Formhór an phobail sásta le caighdeán an ábhair Ghaeilge sna meáin ach d’fhéadfadh sé a bheith níos fearr – suirbhé nua

Bhí formhór díobh siúd a ghlac páirt i suirbhé nua ag iarraidh go bhfeicfí níos mó ábhar i nGaeilge ar chuile ardán, idir theilifís, raidió, nuachtán agus ar líne

Formhór an phobail sásta le caighdeán an ábhair Ghaeilge sna meáin ach d’fhéadfadh sé a bheith níos fearr – suirbhé nua

Níl ach 15% de phobal na tíre ‘an-sásta’ le caighdeán an ábhair Ghaeilge atá sna meáin de réir suirbhé nua.

Coimisiún na Meán a rinne an suirbhé mar chuid den athbhreithniú atá ar bun ag an rialálaí ar chaighdeán na meán Gaeilge.

Cé nár thug ach 15% den phobal le fios go raibh siad ‘an-sásta’ le caighdeán an ábhair Ghaeilge sna meáin, léiríodh go bhfuil formhór mór den phobal sásta le caighdeán an ábhair agus 66% ‘réasúnta sásta’ leis. Ní raibh ach 11% a bhí míshásta le cúrsaí mar atá.

Ina measc siúd a bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht, dúirt 32% go raibh siad ‘an-sásta’ le caighdeán an ábhair Ghaeilge atá sna meáin agus 53% eile a bhí ‘réasúnta sásta’. 10% a bhí ‘réasúnta míshásta’ agus ní raibh ach 3% ‘an-mhíshásta’.

Bhí formhór díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé ag iarraidh go bhfeicfí níos mó ábhar i nGaeilge ar chuile ardán, idir theilifís, raidió, nuachtáin agus ar líne. Bhí 57% den phobal go náisiúnta ag iarraidh go gcuirfí leis an soláthar ábhar Gaeilge ar mheáin nach meáin Ghaeilge iad.

Reáchtáladh an suirbhé seo i mí an Mheithimh agus i mí Iúil na bliana seo agus fuarthas aiseolas ó thart ar 1,200 duine os cionn 18 mbliana.

Go náisiúnta, níor mheas ach duine as gach cúigear, 20%, go mbíonn sé “an-éasca” teacht ar ábhar a thaitníonn leo sna meáin Ghaeilge. Mheas beagnach 40% go raibh sé deacair orthu ábhar taitneamhach a fháil.

Ba é TG4 an t-ardán ba mhinice a luadh mar ardán chun teacht ar ábhar i nGaeilge. Dúirt 51% den phobal go náisiúnta gur bhreathnaigh siad ar TG4 ar bhonn seachtainiúil nó níos minice. 89% a bhí i gceist le sampla na Gaeltachta.

RTÉ One (40%) agus RTÉ Two (28%) na hardáin ba choitianta ag daoine chun teacht ar ábhar i nGaeilge tar éis TG4.

10% den phobal a dúirt go n-úsáideann siad nuachtáin, clóite nó ar líne, chun teacht ar ábhar i nGaeilge, céatadán níos ísle ná mar a bhí i gceist do na meáin shóisialta (20%).

De réir an tsuirbhé, d’éist 16% de na freagróirí go náisiúnta le Raidió na Gaeltachta ar bhonn seachtainiúil nó níos minice ach 63% a bhí i gceist do mhuintir na Gaeltachta.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán, gur léir ó thorthaí an tsuirbhé go bhfuil an pobal ag éileamh níos mó ábhair Ghaeilge ar ardáin na meán uile in Éirinn.

“Tugann siad le fios nach bhfuil aon easpa ar an dea-thoil i leith na Gaeilge ach go bhfuil gá leis na meáin a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le lucht labhartha na Gaeilge agus leo siúd ar mhian leo an teanga a fhoghlaim,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt sé go dtugann an suirbhé “comhthéacs tábhachtach” don Choimisiún maidir leis an rogha ábhair is mian le daoine a fheiceáil agus a chloisteáil.

Meastar gur i dtreo dheireadh na bliana seo chugainn a fhoilseofar an tuarascáil chríochnúil ar an athbhreithniú.

Nuair a iarradh ar dhaoine cé na cineálacha ábhair a mbíonn siad ag plé leo i nGaeilge ar na meáin, dúirt 63% go mbíonn siad ag plé le cúrsaí nuachta, beagán níos mó ná an 60% a dúirt gur le cúrsaí spóirt a bhíonn siad ag plé.

57% den phobal a dúirt go mbíonn siad ag plé le hábhair cheoil agus 54% a dúirt go mbíonn siad ag féachaint nó ag éisteacht le cláir faisnéise.

Maidir leis na cineálacha ábhar ar mhaith le daoine níos mó díobh a fheiceáil nó a chloisteáil sna meáin, thug 67%, beirt as gach triúr go náisiúnta, le fios gur mhian leo tuilleadh clár ceoil agus dúirt 62% go raibh siad ag iarraidh níos mó clár faisnéise.

61% a dúirt go raibh tuilleadh ábhair áitiúil uathu agus 57% a cheap go raibh níos mó ábhar nuachta ag teastáil. 57% freisin a bhí ag iarraidh tuilleadh spóirt i nGaeilge agus 61% a bhí ag iarraidh cláir ealaíne agus cultúir bhreise.

Bhí 66% den phobal náisiúnta ag iarraidh tuilleadh ábhar foghlama agus oideachais a fheiceáil sna meáin.

De réir an tsuirbhé, bhí 43% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé in ann an Ghaeilge a labhairt ag leibhéal éigin. Bhí Gaeilge mhaith nó níos fearr ag 37% agus dúirt 46% eile nach raibh Gaeilge mhaith acu ach gur mhaith leo í a fheabhsú.

Fág freagra ar 'Formhór an phobail sásta le caighdeán an ábhair Ghaeilge sna meáin ach d’fhéadfadh sé a bheith níos fearr – suirbhé nua'