Líon na suíochán: 5
Tá roinnt athruithe déanta ar an toghcheantar ó 2020 ach tá an líon céanna suíochán ann.
Tá scór (20) iarrthóirí ag seasamh, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Denise Mitchell (SF) ó Shinn Féin agus Cian O’Callaghan (DS) do na Daonlathaithe Sóisialta. Triúr den dream a toghadh cúig bliana ó shin, níl siad san iomaíocht: Richard Bruton (FG) agus Seán Haughey (FF) atá éirithe as, agus Aodhán Ó Ríordáin atá imithe go Parlaimint na hEorpa.
Bhí Denise Mitchell (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 21,344 vóta. Toghadh í ar an gcéad chomhaireamh agus 9,400 vóta le spáráil aici. Tá an Comhairleoir Micheál Mac Donncha (SF), fear a bhfuil togha na Gaeilge aige, ag seasamh an uair seo ag súil leis an dara suíochán a fháil do Shinn Féin. Fuair Micheál Mac Donncha (SF) 992 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Dhomhnach Míde. Ach bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an vóta, bheadh seans ag Sinn Féin dhá shuíochán a thógáil.
Sna toghcháin áitiúla déanaim amach go raibh Fianna Fáil agus Fine Gael ar comhleibhéal tacaíochta, thart ar 18%, i gcomparáid le 10% ag iarrthóirí Shinn Féin agus bhí 8% araon ag an Lucht Oibre agus ag an gComhaontas Glas. Ach bhí 19% ar iarrthóirí eile ón eite chlé.
Tá beirt chomhairleoirí san iomaíocht d’Fhianna Fáil: an Comhairleoir Tom Brabazon (FF) a fuair 2,759 vóta i gceantar Dhomhnach Míde sna toghcháin áitiúla agus an Comhairleoir Deirdre Heney (FF) a fuair 3,263 vóta i gCluain Tarbh. Tá roinnt mhaith Gaeilge ag an mbeirt.
Tá beirt iarrthóirí neamhspleácha ar an eite chlé san iomaíocht: an Comhairleoir Barry Heneghan (Nspl) a fuair 2,452 vóta sna toghcháin áitiúla agus an Comhairleoir John Lyons (Nspl) a fuair 1,365 vóta. D’fhéadfadh go mbeadh duine acusan san iomaíocht ag an deireadh. Is cosúil go bhfuil Gaeilge mhaith ag Barry Heneghan (Nspl) agus ina bhileog toghchánaíochta luann sé go sonrach go dteastaíonn níos mó Gaelscoileanna leis an éileamh ar oideachas trí Ghaeilge a shásamh. Tá tacaíocht aige ó iarTheachta Dála don cheantar sin, Finian McGrath.
Sna toghcháin áitiúla bhí John Lyons (Nspl) ar bharr an chomhairimh i gceantar Ard Aidhin le 1,365 vóta. Má chuirtear eisean as an áireamh an uair seo, tá seans láidir ann go mbeidh cuid mhaith dá vóta ag aistriú i dtreo Barry Heneghan (Nspl).
Tá a dhóthain tacaíochta ag Fine Gael sa Dáilcheantar le suíochán amháin a thógáil. Is ag an gComhairleoir Naoise Ó Muirí ó Chois Fharraige is fearr atá seans. Sna toghcháin áitiúla i gCluain Tarbh bhí sé ar bharr an liosta agus 3,519 vóta aige agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh. In éindí leis ar an ticéad tá an Comhairleoir Aoibhinn Tormey (FG) a toghadh do cheantar Bhinn Éadair-Mullach Íde sna toghcháin áitiúla le 2,383 vóta céadrogha.
San iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre tá Shane Folan (LO) a fuair 943 vóta i gceantar Dhomhnach Míde sna toghcháin áitiúla. Le tacaíocht dá leithéid ní bheinn ag súil go gcoinneodh sé suíochán an Lucht Oibre.
Tá Cian O’Callaghan (DS) réasúnta cinnte dá shuíochán. Ní dhearna sé aon dochar dhó gurbh eisean a bhí ag bhí ag déanamh ionadaíochta ar son Holly Cairns sa díospóireacht idir ceannairí na bpáirtithe ar RTÉ 1 le gairid. D’fhéadfadh sé a bheith ar bharr an chomhairimh an babhta seo.
Ar an eite chlé chomh maith tá Bernard Mulvany (PsB) ag seasamh do Phobal seachas Brabús. Ag rith d’Aontú tá James Morris (Aon).
Tá iarrthóir amháin ar an eite dheis san iomaíocht: Paul Fitzsimons (IFP) ón ngrúpa Irish Freedom Party.
Chomh maith leis na comhairleoirí John Lyons (Nspl) agus Barry Heneghan (Nspl) tá seisear iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht: Michael Burke (Nspl); Kevin Coyle (Nspl); Stephen Doyle (Nspl); Brian Garrigan (Nspl); James McGlue (Nspl) agus Diarmaid Ó Conaráin (Nspl).
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; DS 1; Nspl 1.
Líon na suíochán: 4
Seo an Dáilcheantar inar toghadh Ivana Bacik (LO) sa bhfothoghchán chun suíochán Eoghan Murphy (FG) a líonadh, sa bhliain 2021. Níl mór an t-athrú atá déanta ar an Dáilcheantar ó shin.
Seo ceann de na dáilcheantair is spéisiúla sa toghchán. Tá ochtar déag (18) iarrthóirí ar thóir ceithre shuíochán, ina measc tá Ceannaire an Lucht Oibre, Ivana Bacik (LO), Chris Andrews (SF) agus Jim O’Callaghan (FF), triúr a bhí ina dTeachtaí Dála sa 33ú Dáil.
Níl an tAire Fuinnimh Eamon Ryan (CG) ag seasamh. Ina áit tá an Comhairleoir Hazel Chu (CG) a bhí ina Méara ar Chathair Bhaile Átha Cliath cúpla bliain ó shin. Fuair sí 1,973 vóta sna toghcháin áitiúla mí Meithimh seo caite. Fuair iarrthóirí ón gComhaontas Glas thart ar 15% den vóta sna toghcháin áitiúla sa gceantar. Má éiríonn le Hazel Chu (CG) 15% den vóta céadrogha a fháil beidh seans maith aici ar shuíochán a thógáil ach beidh iomaíocht ghéar sa dáilcheantar seo.
Chris Andrews (SF) a thóg an dara suíochán réasúnta éasca in 2020. Cé nach raibh ach thart ar 6% de na vótaí ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla, ba cheart go mbeadh Chris Andrews (SF) san iomaíocht ag an deireadh lena shuíochán a choinneáil.
Is ceantar láidir Fine Gael é seo. Fuair iarrthóirí Fine Gael 28% den vóta in 2020 ach chaill an páirtí an suíochán a bhí ag Kate O’Connell (Nspl) atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách an uair seo, mar nár roghnaíodh í le seasamh d’Fhine Gael. Ag seasamh le Fine Gael in 2020, fuair sí 4,624 agus chaill sí amach ar shuíochán le thart ar 900 vóta. Tá feachtas láidir ar bun aici agus í ag fáil neart poiblíochta ó na meáin náisiúnta. Beidh sí san iomaíocht ag an deireadh.
Tá beirt iarrthóirí san iomaíocht ag Fine Gael: an Comhairleoir James Geoghegan (FG) a toghadh do cheantar Pheambróg sna toghcháin áitiúla le 2,327 vóta agus an Comhairleoir Emma Blain (FG) a fuair 1,925 vóta. Toisc Kate O’Connell (Nspl) a bheith san iomaíocht, tá seansanna Fhine Gael ar an dá shuíochán laghdaithe go mór. Tá James Geoghegan (FG) réasúnta cinnte dá shuíochán.
Ó tharla nach bhfuil ach iarrthóir amháin ag Fianna Fáil, beidh ar Jim O’Callaghan (FF) vóta ard céadrogha a bheith aige mar nach mbeidh mórán aistriúchán ag teacht ina threo. Ní ceantar é seo ina bhfuil Fianna Fáil láidir ach tá pearsantacht láidir ag Jim O’Callaghan (FF), é ag déanamh scéal mór san meáin náisiúnta faoi shábháilteacht ar shráideanna na cathrach agus ag tabhairt le fios go mbeadh Fianna Fáil níos fearr ná Fine Gael sa Roinn Dlí is Cirt. Beidh sé féin ag troid lena shuíochán a choinneáil.
Tá an Comhairleoir Mannix Flynn (Nspl) ag seasamh arís. Ní bhfuair sé ach 645 vóta in 2020 agus sna toghcháin áitiúla bhí 520 vóta aige. Nuair a cuireadh as an áireamh é in 2020, scaip a chuid vótaí i ngach treo.
Is í ceannaire an Lucht Oibre Ivana Bacik (LO) a thóg an suíochán a bhí ag Fine Gael sa bhfothoghchán in 2021. Tá próifíl ard aici sa toghchán seo agus seans ann go mbeidh sí ar bharr an chomhairimh. Tá sé á thabhairt le tuiscint go bhfuil spéis aici go mbeadh an Lucht Oibre i gcomhrialtas arís agus má bhíonn is cinnte go mbeadh suíochán aicise ag bord an Rialtais.
Tá an Comhairleoir Eoin Hayes (DS) san iomaíocht chomh maith. Bhí 1,652 vóta céadrogha aige sna toghcháin áitiúla i gceantar Camaigh-Ráth Maonais. Taispeánann an phobalbhreith (Ipsos B&A) is déanaí san Irish Times go bhfuil tacaíocht láidir ag na Daonlathaithe Sóisialta i gceantair mheánaicmeacha i mBleá Cliath agus i measc daoine óga, agus bíonn neart daoine óga i Ráth Maonais. Beidh vóta maith ag Eoin Hayes (DS) agus dá mbeadh sé chun cinn ar an gComhairleoir Hazel Chu (CG) d’fhéadfadh go mbeadh seans aige ar shuíochán.
Ar an eite chlé chomh maith tá Bridget Purcell (PsB) ag seasamh do Phobal seachas Brabús. Ag rith d’Aontú tá Alan Healy (Aon).
Tá iarrthóir amháin ar an eite dheis san iomaíocht: Lauralee Doyle (IP) ón ngrúpa Irish People.
Chomh maith leis na comhairleoirí Kate O’Connell (Nspl) agus Mannix Flynn (Nspl) tá seisear iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht: Nick Delahunty (Nspl); Peter Dooley (Nspl); David Hennessy (Nspl); John Dominic Keigher (Nspl); Michael McGrath (Nspl) agus Daniel Pocock (Nspl). Sheas Dooley (Nspl) agus Keigher (Nspl) in 2020. Eatarthu fuair siad 329 vóta.
Ceapaim go bhféadfadh beirt a bheith réasúnta cinnte de shuíochán: Ivana Bacik (LO) agus James Geoghegan (FG). Beidh an dá shuíochán dheireanacha idir Chris Andrews (SF); Jim O’Callaghan (FF); Kate O’Connell (Nspl); Hazel Chu (CG) agus Eoin Hayes (DS), agus an buntáiste leis an mbeirt a toghadh in 2020.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; LO 1
Líon na suíochán: 4
Níl aon athrú ar an Dáilcheantar ó 2020, cé go bhfuil ardú suntasach ar an daonra. Tá spéis faoi leith á léiriú sa Dáilcheantar seo mar ní hamháin go bhfuil ceannaire Shinn Féin ag seasamh ann chomh maith leis an Aire Paschal Donoghue (FG) ach ar liosta na n-iarrthóirí chomh maith tá Clare Daly (Ind 4 Ch), iarFheisire Eorpach agus an iarTheachta Dála. Ag seasamh ann chomh maith tá Gerry Hutch (Nspl).
Triúr déag (13) iarrthóirí atá san iomaíocht do na ceithre shuíochán, ina measc an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Mary Lou McDonald (SF); Paschal Donoghue (FG); Neasa Hourigan (CG) agus Gary Gannon (DS).
Fuair iarrthóirí an Chomhaontais Ghlais thart ar 10% den vóta sna toghcháin áitiúla sa gceantar seo. Má fhaigheann Neasa Hourigan (CG) an méid sin den vóta beidh sí san iomaíocht go dtí an deireadh agus dá mbeadh sí chun cinn ar Marie Sherlock (LO) d’fhéadfadh sí vótaí aistrithe go leor a fháil len í a choinneáil sa rás don cheathrú suíochán. Ní dhéanfaidh sé aon dochar di gur vótáil sí in aghaidh an rialtais cúpla uair agus gur caitheadh amach í as an bpáirtí parlaiminte dá bharr.
Seo ceantar ina mbíodh dhá shuíochán ag Fianna Fáil. I mbliana don cheathrú holltoghchán as a chéile tá an Seanadóir Mary Fitzpatrick (FF) san iomaíocht le suíochán amháin a fháil ar ais don pháirtí ach ní déarfainn go bhfuil mórán seans aici an babhta seo ach an oiread.
An tAire Paschal Donoghue (FG) a thóg an tríú suíochán in 2020 ach bhí air fanacht go dtí an naoú comhaireamh, tráth ar toghadh é féin, Neasa Hourigan (CG) agus Gary Gannon (DS). Fuair iarrthóirí Fine Gael 15% den vóta in 2020 sa gceantar seo. Leis an leibhéal sin tacaíochta níl aon bhaol ann go gcaillfeadh Pascal Donoghue (FG) a shuíochán.
Thóg Gary Gannon (DS), Na Daonlathaithe Sóisialta, an ceathrú suíochán in 2020, cé nach raibh aige ag an tús ach 2,912 vóta. Fuair sé vótaí aistrithe go leor ó iarrthóirí eile ar an eite chlé. Má bhíonn sé chun tosaigh ar an Seanadóir Marie Sherlock (LO) ón Lucht Oibre, ba cheart go dtoghfaí é aríst. Ag seasamh chomh maith ar an eite chlé tá an t-iarfheisire Eorpach Clare Daly (Ind4Ch). Ionas go bhféadfadh sí a bheith san iomaíocht le haghaidh suíochán bheadh uirthi níos mó vótaí céadrogha a fháil ná Gary Gannon (DS) agus fanacht chun tosaigh air. D’fhéadfadh dáilcheantar níos éasca a bheith roghnaithe aici le fáil ar ais sa Dáil.
San iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre tá an Seanadóir Marie Sherlock (LO). An tacaíocht a bhíodh ag an Lucht Oibre sa Dáilcheantar seo, tá sé ídithe ó bhíodh Joe Costello (LO) ina Theachta Dála ann. Má éiríonn le Marie Sherlock (LO) 2,500 vóta a fháil beidh sí ag déanamh go maith, ach ní dóigh go bhfuil seans aice ar shuíochán. Ba cheart go bhfaigheadh Neasa Hourigan (CG) agus Gary Gannon (DS) aistriú maith vótaí uaithi.
Tá an Comhairleoir Malachy Steenson (Nspl) ag seasamh anseo. Bhíodh sé i bPáirtí na nOibrithe tráth ach sheas sé sna toghcháin áitiúla agus polasaí frith-inimirceach aige agus fuair sé 915 vóta. Bhí sé chun cinn sa toghcheantar céanna ar an dara hiarrthóir atá ag Sinn Féin sa Dáilcheantar seo, an Comhairleoir Janice Boylan (SF) a fuair 843 vóta.
Ag seasamh ar an eite chlé, chomh maith le Clare Daly (Ind4Ch), tá Eoghan Ó Ceannabháin (PsB) ar son Pobal seachas Brabús. Ceoltóir, amhránaí agus cainteoir líofa Gaeilge é Eoghan. Is beag nár éirigh leis suíochán a bhuachan sna toghcháin áitiúla, nuair a fuair sé 875 vóta. Ag rith d’Aontú tá Ian Noel Smith (Aon), a sheas sa Dáilcheantar seo don Chomhaontas Glas in 2016, nuair a fuair sé 644 vóta.
Tá Andrew Kelly (CPI) san iomaíocht do ghrúpa ar an eite dheis ar a dtugtar Centre Party of Ireland agus ar ndóigh beidh spéis faoi leith ag daoine sa mhéad vótaí a thabharfar do Gerry Hutch (Nspl) a scaoileadh amach ar bannaí sa Spáinn le go bhféadfadh sé rith sa toghchán.
Ceapaim go bhféadfadh beirt a bheith réasúnta cinnte de shuíochán: Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald (SF) agus an tAire Caiteachas Poiblí, Paschal Donohoe (FG). Beidh an dá shuíochán dheireanacha idir Gary Gannon (DS); Clare Daly (Ind4Ch); Mary Fitzpatrick (FF) agus Neasa Hourigan (CG).
Tuar Tuairisc: FG 1; SF 1; DS 1; Ind4Ch 1
Fág freagra ar 'Cathanna suimiúla romhainn i gcathair Bhaile Átha Cliath agus polaiteoirí mór le rá i gcontúirt'