‘Clúmhilleadh amach is amach’ ar mhuintir na hÉireann a rá go bhfuil siad ‘frith-Sheimíteach’ – an tUachtarán Ó hUigínn

Deir Uachtarán na hÉireann go raibh tuiscint mhaith i ‘sícé na hÉireann’ ar an mbrí atá le focail amhail díshealbhú agus forghabháil

‘Clúmhilleadh amach is amach’ ar mhuintir na hÉireann a rá go bhfuil siad ‘frith-Sheimíteach’ – an tUachtarán Ó hUigínn

Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur “clúmhilleadh amach is amach” ar mhuintir na hÉireann a rá go bhfuil siad “frith-Sheimíteach”.

Dúirt sé gur rud tromchúiseach a leithéid a rá faoi dhaoine agus gan aon chúis leis ach go n-easaontaíonn siad lena bhfuil ar siúl ag Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu.

Dúirt Uachtarán na hÉireann go raibh tuiscint mhaith i ‘sícé na hÉireann’ ar an mbrí atá le focail amhail díshealbhú agus forghabháil.

D’fhógair Iosrael ag an deireadh seachtaine go raibh a n-ambasáid in Éirinn á dúnadh acu toisc polasaithe míchuibheasacha frith-Iosrael a bheith ag rialtas na hÉireann agus go raibh “an uile líne dhearg” sáraithe acu.

Dúirt Dana Erlich, ambasadóir Iosrael chun na hÉireann, gur cinneadh an ambasáid a dhúnadh mar go raibh “an ghráin” a bhí á léiriú in Éirinn ar “aon rud a bhaineann le hIosrael” ag éirí níos measa.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha Iosrael, Gideon Sa’ar, go raibh “beartais agus reitric fhrithSheimíteach” na hÉireann fréamhaithe in aithisiú an stáit Ghiúdaigh agus in iarracht an stát sin a dhéanamh neamhdhlisteanach.

De réir tuairisc ar RTÉ, cháin Uachtarán na hÉireann Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu as sárú a dhéanamh ar an “oiread sin” den dlí idirnáisiúnta. Ag labhairt dó ag searmanas creidiúnaithe d’Ambasadóir Stát na Palaistíne, Jilan Abdaljamid, agus Ambasadóir na hIodáile, Nicola Faganello, mhaígh sé go raibh caint Iosrael faoi Éirinn mar chuid d’iarracht dochar a dhéanamh do chlú an stáit.

Cháin an tUachtarán athuair ionsaithe Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 ach cháin sé ionsaí díoltais Iosrael ar Gaza, ionsaí inar maraíodh os cionn 45,000 duine go dtí seo.

Fág freagra ar '‘Clúmhilleadh amach is amach’ ar mhuintir na hÉireann a rá go bhfuil siad ‘frith-Sheimíteach’ – an tUachtarán Ó hUigínn'

  • Criostóir

    Sílim go bhfuil an ghráin ag foireann Tuairisc.ie ar aon duine a bhfuil bá acu le hIosrael mar go dtógann sé 2/3 lá oraibh aon nóta tráchta atá báúil le hIosrael a fhoilsiú, má fhoilsítear in aon chor iad. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh sibh alt a rinne laoch de dhuine a thacaigh le sléacht an 7ú Deireadh Fómhair (alt Áine Uí Fhoghlú ar Refaat Alareer) agus go leor ailt eile ina ndamnaítear Iosrael as é féin a chosaint. Ní dóigh liom gur foilsíodh an oiread agus alt amháin ina dtugtar dearcadh na nIosraelach féin nó na nGiúdach in Éirinn a mhothaíonn nach bhfuil fáilte rompu sa tír seo a thuilleadh. Tá sibh ag fáil maoiniú stáit chun seirbhís nuachta oibiachtúil a chur ar fáil don phobal ar fad – níl sin á dhéanamh agaibh faoi láthair.

  • Cabríní

    Ní fheicim duine ar bith ag damnú Stáit Iosrael as iad féin a chosaint. Cinnte ní chloisim duine ná deoraí ag rá rudaí fríth-Sheimíteach. Is ag damnú Stáit Iosrael atáimid as neamhaird a dhéanamh ar gach rial atá ann ó thaobh cogaidh agus dul i mbun cinedhíothú, gan stop, gan staonadh ó a thosaigh siad ag ‘cosaint’ iad féin. Níl aon baint aige sin le creideamh nó eitneacht pobal an Stáit san. Is féidir gráin a bheith agat do ghníomhaíocht an stáit, gan gráin a bheith agat do phobal an stáit san, seachas iad siúd a thacaíonn go díreach le gníomhaíochtaí tubaisteach agus foréigneach an Stáit.

  • Muireann

    Bíodh splanc céille agat, a Chriostóir! Dearcadh na nIosraelach? Tá sé againn gach lá le breis is bliain ó bhéal rialtais an Likud agus ina ngníomh ar ár scáileáin: 45,000 marbh; daoine á loisceadh ina mbeatha; 200 iriseoir dúnmharaithe mar iarracht an fhírinne a cheilt; dúnmharú ar lucht otharchárr; buamáil ospidéal, pubaill, scoileanna tearmainn. Céasadh agus éigniú i bpríosún Sde Teiman (físeáin foilsithe ag Arm na Forghabhála ag maíomh as seo). Ag cruthú gorta d’aon ghnó. Tá barántas gafa eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta don gcoirpeach Netanyahu. An gceapann tú i ndáiríre go dteastaíonn ó léitheoirí Tuairisc a bheith ag fáil tuairiscí atá báúil leis an iompar seo? Molaim an tUachtarán Ó hUigínn go hard na spéire, agus molaim Tuairisc. Níl éinne sásta glacadh le bullaíocht ó stát bradach (ná a gcuid urlabhraithe anseo) a bhfuil déistin an domhain tuillte acu as cinedhíothú agus forghabháil.

  • Liadain

    Ar cheistigh tú riamh a Chriostóir cad é an fíor chúis nach bfhuil mórán i bhfábhar an Iosrael á fhoilsiú anseo? B’fhéidir toisc gur beag duine sa tír (seachas tú féin, is cosúil) atá báúil le rialtas atá ag déanamh slad agus sleacht ar dhaoine soinneanta – páistí don chuid is mó. Le breis is 45,000 dúnmharaithe acu le bliain anuas (gan a bheith ag tracht ar na blianta fada roimhe sin) Iad ag cruthú gortha, ag stopadh aon soláthair leigheas nó fiú uisce úr. Gach ospidéal i nGaza buamáilte acu. Páistí gur maraíodh a dtuismitheoirí ag fánaíocht sna sráideanna leó féin mar thoradh ar an dúnmharú atá á dheanamh ag Iosrael. Caifear obráidí a dheanamh ar pháistí gan fiú anaesthetic nó leigheas don bpiain. An leanfaidh mé ar aghaidh? An dóigh leat i ndáirire anois gurbh iad an Iosrael na híospartaigh sa suíomh seo?

  • Gaeil ar son Gaza, Rinn Ó gCuanach

    Is iontach an rud é Uachtarán a bheith againn go bhfuil misneach aige seasamh suas agus labhairt amach go láidir in aghaidh na héagóra. Níor ghéilleamar riamh don impriúlachas agus cén fáth go ngéillfeadh an tUachtarán anois do bhagairtí ó rialtas a bhfuil míchlú domhanda orthu as oll-dhúnmharú sa Phalaistín, rialtas a cheapann nach gá dóibh ach an scread “frith-Sheimíteachas!” a ligean astu agus go n-umhlóidh ceannairí domhanda go talamh dóibh.
    Dá mba rud é gur chaith muintir na Palaistíne a gcuid ama le 80 bliain anuas ag goid tithe na nGiúdach, á ndíbirt, á gcur faoi chois, á gcur sa phríosún, á nimhiú, á gcéasadh, á n-éigniú, á marú – an seasfadh an domhan siar? Dá mba rud é gur dhírigh Palaistínigh a gcuid arm ar iriseoirí, lucht léinn, lucht liachta, lúthchleasaithe, ealaíontóirí; gur bhuamáileadar a gcuid ospidéal, ollscoileanna, leabharlanna, músaem, ionaid chultúrtha, sionagóg, gur chruthaíodar gorta d’aon ghnó – an mbeadh an domhan balbh? Dá gcuirfeadh Palaistínigh iachall ar pháistí Giúdacha siúl cosnocht le potaí folmha ag bacaíocht bia, dá gcuirfí iachall orthu feoil agus cnámha a dtuismitheoirí a bhailiú isteach i málaí plaisteacha agus coirp a gcuid siblíní a adhlacadh lena lámha beaga loma – an umhlódh ceannairí an domhain dóibh?
    Maith thú a Uachtaráin! Tréaslaímid do chuid misnigh leat. Gura fada buan tú.

  • Áedán Dáire Ó Donghaile

    Criostóir, sílím go léirítear go bhfuil Tuairisc thar a bheith leathan-aigeanta agus ionchuimsitheach nuair atá siad sásta do chuid raiméise a cheadú sna tráchtanna

  • Criostóir

    Tuigimid ar fad go bhfuil scrios agus ár ag tarlú agus is tragóideach an rud é ach cé a chuir tús leis an mbabhta cogaíochta seo is déanaí? Hamas. Thuig siad go mbeadh freagra fíochmhar ann ó Iosrael tar éis an 7ú Deireadh Fómhair agus bhí siad sásta pobal Gaza a íobairt ‘ar son na cúise’. Ba mhian leo ár agus scrios a dhéanamh ar Ghiúdaigh agus cogadh bolscaireachta a fhearadh i gcoinne Iosrael ina dhiaidh sin tríd an milleán ar fad a chur na hIosraelaigh as an tubaiste a lean in Gaza. Tá tuarascálacha ann anois go ndearna Hamas áibhéil ar líon na marbh agus d’admhaigh an UN nach raibh na figiúirí a d’úsáid siad féin ar feadh i bhfad cruinn. Is minic nach féidir muinín a chur sna figiúirí a luaitear le líon na marbh mar is é Hamas a chuireann ar fáil iad (nó ‘údaráis sláinte Gaza’ – dream atá faoi bhois an chait ag Hamas agus a deir cibé rud a ordaíonn Hamas dóibh) agus ní dhéantar idirdhealú sna figiúirí sin idir bás ball de Hamas agus bás sibhialtaigh. Dá bhrí sin, fiú más cruinn na figiúirí a sholáthraíonn Hamas d’fhéadfadh sé gur sceimhlitheoirí Hamas an leathcuid acu agus sibhialtaigh an chuid eile (rud atá admhaithe ag an UN féin). Ar ndóigh, is tragóid é go bhfuil sibhialtaigh ar bith ag fáil bháis, ach d’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a thabhairt ar láimh agus a gcuid airm a thabhairt suas.

    Ní féidir tús a chur le cogadh agus a bheith ag gearán ansin gur thug do namhaid freagra rófhíochmhar ort. Is róthrua go bhfaigheann sibhialtaigh bás i gcogaí, ach creid é nó ná creid, déanann Iosrael a dhícheall básanna na sibhialtach a íoslaghdú. Is cuid den chogaíocht é go bhfaigheann go leor daoine neamhchiontacha bás agus is trua sin (go háirithe i gcás cogadh i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach nó a bhíonn ag cur fúthu lena muintir a fhad is atá cogadh á fhearadh acu). Ach is trua freisin gur thug go leor de mhuintir Gaza tacaíocht do Hamas, dream a tharraing scrios agus ár ar an bpobal seachas a gcúinsí saoil a fheabhsú, dream a chaith na múrtha airgid ar roicéid agus ar thógáil na dtollán seachas aon ní fiúntach a dhéanamh ar son na ngnáthdhaoine.

    D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a scaoileadh saor agus trína gcuid airm a thabhairt suas. Dá bhrí sin, is iadsan is mó is cúis le fulaingt agus cruatan mhuintir Gaza faoi láthair. Ach tá léirithe acu arís is arís eile gur cuma leo dáiríre faoi phobal Gaza – tá fuath chomh mór sin acu do na Giúdaigh gur fearr leo ár agus scrios a tharraingt ar a bpobal féin seachas ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin ina stát féin ar leac a ndorais. Is grúpa é Hamas atá ag iarraidh na hIosraelaigh go léir a dhíothú agus ní dhéanann siad idirdhealú idir Giúdaigh agus Iosraelaigh i gcoimhlint an Mheánoirthir – tá siad ag iarraidh na Siónaigh/Giúdaigh ar fad in Iosrael a chur de dhroim an tsaoil. Bhí sceimhlitheoirí Hamas an-bhródúil as ‘Giúdaigh’ a mharú ar an 7ú Deireadh Fómhair (rud is léir ó ghlaonna gutháin a rinne na sceimhlitheoirí ar a muintir agus ó na físeáin a ghlac siad féin ar a ngníomhartha barbartha).

    Maidir leis an líomhaint go bhfuil Iosrael ‘ag cruthú gorta d’aon ghnó’, tá sin bréagach. Le tamall anuas, níl aon easpa soláthairtí bia agus leighis ann ach go minic níl ag éirí leo na soláthairtí a chur chomh fada le muintir Gaza. An phríomhchúis leis sin ná Hamas agus ISIS a bheith ag creachadh na leoraithe cúnaimh (tá ISIS fós gníomhach i bhfásach Sinai agus caithfidh cuid mhaith de na leoraithe a mbealach a dhéanamh ón Éigipt tríd an bhfásach céanna) agus moilleanna rófhada (is gá seiceálacha diana a dhéanamh ar na leoraithe toisc go bhfuil eagla ar Iosrael go ndéanfaí airm a smuigleáil isteach).

    D’fhéadfainn freagra a thabhairt ar go leor den mhífhaisnéis sna freagraí eile ach cén fáth gur gá domsa, léitheoir fánach a fhágann nótaí tráchta, an méid sin a dhéanamh? Cén fáth nach bhfuil Tuairisc.ie ag tabhairt comhthéacs agus ag déanamh plé stuama, tomhaiste ar na ceisteanna seo faoi mar ba chóir do shuíomh nuachta stát-mhaoinithe atá in ainm agus an dá thaobh a thabhairt ar gach scéal agus eolas cruinn oibiachtúil neamhchlaonta a chur ar fáil? Seachas sin tá meon an ghníomhaí ar son na Palaistíne ag an suíomh agus tuairisciú roghnach á dhéanamh ar scéalta a thacaíonn leis an dearcadh idé-eolaíoch atá ag na heagarthóirí.

    Feicim sna freagraí a fhaighim sna tráchtanna ar an suíomh seo go mbaintear úsáid as argóintí an chlóis scoile (tugtar ‘bolscaire de chuid Iosrael’ orm nó deirtear ‘nach gcreideann éinne a leithéid sin ach tusa, a Chriostóir’). Léiriú é sin ar mheon beag-intinneach na léitheoirí. An meon atá ann sna tráchtanna thuas ná ‘cad is fiú cluas éisteachta a thabhairt do na hIosraelaigh (nó do na Giúdaigh fiú), nach dúnmharfóirí páistí iad uile?’. Más aon léiriú iad na tráchtanna thuas ar mheon mhuintir na hÉireann, tuigim cén fáth ar dhún Iosrael an ambasáid. Ní bhacfaidh mé féin le tuilleadh tráchtanna a scríobh anseo mar is troid i gcoinne leathfhíricí agus biogóideachta atá mé. Beidh eagarthóirí agus scríbhneoirí an tsuímh seo sásta nach gá dóibh cur suas le duine nach dtacaíonn lena ndearcadh féin ar an gcoimhlint agus beidh siad saor chun Iosrael a dhamnú seachtain i ndiaidh seachtaine. Go n-éirí libh.