán vótála is sia siar in Éirinn.  Caint á cur aici ar Sheán Mac an tSíthigh agus Dáithí de Mórdha. Mír shnasta ag an Sítheach ag cur na polaitíochta i gcomparáid leis an gcaid. Mheasas go raibh torthaí suimiúla sa phobalbhreith ó thaobh na turasóireachta: 61% ag rá gur cheart srian a chur ar thithe saoire agus tuairim is 50% ag iarraidh srian a chur ar Airbnb.

Tá deireadh ráite mar sin. Tá súil agam go mbeidh an comhaireamh níos suimiúla ná an stocaireacht.

Fág freagra ar 'VÓTA 24: Tweedledum agus Tweedledee, TG4 i Scoil Dhún Chaoin'