Na 10 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2024…

Is í an Nollaig biaiste na litríochta agus tá rogha mhór roimh léitheoirí fásta Gaeilge. Seo iad na deich leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóir i mbliana

Na 10 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2024…

  1. Crainn agus Toir, Máirín Uí Chonchubhair, Dingle Publishing, €85

Ó bhí muid cuibhrithe in aimsir na paindéime tá spéis nua as an bpíosa á cur againn sa dúlra mórthimpeall orainn. Léiríonn an obair a dhéanann Seathrún Ó Tuairisg ar an suíomh Flóra Chois Fharraige cén t-éileamh áitiúil a bhíonn ar eolas faoi luibheanna agus bláthanna. Tá fios fátha agus faisnéis chéadach maidir le crainn agus toir sa leabhar éachtach seo. Toradh ar obair Mháirín Uí Chonchubhair ar feadh na mblianta móra fada agus a shliocht ar na grianghraif, na léaráidí agus na míreanna seanchais a thugann léargas domhain dúinn in imeacht 700 leathanach ar thábhacht na bithéagsúlachta atá in aice láimhe. Ní hiontas gur bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an saothar agus ar scáth an eolais atá sa leabhar is margadh ceart é ar €85.

  1. An Ghluaiseacht, Rónán Mac Con Iomaire, Cló Iar-Chonnacht, €20

An té a raibh tóir aige ar fhréamhacha Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go dtí seo bhí dúshlán roimhe. Bhí gnéithe den scéal le fáil in Dún Chaoin: Oscail an Scoil, sárshaothar a scríobh Colm Ó Snodaigh, agus ba é ‘Pobal ar Aire’ an tsraith raidió le Tomás Mac Con Iomaire an fhoinse ba chuimsithí ar fad go dtí seo. Tá cuntas ardchumasach, spéisiúil curtha ar fáil ag Rónán Mac Con Iomaire ar scéal na gluaiseachta bunaithe ar agallaimh, grianghraif agus ábhar luachmhar cartlainne a bhí i seilbh phearsaí móra na gluaiseachta féin. Ceanglaítear snáitheanna an tseanchais agus na hanailíse go stuama i bprós ropanta soiléir agus léargas úrnua ar stair na hiriseoireachta agus na clódóireachta i gConamara ann freisin. An-fhoilseachán go deo.

  1. Bódléar, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac, €18

Úrscéal gairid é seo atá suite lámh le glaschuanta, cladaí agus mámanna sléibhe Chonamara san 19ú haois. Socraíonn Beartla, nó Bódléar mar a thugtar air ina chulaith nua mar fhile fírinneach, cúl a thabhairt don bhréag agus leagan ar an bhfilíocht nua, cineál filíochta nach mbíonn tóir ná sásamh ag mórán daoine air ar an mBaile Beag. Baineann na bréaga leis an bhfilíocht pholaitiúil a bhí á cumadh i gCromadh an Subhachais ag filí na Máighe, lucht na mbarántas sa Tír Mhuimhneach, i ndeireadh an 18ú haois agus tús an 19ú haois. Cuireann an fháthscéalaíocht ar acmhainn an scríbhneora ceisteanna maidir le tábhacht an chultúir agus seachadadh na litríochta a thabhairt go barr uisce. Agus is é buaic an tsaothair réim is rithim an phróis ann.

  1. Rince Aeir, Caitríona Ní Chléirchín, Éabhlóid, €15

Cuireann Ní Chléirchín gaoth leictreach faoin uile chineál caidrimh sa gcnuasach seo. Amuigh faoin spéir a chastar cumha agus cuimhne orainn go cumhachtach in ‘Crainn Silíní’ agus ligtear do shioscadh an tsaoil agus rithim na beatha teacht chun cinn in ‘An Gairdín Folamh’. Tá breis is leathchéad dán ar fad sa gcnuasach agus léargais iontu ar chríocha an chroí agus ceantair theorainneacha eile in Ultaibh. In ‘Tost’ tráchtar ar ‘scéalta gan insint, cód tosta omerta’ ach pléitear cultúr, náisiún agus pobal ós ard, go grástúil agus go diongbháilte sa tsraith dánta a thagann ina dhiaidh. Siúltar i ngleann na gile sa salm grá ‘En ti la tierra’ – teideal a roinntear le dán cáiliúil Pablo Neruda – ar ceiliúradh ar aoibhneas colainne agus cumainn in éineacht é.

  1. An Bhlaosc sa mBois, Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, €10

Sampla é an t-úrscéal gairid seo ar chumadóireacht a bhéarfaidh greim ort ón tús agus nach scaoilfidh leat nó go mbeadh ceann scríbe sroichte agat. Is é scéal leanaí Thuama a chorraíonn croí agus anam Mhichíl, fear ceithre scór bliain d’aois. Bronntar blaosc a dheirfíre air. Bhásaigh sí san áras máithreacha agus leanaí i dTuaim agus gan í ach cúig bliana d’aois nó mar sin. Socraíonn Micheál ar fhód an dúchais a léiriú di agus tugtar ar aistear trí scailpeanna, garranta agus carraigeacha cois caoláire muid. Scéal comhaimseartha é seo a shaothraíonn an dinnseanchas go samhlaíoch cruthaitheach ach a théann go tréan faoin gcroí. Tá an scríbhneoireacht ar fheabhas ann.

  1. Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna? agus dánta eile, Louis de Paor, Éabhlóid, €15

Ní mhúchtar riamh an tine i bhfilíocht Louis de Paor. Racht an toradh a bhíonn ar fheillbheart ach tá géire mheáite neamhthrócaireach ar an gceist bharainneach a chuirtear i dteideal an chnuasaigh. Ní ligtear orlach le córais agus luachanna polaitiúla a loic ar bhean an mhisnigh ach baineann liodán fiosruithe fileata macallaí as an traidisiún agus siar asainne léitheoirí ar leor linne ‘alltacht shibhialta is uafás srianta mar chúiteamh is mar éiric i mbás mná.’ Is le díograis phaiteanta a thugtar ómós do Liam Ó Muirthile sna dánta ‘Allagar na Sinsear’ agus ‘An Paróiste Theas’ mar a bhfuil Corcaigh mar thobar intleachta go smior freisin ann. Éachtaint bhreá ar choraíocht an fhile leis an gcumadóireacht féin atá sa dán ‘Ag obair sa bhaile’ chomh maith. Cnuasach é arbh fhiú a léamh arís agus arís eile.

  1. Glórtha an Tráthnóna, Natalia Ginzburg (Aistritheoir: Máire Nic Mhaoláin), Éabhlóid, €15

Imeachtaí i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile i dtrátha an Dara Cogadh is bun leis an úrscéal gairid seo a foilsíodh den chéad uair in 1961. Léitear i gcónaí é mar baineann an scéal leis an gceansú sóisialta i gcomhthionól fuinniúil fuinte ar bith. Tá struchtúr tarraingteach ar an gcaoi a gcuireann bean óg inste an scéil, Elsa, carachtair an bhaile inár láthair. Ligtear dúinn aithne a chur orthu gona gcuid suáilcí agus duáilcí a bhuíochas de thuin na cúlchainte ar an insint. Filltear ar chás Elsa féin i dtreo dheireadh an úrscéil ach tuiscint níos fearr againn ar pharúil an phobail ina maireann sí: dinimicí comhluadair, coimhlintí idé-eolaíocha, athruithe sóisialta. Meallfaidh loime stíle an aistriúcháin thú an leabhar a chríochnú d’aon iarraidh amháin.

  1. Mná, Daithí Ó Muirí, Cló Iar-Chonnacht, €10

Seacht gcinn de scéalta atá sa mbailiúchán seo agus mná mar bhunsraith leo go léir ar bhealaí difriúla. Ceann de bhuanna Uí Mhuirí mar scríbhneoir ná an insint shocair. Níl aon lorg den tsiollaireacht ná den bhladhmann sa stíl. Oiread na fríde. Casann na gearrscéalta seo ar an gcaoi a mbaintear bonn de na tnútháin agus seanchleachtadh againn ar scripteáil sheanchaite Hollywood agus Netflix. Léiríonn suíomh agus carachtair an scéil ‘Maria’ cé mar is féidir tróip a chur de dhroim seoil agus malairt slí a chur ar léitheoirí go cliste agus gan choinne. Ainneoin gothaí an osréalachais a bheith ar an scéal ‘Sna Mná’ ní léimtear chomh fada sin ón bhfírinne shearbh riamh. Ní stangadh gáifeach an sprioc in am ar bith ach ceistiú scrupallach faoi chló na dea-scríbhneoireachta.

  1. Old Friends, Aifric Mac Aodha, Gallery Press, €12/€19

Ó bhí Martial ag cleachtadh a cheirde in aimsir na nImpirí sa Róimh fadó ba dheacair teacht ar fhile atá chomh hoilte ar bhurdúin a scríobh a bhfuil faobhar speile ar an intinn agus ar an teanga iontu. A leithéid seo mar shampla:

‘Embrace the Chaos’

Mo dhuine sa tatúlann

ar thóir an leagain Ghaeilge:

tá ionainn cur leis an bpian

ach an ghontacht a thréigean.

Tá stuaim sna dánta fada freisin agus baintear filleadh agus fiaradh as an uile fhocal i dtreo cuspóirí cumadóireachta nach léir i gcónaí ar an gcéad léamh. Bíonn toradh ar stiléireacht mhall mar sin féin agus eiseamláir é ‘Cuain an Eirc Luachra’ den dlús samhlaoidí agus fíodóireachta teanga arb iad saintréithe fhilíocht Mhic Aodha iad. Tá brabach breise ar aistriúcháin Bhéarla David Wheatley freisin.

  1. Tír Bheag, Gaël Faye (Aistritheoir: Antain Mac Lochlainn), Barzaz, €15

Is í an Bhurúin i dtús na 1990idí tír bheag an teidil. Is é Gaby a roinneann léargas gasúir 11 bhliain d’aois linn i dtús an leabhair agus cloistear a ghlór mar fhear fásta 33 bliain d’aois i bPáras chomh maith. Mínítear dó bunús na coimhlinte sa mBurúin agus Ruanda mar chogadh idir dhá threibh ‘nach ionann srón dóibh.’ Tagann an urchóid in áit shoineantacht na cuimhne de réir mar a ghéaraíonn ar an teannas idir na Tútsaithe agus na Hútúigh. Iompraíonn an scéalaíocht an stair phearsanta agus pholaitiúil go healaíonta le go dtuigfí scála agus leithead an tsléachta idir 1993 agus 1995 go háirithe. Éiríonn thar barr leis an aistriúchán Gaeilge teannadh a chur le machnamh agus dianscagadh féiniúlachta Gaby.

Fág freagra ar 'Na 10 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2024…'

  • Gearóid

    Níl ach leabhar amháin i mo thuairim a chara, An Cairdeagan Buí le Art Hughes.

    Cé go bhfuil sé rud beag deacair a léamh, maidir leis an ghramadach, caithfidh mé a rá go bhfuil a lán frásaí úsáideacha ann agus mise ag foghlaim na Gaeilge i mBéal Feirste.

    Mholfainn an leabhar seo do ghach mac léinn agus tá comhairle do léitheoirí agam, tóg go bog é leis an leabhar seo, b’fhéidir cúpla leathanach gach maidin agus ansin léigh arís iad.