Viva an scannán Éireannach i Spáinnis a fuair ainmniúchán Oscar mar scannán i dteanga iasachta!

Ag fágaint ar leataobh na himpleachtaí d’earnáil na Gaeilge in ainmniúchán Oscar Viva , tá gaisce déanta ag an saothar machnamhach seo

Viva an scannán Éireannach i Spáinnis a fuair ainmniúchán Oscar mar scannán i dteanga iasachta!

Viva
Stiúrthóir: Paddy Breathnach
Cliar: Héctor Medina, Jorge Perugorría, Luis Alberto García, Laura Alemán.

Scannán Éireannach i Spáinnis faoi bhuachaill aerach in Havana, Cúba atá ag iarraidh a bheith ina bhanríon draig. An chéad táirge ón tír seo a chuaigh chomh fada leis an ngearrliosta d’ainmniúchán Oscar i rannóg na scannán i dteangacha iasachta.

Is ait an mac an saol, gan aon agó.

Ag fágaint ar leataobh ar feadh nóimint na himpleachtaí, agus an masla d’earnáil na Gaeilge, tá gaisce déanta ag an saothar machnamhach seo.

Is iad na daoine ar chúl an cheamara agus lucht an sparáin (Bord Scannán na hÉireann agus RTÉ) a cháiligh an saothar mar tháirge Éireannach.

Is ó pheann Mark O’Halloran (an té a sholáthraigh dúinn The Garage agus Adam and Paul) a tháinig an scríbhinn don saothar. ’Sé Paddy Breathnach (I Went Down agus Man About Dog) an stiúrthóir agus Cathal Watters a bhí ag beartú an cheamara. Spreagadh an Breathnach le tabhairt faoin saothar nuair a chonaic sé taispeántas draig in Havana.

Níl ag an dílleachta Jesus (Hector Medina) ach ón lámh go dtí an béal agus é ag maireachtáil i scioból d’árasán gur geall le carachtar ann féin é ar uairibh.

Tuilleann sé a chrústa ag cóiriú gruaig na seanbhan agus foilt bhréige na mbanríon draig. Bíonn sé ag gliúcaíl ar na banríonacha céanna ó chúl stáitse agus is léir go dteastaíonn ón mbuachaill soineanta, cúthail seo a lorg a leanúint. Tapaíonn sé an deis nuair a thagann sí ina threo. Is ag an bpointe seo a fhilleann an t-athair, Angel (Jorge Perugorria), fear nach bhfuil feicthe ag Jesus leis na blianta agus gur beag an chuimhne atá aige air.

Iardhornálaí atá imithe in aois agus tite chun feola é Angel, é lán le drochmhianach faoina dheiseanna féin a d’imigh le sruth nuair a ciontaíodh i ndúnmharú é. Ní haon ionadh nach róshásta atá sé le gairm bheatha a mhic. 

Is beag an chosúlacht atá eatarthu agus i gcaitheamh an scannáin déantar cíoradh ar an athrú a thagann ar chaidreamh na beirte. Ar uairibh rith comparáidí le Billy Elliot liom.  ‘Arbh fhearr leat dá mba dhuine eile mé?’ a fhiafraíonn Jesus dá athair agus iad ag diúgadh go muinteartha cois beáir. ‘Bheadh sé níos fusa,’ a deir an t-athair go macánta, maslach. An mac ag iarraidh saol de shaghas éigin a bhaint amach dó féin mar aon le teacht ar a fhéiniúlacht féin. An t-athair ag iarraidh go mbeadh greim ar a aiféala aige.

Tá go leor de na radharcanna suite san árasán agus meabhraíonn dearóile an lóistín bochtanas na gcarachtar agus na cathrach trí chéile dúinn.

‘The most beautiful slum in the world’, a bhaisteann Angel ar Havana agus is cinnte go n-éiríonn linn lán ár gcuid súl a bhaint as an gcathair álainn, trína chéile seo. Ní théitear thar fóir le maoithneachas chairteacha na caogaidí. Ná ní chuirtear fiacail sa trácht a dhéantar ar an striapachas ach an oiread agus cuirtear drochstaid na ndaoine abhaile orainn i rith an ama.

Cé go bhfuil fuascailt de shaghas ar an gcaidreamh idir an bheirt agus radharcanna cumhachtacha tríd síos d’ainneoin iad a bheith seanchaite.

Fág freagra ar 'Viva an scannán Éireannach i Spáinnis a fuair ainmniúchán Oscar mar scannán i dteanga iasachta!'