Tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ag éileamh ar ollscoil san Ísiltír dul siar ar chinneadh Léann Ceilteach na hollscoile a dhúnadh agus ráite aici gur ‘buille eile don Ghaeilge’ a bheidh ann.
Tá an Léann Ceilteach ag Ollscoil Utrecht ar an bhfód le breis is 100 bliain ach d’fhógair údaráis na hollscoile le deireanas go bhfuil sé mar phlean acu é a dhúnadh mar chuid de chiorruithe ata le déanamh i nDámh na nDán.
Thart ar dhá scór mac léinn atá sa Léinn Ceilteach i láthair na huaire ach tá sé fógartha ag Ollscoil Utrecht nach bhfuil sé i gceist glacadh le mic léinn don chúrsa BA Léann Ceilteach ó 2026 ar aghaidh.
Níl aon ollscoil eile san Ísiltír a bhfuil céim sa Léann Ceilteach, céim ina mbíonn modúil Ghaeilge agus modúil a bhaineann leis an gcultúr Gaelach, ar fáil inti.
Tá feachtas ar bun ag mic léinn agus foireann sa Léann Ceilteach in Ollscoil Utrecht ag impí ar uachtarán na hollscoile dul siar ar an gcinneadh agus achainí ar líne sínithe ag breis is 6,700 duine go dtí seo.
Tá an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, Cynthia Ní Mhurchú, freisin ag tabhairt a tacaíocht don bhfeachtas.
“Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Utrecht ceangailte tríd an gclár Erasmus inar féidir le mic léinn ó Chorcaigh tréimhse staidéir a chaitheamh in Ollscoil Utrecht. Is ionann an cinneadh a tógadh chun deireadh a chur leis an gcúrsa seo agus buille eile do mhic léinn na Gaeilge, a fhágann iad le roghanna staidéir níos cúinge,” arsa Ní Mhurchú.
Tá Ní Mhurchú ag iarraidh go ndéanfaidh Ollscoil Utrecht athmhachnamh ar an gceist agus deir sí go rachaidh sí i dteagmháil leis an Aire Ardoideachais, Patrick O’Donovan, chun iarraidh air idirghabháil a dhéanamh.
Tá an Léann Ceilteach á theagasc in Ollscoil Utrecht ó 1923 i leith. Is í Ollscoil Utrecht an t-aon ollscoil sa Benelux a bhfuil céim sa Léann Ceilteach ar fáil inti.
Mícheál Ó Flaithearta
Maith thú a Cynthia Ní Mhurchú! Tabharfaidh do chuid tacaíochta guth níos láidre den fheachtas leis an Léann Ceilteach agus an Ghaeilge a choinneáil in Utrecht.