Verona Murphy tofa ina Ceann Comhairle sa Dáil, an chéad bhean riamh sa ról

Tháinig an 34ú Dáil le chéile i dTeach Laighean den chéad uair ar maidin agus toghadh an neamhspleách Verona Murphy ina Ceann Comhairle

Verona Murphy tofa ina Ceann Comhairle sa Dáil, an chéad bhean riamh sa ról

Tháinig Teachtaí Dála an 34ú Dáil le chéile i dTeach Laighean den chéad uair ar maidin agus thoghadar ina ceann comhairle an neamhspleách Verona Murphy, Teachta Dála do Loch Garman.

Is í Murphy an chéad bhean le bheith ina ceann comhairle.

Toghadh Murphy i ndiaidh an tríú comhaireamh nuair a bhain sí an cuóta, 88, amach le vótaí aistrithe Sheáin Uí Fhearghaíl.

Ceathrar iarrthóirí a bhí ann – Verona Murphy, Seán Ó Fearghaíl (FF), a raibh an tríú téarma á lorg aige, John McGuinness (FF) agus Aengus Ó Snodaigh (SF).

Roimh an toghchán sa Dáil ar maidin, dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh líofacht sa Ghaeilge ina bunscil riachtanach do phost an Cheann Comhairle. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh ceann comhairle ábalta “ceannaireacht” a léiriú ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Dáil, rud a chinnteodh go mbeadh an Ghaeilge “ar comhchéim” leis an mBéarla.

Ní cainteoir Gaeilge í Verona Murphy.

Thug Fianna Fáil agus Fine Gael tacaíocht do Verona Murphy mar chuid den idirbheartaíocht atá ar siúl acu leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách faoi chomhrialtas a bhunú, gníomh a mhaígh Ó Feargháil agus daoine eile a rinne mír mhargántaíochta de ról tábhachtach.

Cainteoirí líofa Gaeilge iad Ó Fearghaíl agus Ó Snodaigh agus dúirt siad beirt le Tuairisc roimh an vóta gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí sa phost.

I nGaeilge a bhí cuid de na hóráidí a thug siad sa Dáil ar maidin sular cuireadh tús leis an vótáil. I nGaeilge a chuir John McGuiness tús lena óráid chomh maith. Níor labhair Verona Murphy aon fhocal Gaeilge seachas “Go raibh maith agat, agaibh” a rá ag deireadh a hóráide.

174 Teachta Dála a toghadh chun na Dála nua, an líon is mó Teachtaí riamh ó bunaíodh an stát.

An ionadaíocht chionmhar a bhí i réim don vóta agus aon-vóta inaistrithe ag gach Teachta Dála.

Sular reáchtáladh an vóta don Cheann Comhairle inniu, thug cléireach na Dála, Peter Finnegan, óráid oscailte an 34ú Dáil. Léifidh an cléireach amach forógra ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn agus ansin tabharfaidh sé ainmneacha na dTeachtaí Dála go léir a toghadh chun na Dála.

 

Fág freagra ar 'Verona Murphy tofa ina Ceann Comhairle sa Dáil, an chéad bhean riamh sa ról'