Deir an Taoiseach Simon Harris gur seift ag Binyamin Netanyahu é ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath a dhúnadh chun aird daoine a bhaint de na mílte páiste atá á marú ag Iosrael in Gaza.
Dúirt Harris gur údar déistine líon na ndaoine a bhí á marú in Gaza agus an tslí a bhfuil fórsaí Iosrael ag caitheamh le muintir na Palaistíne.
D’fhógair Iosrael go raibh a n-ambasáid in Éirinn á dúnadh acu toisc polasaithe míchuibheasacha frith-Iosrael a bheith ag rialtas na hÉireann agus go raibh “an uile líne dhearg” sáraithe acu.
“Bhfuil a fhios agat cad a shílimse atá náireach? A bheith ag marú leanaí, sílim go bhfuil sé sin náireach,” arsa an Taoiseach, Simon Harris.
“Bhfuil a fhios agat cad a shílimse atá náireach? Líon na sibhialtach atá maraithe in Gaza. Bhfuil a fhios agat cad a shílimse atá náireach? Daoine a fhágáil le bás a fháil ón ocras agus stop curtha le cabhair dhaonnúil.”
“Is údar mór aiféala gur chinn siad a n-ambasáid a dhúnadh. Níl fonn orm beag is fiú a dhéanamh ar shlí ar bith den chinneadh ach ní faic é i gcomparáid lena bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear, faic in aon chor.”
Dúirt sé go seasfadh Éire i gcónaí le cearta daonna agus leis an dlí idirnáisiúnta.
“Níl aon rud naimhdeach faoi sin. Déanta na fírinne, is dóigh liom go mbeadh ábhairín iontais ar mhuintir na hÉireann mura mbeadh polasaí gnóthaí eachtracha na hÉireann bunaithe ar chloí leis an bprionsabal go dtacaítear leis an dlí idirnáisiúnta, go dtacaítear le hobair na gcúirteanna idirnáisiúnta agus go dtacaítear le cearta daonna.”
Dúirt an Tánaiste agus aire gnóthaí eachtracha Micheál Martin nach raibh aon rún ag an rialtas ambasáid na hÉireann in Iosrael a dhúnadh.
“Leanfaidh an caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus Iosrael. Cuid bhunúsach de sin nach an ceart aontú nó easaontú faoi bhuncheisteanna,” arsa Micheál Martin.
Dúirt Dana Erlich, ambasadóir Iosrael chun na hÉireann, gur cinneadh an ambasáid a dhúnadh mar go raibh “an ghráin” a bhí á léiriú in Éirinn “aon rud a bhaineann le hIosrael” ag éirí níos measa.
Dúirt aire gnóthaí eachtracha Iosrael, Gideon Sa’ar, go raibh “beartais agus reitric fhrith-Sheimíteach” na hÉireann fréamhaithe in aithisiú an stáit Ghiúdaigh agus in iarracht an stát sin a dhéanamh neamhdhlisteanach. Mhaígh Gideon Sa’ar go raibh sé soiléir go raibh Tadhg an dá thaobhachas ag baint le cur chuige na hÉireann.
Carraig
Tréasluím ó bhonn le ceannairí an Stáit seo as an seasamh docht daingean corráistiúil sin a ghlacadh i dtaca le fimíneacht, mustar agus mór-is -fiú Netanyahu.
Is fada liom go dtabharfar an duine sin os comhair cúirte agus sárú gach líne dhearg dá bhfuil ann agus dá raibh riamh ann a chur ina leith.
Pádraig
‘Dúirt (Harris) go seasfadh Éire i gcónaí le cearta daonna agus leis an dlí idirnáisiúnta.’
Más fíor sin, cén fáth nach bhfuil puinn le rá ag Harris faoin iliomad coimhlintí eile ar fud an domhain ina bhfuil cearta daonna á gcur faoi chois?
Féach ar chás na Síne: tá sé aisteach nár chualamar faic ó Harris faoi ghéarleanúint na nUigiúrach agus na dTibéadach sa tSín. Tá os cionn milliún Uigiúrach curtha i gcampaí géibhinn ag rialtas na Síne ó 2014 i leith agus sin déanta gan triail cheart a thabhairt do dhuine ar bith acu. I measc na sáruithe eile ar chearta daonna na nÚigiúrach sa tSín tá an saothar éigeantais, steiriliú éigeantais, frithghiniúint éigeantais agus ginmhilleadh éigeantais. Tá na mílte mosc scriosta ag rialtas na Síne freisin (is Moslamaigh Thuirciceacha iad an pobal Uigiúrach den chuid is mó) agus fuadaítear na mílte páiste Uigiúrach óna dtuistí gach bliain agus cuirtear iad chuig scoileanna cónaithe nó dílleachtlanna ar mhaithe le ‘hathoideachas’ a chur orthu. Bíonn an leatrom céanna á imirt ar na Tibéadaigh freisin (go deimhin, tá na céadta míle Tibéadach tar éis bás a fháil ó 1950 i leith mar gheall ar an leatrom a imrítear orthu – idir ocras agus foréigean).
Cén fáth a bhfuil bá chomh mór sin ag Simon Harris agus rialtas na hÉireann leis na Palaistínigh, as measc na bpobal uile ar domhan atá á gcur faoi chois? Cén fáth nach dtarraingítear aon aird ar an gcos ar bolg atá á dhéanamh ag an Tuirc ar an bpobal Coirdíneach, ag rialtas na Síne ar na hUigiúraigh nó ag an Asarbaiseáin ar na hAirméinigh?
Tuigim cén fáth a gceapfadh na hIosraelaigh nach bhfuil siad ag fáil cothrom na Féinne ó rialtas na hÉireann – níl siadsan ach ag iarraidh maireachtáil faoi shíocháin ina dtír féin agus fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta ar leac a ndorais, Hamas, atá ag iarraidh Iosrael a chur de dhroim an domhain.
Níl a fhios agam an é aineolas, easpa suime intleachtúla nó rud níos tromchúisí is cúis leis an gclaontacht agus leis an oibseisiún seo le hIosrael, ach tá an ceart ag Iosrael aird a tharraingt ar Thadhg an dá thaobhachas an rialtais. É sin ráite, ní dóigh liom gur cheart do na hIosraelaigh an ambasáid a dhúnadh – b’fhearr dóibh fanacht agus iarracht a dhéanamh troid i gcoinne réamhchlaontaí na nÉireannach ar an gceist seo, cé gur obair gan bhuíochas í don ambasadóir.