An 34ú Dáil le teacht le chéile den chéad uair, ceann comhairle le toghadh

Beirt chainteoirí líofa Gaeilge, Seán Ó Fearghaíl ó Fhianna Fáil agus Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin, atá san iomaíocht do ról an Cheann Comhairle sa Dáil nua a thiocfaidh le chéile den chéad uair inniu

An 34ú Dáil le teacht le chéile den chéad uair, ceann comhairle le toghadh

Verona Murphy

Tiocfaidh Teachtaí Dála an 34ú Dáil le chéile i dTeach Laighean den chéad uair inniu.

174 Teachta Dála a toghadh chun na Dála nua, an líon is mó Teachtaí riamh ó bunaíodh an stát.

Caithfidh na Teachtaí Dála vóta inniu don Cheann Comhairle nua. An ionadaíocht chionmhar a bheidh I réim don vóta agus aon-vóta inaistrithe ag gach Teachta Dála.

Vóta rúnda a bheidh ann, rud a dhéanann níos deacra é an toradh a thuar ach meastar gur mbeidh an lá leis an neamhspleách Verona Murphy a bhfuil tacáiocht ó Fhianna Fáil agus Fine Gael aici. Ceathrar a bheidh san iomaíocht, ina measc beirt chainteoirí líofa Gaeilge, Seán Ó Fearghaíl ó Fhianna Fáil agus Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin.

Is í Verona Murphy, an t-ainmniúchán atá déanta ag an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách arb iad an dream is dóichí a bheidh ag tacú le Fianna Fáil agus Fine Gael an chéad rialtas eile a bhunú.

Tá lucht ceannais Fhianna Fáil agus Fhine Gael ag iarraidh go dtacódh a dTeachtaí Dála le hainmniúchán Murphy mar chuid den idirbheartaíocht atá ar siúl leis an ngrúpa neamhspleách faoi bhunú rialtais.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl, ata sa tóir ar an tríú téarma mar Cheann Chomhairle, go raibh “an-díomá go deo” air go raibh  ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ag tacú le hainmniúchán Murphy.

Dúirt Ó Fearghaíl nár chóir go mbeadh ról an Cheann Comhairle ina mhír mhargáintíochta sna cainteanna faoi rialtas a chur le chéile. Baineann a leithéid de sheasamh na Dála, a dúirt Ó Fearghaíl.

Dúirt sé go raibh sé meáite ar sheasamh arís don ról chun cur i gcoinne na margáintíochta atá ar siúl faoi ról an Cheann Comhairle agus rólanna eile.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl le Tuairisc an tseachtain seo caite gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle.

Sula reáchtálfar an vóta don Cheann Comhairle inniu, tabharfaidh cléireach na Dála, Peter Finnegan, óráid oscailte an 34ú Dáil. Léifidh an cléireach amach forógra ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn agus ansin tabharfaidh sé ainmneacha na dTeachtaí Dála go léir a toghadh chun na Dála.

Is é is cúram do Cheann Comhairle i seomra na Dála ord agus eagar a chur ar chúrsaí d’fhonn gnó na Dála i gcrích.

An Ceann Comhairle a dhéanann cathaoirleacht ar Choimisiún Thithe an Oireachtais agus ar an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí chomh maith.

Fág freagra ar 'An 34ú Dáil le teacht le chéile den chéad uair, ceann comhairle le toghadh'